Gelex

Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

In forceVersion 2009-03-11from 2009-04-20
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2009/217@2009-03-11/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 2
  3. 1.
  4. Airteagal 6
  5. Airteagal 7
  6. Airteagal 8
  7. ANNEX
  8. IARSCRÍBHINN I LIOSTA NA SPEICEAS A TUAIRISCÍODH SA STAIDREAMH AR GHABHÁIL TRÁCHTÁLA SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH
  9. IARSCRÍBHINN II LIMISTÉIR IASCAIREACHTA STAIDRIMH AN ATLANTAIGH THIAR THUAIDH A BHFUIL SONRAÍ LE TÍOLACADH INA LEITH
  10. Limistéir iascaireachta staidrimh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
  11. IARSCRÍBHINN III TUAIRISC AR FHOLIMISTÉIR AGUS AR RANNA NAFO ARNA N-ÚSÁID CHUN CRÍOCHA STAIDRIMH AGUS RIALACHÁN IASCAIGH SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH
  12. Folimistéar 0
  13. Folimistéar 1
  14. Folimistéar 2
  15. Folimistéar 3
  16. Folimistéar 4
  17. Folimistéar 5
  18. Folimistéar 6
  19. IARSCRÍBHINN IV SAINMHÍNITHE AGUS CÓDÚ ATÁ LE hÚSÁID AGUS SONRAÍ AR GHABHÁLACHA Á dTÍOLACADH
  20. (B)
  21. Catagóir A
  22. Catagóir B
  23. Catagóir C
  24. IARSCRÍBHINN V FORMÁID CHUN SONRAÍ A THÍOLACADH AR MHEÁIN MHAIGHNÉADACHA
  25. (B) Nótaí
  26. IARSCRÍBHINN VI FORMÁID CHUN SONRAÍ A THÍOLACADH AR MHEÁIN MHAIGHNÉADACHA
  27. A.
  28. B.
  29. IARSCRÍBHINN VII An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air
  30. IARSCRÍBHINN VIII Tábla comhghaoil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1993 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, is ceart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht..

(2) Leis an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh arna fhormheas le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle agus lena mbunaítear Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO), ceanglaítear ar an gComhphobal aon fhaisnéis staidrimh agus eolaíoch atá ar fáil agus a iarrann Comhairle Eolaíoch NAFO i bhfeidhmiú a cuid oibre a sholáthar don Chomhairle Eolaíoch sin.

(3) Tá sé sainaitheanta ag Comhairle Eolaíoch NAFO go bhfuil staidreamh tráthúil ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht riachtanach do chur i gcrích a cuid oibre maidir le meastóireacht a dhéanamh ar staid na stoc éisc san Atlantach Thiar Thuaidh.

(4) Tá sé iarrtha ag roinnt Ballstát na sonraí a thíolacadh i bhfoirm, nó trí mheán, atá éagsúil leis an bhformáid sin a shonraítear in Iarscríbhinn V (agus atá comhionann le ceistneoirí Statlant).

(5) Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún.

(6) Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún oiriúnú a dhéanamh ar liostaí na speiceas agus na réigiún iascaireachta staidrimh, ar na tuairiscí ar na réigiúin sin, agus ar na bearta, ar na cóid agus ar na sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna na soithí agus modhanna iascaireachta. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Déanfaidh gach Ballstát sonraí ar na gabhálacha arna ndéanamh ag soithí atá cláraithe sa Bhallstát sin nó a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, agus atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ag féachaint go cuí do Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 an 11 Meitheamh 1990 ón gComhairle maidir le tarchur sonraí faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach. Áireofar sna sonraí ar na gabhálacha ainmniúla na táirgí iascaigh go léir a chuirtear i dtír nó a thrasloingsítear ar muir is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad ach ní áireofar iontu na cainníochtaí sin arb é a dhéantar ina leith, tar éis iad a ghabháil, ná iad a chaitheamh i leataobh ar muir, iad a thomhailt ar bord nó iad a úsáid mar bhaoite ar bord. Eisiafar táirgeadh ó dhobharshaothrú. Déanfar taifeadadh ar na sonraí i bhfoirm choibhéis bheomheáchain na ngabhálacha nó na dtrasloingsithe, go dtí an tona is gaire.

Airteagal 2

1. Beidh dhá chineál sonraí le cur faoi bhráid an Choimisiúin:

1.

(a) na gabhálacha bliantúla ainmniúla, arna sloinneadh i gcoibhéis bheomheáchain na ngabhálacha i dtonaí, do gach ceann de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I i ngach ceann de na réigiúin iascaireachta staidrimh san Atlantach Thiar Thuaidh atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus sainmhínithe in Iarscríbhinn III;

(b) na gabhálacha arna sonrú faoi phointe (a) agus an ghníomhaíocht iascaireachta a fhreagraíonn dóibh, arna bhforoinnt de réir mhí féilire na gabhála, trealaimh iascaireachta, mhéid an tsoithigh agus an phríomhspeicis a lorgaítear.

2. Déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine sa bhliain i ndiaidh na bliana tagartha agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirm réamhshonraí. Déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Lúnasa sa bhliain i ndiaidh na bliana tagartha agus ní mór iad a bheith i bhfoirm sonraí críochnaitheacha. Maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm réamhshonraí, ba cheart iad a shainaithint go soiléir mar shonraí den sórt sin. Ní gá sonraí a thíolacadh maidir le comhcheangail sonraí réigiún iascaireachta/speiceas i gcás nár taifeadadh aon ghabhálacha ina leith sa tréimhse thagartha a bhaineann leis an tíolacadh. I gcás nach mbeidh iascaireacht ar bith déanta ag an mBallstát lena mbaineann san Atlantach Thiar Thuaidh sa bhliain féilire roimhe sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Bealtaine sa bhliain ina dhiaidh sin.

3. Maidir leis na sainmhínithe agus na cóid atá le húsáid agus an fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, modh iascaireachta agus méid an tsoithigh á thíolacadh, tugtar iad in Iarscríbhinn IV.

4. Féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar liostaí na speiceas agus na réigiún iascaireachta staidrimh agus ar na tuairiscí ar na réigiúin sin, mar aon leis na bearta, na cóid agus na sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna na soithí agus modhanna iascaireachta. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 3 Ach amháin mar a n-ordaítear a mhalairt le forálacha a glacadh faoin gcomhbheartas iascaigh, ceadófar do Bhallstát teicníochtaí samplála a úsáid chun sonraí ar ghabháil a dhíorthú le haghaidh na gcodanna sin den loingeas iascaireachta a mbeadh gá barraíocht nósanna imeachta riaracháin a ghlacadh ina leith chun iomlán na sonraí a fháil. Ní mór don Bhallstát mionsonraí ar na nósanna imeachta samplála, mar aon le mionsonraí ar an méid sonraí as na sonraí iomlána a díorthaíodh trí theicníochtaí den sórt sin, a áireamh sa tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 7(1).

Airteagal 4 Comhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí i leith an Choimisiúin de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 2 trí na sonraí a chur faoina bhráid san fhormáid a thaispeántar in Iarscríbhinn V. Féadfaidh na Ballstáit sonraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin san fhormáid a dtugtar mionsonraí ina leith in Iarscríbhinn VI. Ach formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit sonraí a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm dhifriúil nó ar mheán difriúil.

Airteagal 5 Laistigh de 24 huaire an chloig ó na tuarascálacha a fháil, déanfaidh an Coimisiún, aon uair is féidir, an fhaisnéis atá iontu a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

Airteagal 6

1. Tabharfaidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta arna chur ar bun le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle, dá ngairtear an Coiste anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 7

1. Faoin 28 Iúil 1994 cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh tuairisc ar conas a dhíorthaítear na sonraí ar ghabhálacha agus ar ghníomhaíocht iascaireachta agus ina sonrófar cé chomh hionadaíoch agus chomh hiontaofa is atá na sonraí sin. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na tuarascálacha sin a tharraingt suas i gcomhar leis na Ballstáit.

2. Déanfaidh na Ballstáit aon mhodhnuithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ón tráth a dtabharfar isteach na modhnuithe sin.

3. Déanfar na tuarascálacha ar mhodheolaíochtaí, ar infhaighteacht sonraí agus ar iontaofacht sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus saincheisteanna ábhartha eile a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a scrúdú uair sa bhliain laistigh den Ghrúpa Oibre inniúil de chuid an Choiste.

Airteagal 8

1. Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93.

2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 9 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2009. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán H.-G Pöttering Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. Vondra

ANNEX

IARSCRÍBHINN I LIOSTA NA SPEICEAS A TUAIRISCÍODH SA STAIDREAMH AR GHABHÁIL TRÁCHTÁLA SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH

Ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar ghabhálacha ainmniúla na speiceas sin a bhfuil réiltín(*) ag gabháil leo. Tá an tuairisc ar ghabhálacha ainmniúla na speiceas eile roghnach a mhéid a bhaineann le sainaithint na speiceas leithleach. I gcás nach gcuirtear sonraí a bhaineann leis na speicis leithleacha faoi bhráid an Choimisiúin, áfach, áireofar na sonraí sin i gcatagóirí comhiomlána. Féadfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le speicis nach bhfuil ar an liosta a thíolacadh ar choinníoll go bhfuil na speicis sainaitheanta go soiléir. Nóta: is iad n.s.a. agus n.e.i. na giorrúcháin le haghaidh ní shainaithnítear in aon áit eile agus not elsewhere identified faoi seach. Ainm Gaeilge Aitheantóir 3-alfa Ainm eolaíochta Ainm Béarla ÉISC GHRINNILL Trosc an Atlantaigh COD (*) Gadus morhua Atlantic cod Cadóg HAD (*) Melanogrammus aeglefinus Haddock Péirsí mara an Atlantaigh n.s.a. RED (*) Sebastes spp. Atlantic redfishes n.e.i. Colmóir airgid HKS (*) Merluccius bilinearis Silver hake Colmóir dearg HKR (*) Urophycis chuss Red hake Glasán (=mangach) POK (*) Pollachius virens Saithe (= pollock) Péirse mhara REG (*) Sebastes marinus Golden redfish Péirse dhomhainmhara REB (*) Sebastes mentella Beaked redfish Daba gorm PLA (*) Hippoglossoides platessoides American plaice (L. R. dab) Leathóg bhán WIT Glyptocephalus cynoglossus Witch flounder Leadhbóg earrbhuí YEL (*) Pleuronectes ferruginea Yellowtail flounder Haileabó Graonlannach GHL (*) Reinhardtius hippoglossoides Greenland halibut Haileabó an Atlantaigh HAL (*) Hippoglossus hippoglossus Atlantic halibut Leith gheimhridh Mheiriceánach FLW (*) Pseudopleuronectes americanus Winter flounder Leith shamhraidh Mheiriceánach FLS (*) Paralichthys dentatus Summer flounder Turbard Cheanada FLD (*) Scophthalmus aquosus Windowpane flounder Leathóga n.s.a. FLX Pleuronectiformes Flatfishes n.e.i. Láimhíneach Meiriceánach ANG (*) Lophius americanus American angler Cnúdáin an Atlantaigh SRA Prionotus spp. Atlantic searobins Tomcod an Atlantaigh TOM Microgadus tomcod Atlantic tomcod Antimora gorm ANT Antimora rostrata Blue antimora Faoitín gorm WHB Micromesistius poutassou Blue whiting (= poutassou) Péirse ghorm Mheiriceánach CUN Tautogolabrus adspersus Cunner Torsca USK Brosme brosme Cusk (= tusk) Trosc Graonlannach GRC Gadus ogac Greenland cod Langa gorm BLI Molva dipterygia Blue ling Langa LIN (*) Molva molva Ling Léasán leice LUM (*) Cyclopterus lumpus Lumpfish (= lumpsucker) Rí-iasc an Tuaiscirt KGF Menticirrhus saxatilis Northern kingfish Iasc bolgach Mheiriceá Thuaidh PUF Sphoeroides maculatus Northern puffer Puteascanna n.s.a. ELZ Lycodes spp. Eelpouts n.e.i. Puteascann Mheiriceánach OPT Zoarces americanus Ocean pout Trosc Artach POC Boreogadus saida Polar cod Gránadóir cruinnsocach RNG Coryphaenoides rupestris Roundnose grenadier Gránadóir berglax RHG Macrourus berglax Roughhead grenadier Corra gainimh SAN Ammodytes spp. Sandeels (= sand lances) Myoxocephalus spp. n.s.a. SCU Myoxocephalus spp. Sculpins n.e.i. Stenotomus chrysops SCP Stenotomus chrysops Scup Tautoga TAU Tautoga onitis Tautog Lopholatilus chamaeleonticeps TIL Lopholatilus chamaeleonticeps Tilefish Colmóir geal HKW (*) Urophycis tenuis White hake Cait mhara n.s.a. CAT (*) Anarhichas spp. Wolf-fishes n.e.i. Cat mara an Atlantaigh CAA (*) Anarhichas lupus Atlantic wolf-fish Cat beag mara CAS (*) Anarhichas minor Spotted wolf-fish Éisc ghrinnill n.s.a. GRO Osteichthyes Groundfishes n.e.i. ÉISC PHEILIGEACHA Scadán an Atlantaigh HER (*) Clupea harengus Atlantic herring Ronnach an Atlantaigh MAC (*) Scomber scombrus Atlantic mackerel Sleamhnóg an Atlantaigh BUT Peprilus triacanthus Atlantic butterfish Menhaden an Atlantaigh MHA (*) Brevoortia tyrannus Atlantic menhaden Preabaire an Atlantaigh SAU Scomberesox saurus Atlantic saury Ainseabhaí Meiriceánach ANB Anchoa mitchilli Bay anchovy Sclamhaire gorm BLU Pomatomus saltatrix Bluefish Bolmán CVJ Caranx hippos Crevalle Jack Tuinnín frigéid FRI Auxis thazard Frigate tuna Rí-Ronnach KGM Scomberomorus cavalla King mackerel Ronnach buí an Atlantaigh SSM (*) Scomberomorus maculatus Atlantic Spanish mackerel Colgán na ndealg SAI Istiophorus albicans Sailfish Mairlín geal an Atlantaigh WHM Tetrapturus albidus White marlin Mairlín gorm an Atlantaigh BUM Makaira nigricans Blue marlin Colgán SWO Xiphias gladius Swordfish Tuinnín colgach ALB Thunnus alalunga Albacore tuna Boiníotó an Atlantaigh BON Sarda sarda Atlantic bonito Tuinnín bán LTA Euthynnus alletteratus Little tunny Tuinnín mórshúileach BET Thunnus obesus Bigeye tuna Tuinnín gorm BFT Thunnus thynnus Northern bluefish tuna Tuinnín SKJ Katsuwonus pelamis Skipjack tuna Tuinnín buí YFT Thunnus albacares Yellowfin tuna Tuinníní n.s.a. TUN Thunnini Tunas n.e.i. Éisc pheiligeacha n.s.a. PEL Osteichthyes Pelagic fishes n.e.i. ÉISC EITE EILE Sead bhréagscadáin ALE Alosa pseudoharengus Alewife Bolmáin ómra n.s.a. AMX Seriola spp. Amberjacks n.e.i. Eascann mhara COA Conger oceanicus American conger Eascann Mheiriceánach ELA Anguilla rostrata American eel Sead Mheiriceánach SHA Alosa sapidissima American shad Airgintínigh n.s.a. ARG Argentina spp. Argentines n.e.i. Grágaire an Atlantaigh CKA Micropogonias undulatus Atlantic croaker Bior-iasc an Atlantaigh NFA Strongylura marina Atlantic needlefish Snáthscadán an Atlantaigh THA Opisthonema oglinum Atlantic thread herring Ceann sleamhain Baird ALC Alepocephalus bairdii Baird's slickhead Grágaire dubh BDM Pogonias cromis Black drum Doingean mara Meiriceánach BSB Centropristis striata Black sea bass Sead ghorm BBH Alosa aestivalis Blueback herring Caibeallán CAP (*) Mallotus villosus Capelin Ruabhric n.s.a. CHR Salvelinus spp. Char n.e.i. Cóibia CBA Rachycentron canadum Cobia Pampanó coiteann (=Florida) POM Trachinotus carolinus Common (= Florida) pompano Sead eagaoise SHG Dorosoma cepedianum Gizzard shad Gramhsairí n.s.a. GRX Haemulidae Grunts n.e.i. Sead hicearaí SHH Alosa mediocris Hickory shad Iasc laindéir LAX Notoscopelus spp. Lanternfish Milléid n.s.a. MUL Mugilidae Mullets n.e.i. Iasc fómhair an Atlantaigh Thuaidh HVF Peprilus alepidotus North Atlantic harvestfish Iasc muice PIG Orthopristis chrysoptera Pigfish Smealt dea-dhathach SMR Osmerus mordax Rainbow smelt Grágaire dearg RDM Sciaenops ocellatus Red drum Garbhánach pargo RPG Pagrus pagrus Red porgy Bolmán garbh RSC Trachurus lathami Rough shad Péirse ghainimh PES Diplectrum formosum Sand perch Garbhánach ceann caorach SPH Archosargus probatocephalus Sheepshead Grágaire ballach SPT Leiostomus xanthurus Spot croaker Lagiasc riabhach SWF Cynoscion nebulosus Spotted weakfish Lagiasc liath Meiriceánach STG Cynoscion regalis Squeteague Doingean riabhach STB Morone saxatilis Striped bass Bradáin fhearna n.s.a. STU Acipenseridae Sturgeons n.e.i. Tarpán an Atlantaigh TAR Megalops atlanticus Tarpon Bric n.s.a. TRO Salmo spp. Trout n.e.i. Péirse gheal PEW Morone americana White perch Alfainsíní ALF Beryx spp. Alfonsinos Fíogach gobach DGS (*) Squalus acanthias Spiny (= picked) dogfish Fíogaigh n.s.a. DGX (*) Squalidae Dogfishes n.e.i. Craosaire POR (*) Lamna nasus Porbeagle Siorcanna móra n.s.a. SHX Squaliformes Large sharks n.e.i. Mácó biorshrónach SMA Isurus oxyrinchus Shortfin mako shark Siorc biorshrónach an Atlantaigh RHT Rhizoprionodon terraenovae Atlantic sharpnose shark Fíogach dubh CFB Centroscyllium fabricii Black dogfish Siorc beagcheannach GSK Somniosus microcephalus Boreal (Greenland) shark Liamhán gréine BSK Cetorhinus maximus Basking shark Roc beag RJD Leucoraja erinacea Little skate Roc mór Mheiriceá Thuaidh RJL Dipturus laevis Barndoor skate Roc an gheimhridh RJT Leucoraja ocellata Winter skate Roc réaltach RJR Amblyraja radiata Thorny skate Roc mín RJS Malacoraja senta Smooth skate Roc earrspíonach RJQ Bathyraja spinicauda Spinytail (spinetail) skate Roc Artach RJG Amblyraja hyperborea Arctic skate Roic n.s.a. SKA (*) Raja spp. Skates n.e.i. Éisc eite n.s.a. FIN Osteichthyes Finfishes n.e.i. INVEIRTEABRAIGH Máthair shúigh fhada SQL (*) Loligo pealeii Long-finned squid Máthair shúigh ghearr SQI (*) Illex illecebrosus Short-finned squid Máithreacha súigh n.s.a. SQU (*) Loliginidae, Ommastrephidae Squids n.e.i. Scian mhara an Atlantaigh CLR Ensis directus Atlantic razor clam Breallach crua CLH Mercenaria mercenaria Hard clam Breallach quahog CLQ Arctica islandica Ocean quahog Breallach gainimh CLS Mya arenaria Soft clam Dlúthshliogán trach CLB Spisula solidissima Surf clam Breallaigh n.s.a. CLX Bivalvia Clams n.e.i. Muirín cuain an Atlantaigh SCB Argopecten irradians Bay scallop Muirín caileacó SCC Argopecten gibbus Calico scallop Muirín Íoslannach ISC Chlamys islandica Icelandic scallop Muirín mara SCA Placopecten magellanicus Sea scallop Muiríní n.s.a. SCX Pectinidae Scallops n.e.i. Cuasoisre Meiriceánach OYA Crassostrea virginica American cupped oyster Diúilicín gorm MUS Mytilus edulis Blue mussel Cuachmaí n.s.a. WHX Busycon spp. Whelks n.e.i. Faochain n.s.a. PER Littorina spp. Periwinkles n.e.i. Moilisc n.s.a. MOL Mollusca Marine molluscs n.e.i. Portán carraige Mheiriceá Thuaidh CRK Cancer irroratus Atlantic rock crab Portán gorm CRB Callinectes sapidus Blue crab Portán glas CRG Carcinus maenas Green crab Portán Ióna Meiriceánach CRJ Cancer borealis Jonah crab Portán sneachta CRQ Chionoecetes opilio Queen crab Portán dearg CRR Geryon quinquedens Red crab Portán na gcloch KCT Lithodes maja Stone king crab Portáin mhara n.s.a. CRA Brachyura Marine crabs n.e.i. Gliomach Meiriceánach LBA Homarus americanus American lobster Ribe róibéis tuaisceartach PRA (*) Pandalus borealis Northern prawn Cloicheán Aesop AES Pandalus montagui Aesop shrimp Cloicheáin Penaeus n.s.a. PEN (*) Penaeus spp. Penaeus shrimps n.e.i. Séaclaí bándearga PAN (*) Pandalus spp. Pink (= pandalid) shrimps Crústaigh mhara n.s.a. CRU Crustacea Marine crustaceans n.e.i. Cuán mara URC Strongylocentrotus spp. Sea urchin Péisteanna mara n.s.a. WOR Polychaeta Marine worms n.e.i. Portán crúbach Meiriceánach HSC Limulus polyphemus Horseshoe crab Inveirteabraigh mhara n.s.a. INV Invertebrata Marine invertebrates n.e.i. FEAMAINN Feamainn rua SWB Phaeophyceae Brown seaweeds Feamainn dhearg SWR Rhodophyceae Red seaweeds Feamainn n.s.a. SWX Algae Seaweeds n.e.i. RÓNTA Rón Graonlannach SEH Pagophilus groenlandicus Harp seal Rón cochallach SEZ Cystophora cristata Hooded seal

Roinn 0 A

Roinn 0 B

Roinn 1 A

Roinn 1 B

Roinn 1 C

Roinn 1 D

Roinn 1 E

Roinn 1 F

Roinn 1 NK (níl ar eolas)

Roinn 2 G

Roinn 2 H

Roinn 2 J

Roinn 2 NK (níl ar eolas)

Roinn 3 K

Roinn 3 L

Roinn 3 M

Roinn 3 N

Roinn 3 O

Roinn 3 P

Foroinn 3 P n

Foroinn 3 P s

Roinn 3 NK (níl ar eolas)

Roinn 4 R

Roinn 4 S

Roinn 4 T

Roinn 4 V

Foroinn 4 V n

Foroinn 4 V s

Roinn 4 W

Roinn 4 X

Roinn 4 NK (níl ar eolas)

Roinn 5 Y

Roinn 5 Z

Foroinn 5 Z e

Fo-aonad 5 Z c

Fo-aonad 5 Z u

Foroinn 5 Z w

Roinn 5 NK (níl ar eolas)

Roinn 6 A

Roinn 6 B

Roinn 6 C

Roinn 6 D

Roinn 6 E

Roinn 6 F

Roinn 6 G

Roinn 6 H

Roinn 6 NK (níl ar eolas)

IARSCRÍBHINN II LIMISTÉIR IASCAIREACHTA STAIDRIMH AN ATLANTAIGH THIAR THUAIDH A BHFUIL SONRAÍ LE TÍOLACADH INA LEITH

Limistéir iascaireachta staidrimh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

IARSCRÍBHINN III TUAIRISC AR FHOLIMISTÉIR AGUS AR RANNA NAFO ARNA N-ÚSÁID CHUN CRÍOCHA STAIDRIMH AGUS RIALACHÁN IASCAIGH SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH

Is mar a leanas na folimistéir, na ranna agus na foranna eolaíochta agus staidrimh dá bhforáiltear le hAirteagal XX de Choinbhinsiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh:

Folimistéar 0

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá teorantach ó dheas le líne a shíneann soir díreach ó phointe ag domhanleithead 61o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65o00′ siar go pointe ag domhanleithead 61o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 59o00′ siar, as sin soir ó dheas feadh rumlíne go pointe ag domhanleithead 60o12′ ó thuaidh agus domhanfhad 57o13′ siar; agus as sin teorantach ar an taobh thoir le sraith línte geodasacha a cheanglaíonn na pointí seo a leanas lena chéile: Uimh. an Phointe Domhanleithead Domhanfhad 1 60o12′0 57o13′0 2 61o00′0 57o13′1 3 62o00′5 57o21′1 4 62o02′3 57o21′8 5 62o03′5 57o22′2 6 62o11′5 57o25′4 7 62o47′2 57o41′0 8 63o22′8 57o57′4 9 63o28′6 57o59′7 10 63o35′0 58o02′0 11 63o37′2 58o01′2 12 63o44′1 57o58′8 13 63o50′1 57o57′2 14 63o52′6 57o56′6 15 63o57′4 57o53′5 16 64o04′3 57o49′1 17 64o12′2 57o48′2 18 65o06′0 57o44′1 19 65o08′9 57o43′9 20 65o11′6 57o44′4 21 65o14′5 57o45′1 22 65o18′1 57o45′8 23 65o23′3 57o44′9 24 65o34′8 57o42′3 25 65o37′7 57o41′9 26 65o50′9 57o40′7 27 65o51′7 57o40′6 28 65o57′6 57o40′1 29 66o03′5 57o39′6 30 66o12′9 57o38′2 31 66o18′8 57o37′8 32 66o24′6 57o37′8 33 66o30′3 57o38′3 34 66o36′1 57o39′2 35 66o37′9 57o39′6 36 66o41′8 57o40′6 37 66o49′5 57o43′0 38 67o21′6 57o52′7 39 67o27′3 57o54′9 40 67o28′3 57o55′3 41 67o29′1 57o56′1 42 67o30′7 57o57′8 43 67o35′3 58o02′2 44 67o39′7 58o06′2 45 67o44′2 58o09′9 46 67o56′9 58o19′8 47 68o01′8 58o23′3 48 68o04′3 58o25′0 49 68o06′8 58o26′7 50 68o07′5 58o27′2 51 68o16′1 58o34′1 52 68o21′7 58o39′0 53 68o25′3 58o42′4 54 68o32′9 59o01′8 55 68o34′0 59o04′6 56 68o37′9 59o14′3 57 68o38′0 59o14′6 58 68o56′8 60o02′4 59 69o00′8 60o09′0 60 69o06′8 60o18′5 61 69o10′3 60o23′8 62 69o12′8 60o27′5 63 69o29′4 60o51′6 64 69o49′8 60o58′2 65 69o55′3 60o59′6 66 69o55′8 61o00′0 67 70o01′6 61o04′2 68 70o07′5 61o08′1 69 70o08′8 61o08′8 70 70o13′4 61o10′6 71 70o33′1 61o17′4 72 70o35′6 61o20′6 73 70o48′2 61o37′9 74 70o51′8 61o42′7 75 71o12′1 62o09′1 76 71o18′9 62o17′5 77 71o25′9 62o25′5 78 71o29′4 62o29′3 79 71o31′8 62o32′0 80 71o32′9 62o33′5 81 71o44′7 62o49′6 82 71o47′3 62o53′1 83 71o52′9 63o03′9 84 72o01′7 63o21′1 85 72o06′4 63o30′9 86 72o11′0 63o41′0 87 72o24′8 64o13′2 88 72o30′5 64o26′1 89 72o36′3 64o38′8 90 72o43′7 64o54′3 91 72o45′7 64o58′4 92 72o47′7 65o00′9 93 72o50′8 65o07′6 94 73o18′5 66o08′3 95 73o25′9 66o25′3 96 73o31′1 67o15′1 97 73o36′5 68o05′5 98 73o37′9 68o12′3 99 73o41′7 68o29′4 100 73o46′1 68o48′5 101 73o46′7 68o51′1 102 73o52′3 69o11′3 103 73o57′6 69o31′5 104 74o02′2 69o50′3 105 74o02′6 69o52′0 106 74o06′1 70o06′6 107 74o07′5 70o12′5 108 74o10′0 70o23′1 109 74o12′5 70o33′7 110 74o24′0 71o25′7 111 74o28′6 71o45′8 112 74o44′2 72o53′0 113 74o50′6 73o02′8 114 75o00′0 73o16′3 115 75o05′ 73o30′ agus as sin ó thuaidh díreach chuig parailéal dhomhanleithead 78o10′ ó thuaidh; agus teorantach ar an taobh thiar le líne a thosaíonn ag domhanleithead 61o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65o00′ siar agus a shíneann siar ó thuaidh feadh rumlíne chuig cósta Oileán Baffin ag East Bluff (domhanleithead 61o55′ ó thuaidh agus domhanfhad 66o20′ siar), agus as sin ó thuaidh feadh chósta Oileán Baffin, Oileán Bylot, Oileán Devon agus Oileán Ellesmere agus ag leanúint fhadlíne dhomhanfhad 80o siar sna huiscí idir na hoileáin sin agus domhanleithead 78o10′ ó thuaidh; agus teorantach ó thuaidh le parailéal dhomhanleithead 78o10′ ó thuaidh. Tá folimistéar 0 comhdhéanta de dhá roinn

Roinn 0A An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh.

Roinn 0B An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh

Folimistéar 1

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite soir ó fholimistéar 0 agus ó thuaidh agus soir ó rumlíne a cheanglaíonn pointe ag domhanleithead 60o12′ ó thuaidh agus domhanfhad 57o13′ siar le pointe ag domhanleithead 52o15′ ó thuaidh agus domhanfhad 42o00′ siar. Tá folimistéar 1 comhdhéanta de shé roinn

Roinn 1A An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 68o50′ ó thuaidh (Christianshaab).

Roinn 1B An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh (5 mhuirmhíle ó thuaidh ó Umanarsugssuak) agus parailéal dhomhanleithead 68o50′ ó thuaidh (Christianshaab).

Roinn 1C An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 64o15′ ó thuaidh (4 mhuirmhíle ó thuaidh ó Godthaab) agus parailéal dhomhanleithead 66o15′ ó thuaidh (5 mhuirmhíle ó thuaidh ó Umanarsugssuak).

Roinn 1D An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 62o30′ ó thuaidh (Oighearshruth Frederikshaab) agus parailéal dhomhanleithead 64o15′ ó thuaidh (4 mhuirmhíle ó thuaidh ó Godthaab).

Roinn 1E An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 60o45′ ó thuaidh (Rinn Desolation) agus parailéal dhomhanleithead 62o30′ ó thuaidh (Oighearshruth Frederikshaab).

Roinn 1F An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 60o45′ ó thuaidh (Rinn Desolation).

Folimistéar 2

An chuid sin de Limistéar an Coinbhinsiúin atá suite soir ó fhadlíne dhomhanfhad 64o30′ siar i limistéar Chaolas Hudson, ó dheas ó fholimistéar 0, ó dheas agus siar ó fholimistéar 1 agus ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 52o15′ ó thuaidh. Tá folimistéar 2 comhdhéanta de thrí roinn

Roinn 2G An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 57o40′ ó thuaidh (Rinn Mugford).

Roinn 2H An chuid sin den fholimistéar atá suite idir parailéal dhomhanleithead 55o20′ ó thuaidh (Hopedale) agus parailéal dhomhanleithead 57o40′ ó thuaidh (Rinn Mugford).

Roinn 2J An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 55o20′ ó thuaidh (Hopedale).

Folimistéar 3

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 52o15′ ó thuaidh, agus soir ó líne a shíneann ó thuaidh díreach ó Rinn Bauld ar chósta thuaidh Thalamh an Éisc go dtí domhanleithead 52o15′ ó thuaidh; ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh; agus soir agus ó thuaidh ó rumlíne a thosaíonn ag domhanleithead 39o00′ ó thuaidh, domhanfhad 50o00′ siar agus a shíneann siar ó thuaidh agus a théann trí phointe ag domhanleithead 43o30′ ó thuaidh, domhanfhad 55o00′ siar i dtreo pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar go dtí go dtrasnaíonn sí líne dhíreach a cheanglaíonn Rinn Ray, domhanleithead 47o37,0′ ó thuaidh agus domhanfhad 59o18,0′ siar ar chósta Thalamh an Éisc le Rinn an Tuaiscirt, domhanleithead 47o02,0′ ó thuaidh, domhanfhad 60o25,0′ siar ar Oileán Rinn Breton; as sin soir ó thuaidh feadh na líne sin go Rinn Ray, domhanleithead 47o37,0′ ó thuaidh, domhanfhad 59o18,0′ siar. Tá folimistéar 3 comhdhéanta de shé roinn

Roinn 3K An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 49o15′ ó thuaidh (Rinn Freels, Talamh an Éisc).

Roinn 3L An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Thalamh an Éisc ó Rinn Freels go Rinn St. Mary agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Rinn Freels, as sin soir díreach go dtí fadlíne dhomhanfhad 46o30′ siar, as sin ó dheas díreach chuig parailéal dhomhanleithead 46o00′ ó thuaidh, as sin siar díreach chuig fadlíne dhomhanfhad 54o30′ siar, as sin feadh rumlíne go Rinn St. Mary, Talamh an Éisc.

Roinn 3M An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 49o15′ ó thuaidh agus soir ó fhadlíne dhomhanfhad 46o30′ siar.

Roinn 3N An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 46o00′ ó thuaidh agus idir fadlíne dhomhanfhad 46o30′ siar agus fadlíne dhomhanfhad 51o00′ siar.

Roinn 3O An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 46o00′ ó thuaidh agus idir fadlíne dhomhanfhad 51o00′ siar agus fadlíne dhomhanfhad 54o30′ siar.

Roinn 3P An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó chósta Thalamh an Éisc agus siar ó líne ó Rinn St. Mary, Talamh an Éisc go pointe ag domhanleithead 46o00′ ó thuaidh, domhanfhad 54o30′ siar, as sin ó dheas díreach go teorainn an fholimistéir. Tá Roinn 3P roinnte ina dhá foroinn: 3Pn – foroinn thiar thuaidh – an chuid sin de roinn 3P atá suite siar ó thuaidh ó líne ó dhomhanleithead 47o30,7′ ó thuaidh, domhanfhad 57o43,2′ siar, beagnach siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 46o50,7′ ó thuaidh agus domhanfhad 58o49,0′ siar; 3Ps – foroinn thoir theas – an chuid sin de roinn 3P atá suite soir ó dheas ón líne atá sainmhínithe le haghaidh fhoroinn 3Pn.

Folimistéar 4

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, siar ó fholimistéar 3, agus soir ó líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag foirceann na teorann idirnáisiúnta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada i gCaol Grand Manan, ag pointe ag domhanleithead 44o46′35,346″ ó thuaidh, domhanfhad 66o54′11,253″ siar; as sin ó dheas díreach chuig parailéal dhomhanleithead 43o50′ ó thuaidh; as sin siar díreach go fadlíne dhomhanfhad 67o24′27,24″ siar; as sin feadh líne geodasaí siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 42o53′14″ ó thuaidh agus domhanfhad 67o44′35″ siar; as sin feadh líne geodasaí soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 42o31′08″ ó thuaidh agus domhanfhad 67o28′05″ siar; as sin feadh líne geodasaí go pointe ag domhanleithead 42o20′ ó thuaidh agus domhanfhad 67o18′13,15″ siar; as sin soir díreach go pointe ag domhanfhad 66o00′ siar; as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 42o00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65o40′ siar agus as sin ó dheas díreach chuig parailéal dhomhanleithead 39o00 ó thuaidh. Tá folimistéar 4 comhdhéanta de shé fhoroinn

Roinn 4R An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Thalamh an Éisc ó Rinn Bauld go Rinn Ray agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Rinn Bauld, as sin ó thuaidh díreach chuig parailéal dhomhanleithead 52o15′ ó thuaidh, as sin siar díreach go cósta Labradar, as sin feadh chósta Labradar chomh fada le foirceann na teorann idir Labradar agus Québec, as sin feadh rumlíne siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó dheas díreach go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn teorainn Fholimistéar 3 an líne dhíreach a cheanglaíonn Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua le Rinn Ray, Talamh an Éisc, as sin go Rinn Ray, Talamh an Éisc.

Roinn 4S An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta theas Québec ó fhoirceann theorainn Labradar-Québec go Pte. des Monts agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Pte. des Monts, as sin soir díreach go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh agus domhanfhad 64o40′ siar, as sin feadh rumlíne soir soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh agus domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó thuaidh díreach go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó thuaidh go foirceann theorainn Labradar-Québec.

Roinn 4T An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cóstaí Albain Nua, New Brunswick agus Québec ó Rinn an Tuaiscirt go Pte. des Monts, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Pte. des Monts, as sin soir díreach go pointe ag domhanleithead 49o25′ ó thuaidh, domhanfhad 64o40′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin feadh rumlíne ó dheas go dtí Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua.

Roinn 4V An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Albain Nua, ó Rinn an Tuaiscirt go Fourchu, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Fourchu, as sin feadh rumlíne soir go pointe ag domhanleithead 45o40′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó dheas díreach feadh fhadlíne dhomhanfhad 60o00′ siar go parailéal dhomhanleithead 44o10′ ó thuaidh, as sin soir díreach go fadlíne dhomhanfhad 59o00′ siar, as sin ó dheas díreach go parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, as sin soir díreach go pointe ag a mbuaileann an teorainn idir folimistéar 3 agus folimistéar 4 le parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh; as sin feadh na teorann idir folimistéar 3 agus folimistéar 4 agus líne a shíneann siar ó thuaidh go pointe ag domhanleithead 47o50′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, agus as sin feadh rumlíne ó dheas go dtí Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua. Tá Roinn 4V roinnte ina dhá foroinn: 4Vn– foroinn thuaisceartach – an chuid sin de roinn 4V atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 45o40′ ó thuaidh; 4Vs– foroinn dheisceartach – an chuid sin de roinn 4V atá suite ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 45o40′ ó thuaidh.

Roinn 4W An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Albain Nua, ó Halifax go Fourchu, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Fourchu, as sin feadh rumlíne soir go pointe ag domhanleithead 45o40′ ó thuaidh, domhanfhad 60o00′ siar, as sin ó dheas díreach feadh fhadlíne dhomhanfhad 60o00′ siar go parailéal dhomhanleithead 44o10′ ó thuaidh, as sin soir díreach go dtí an fhadlíne le domhanfhad 59o00′ siar, as sin ó dheas díreach go dtí parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, as sin siar díreach go dtí fadlíne dhomhanfhad 63o20′ siar, as sin ó thuaidh díreach go pointe ar an bhfadlíne sin ag domhanleithead 44o20′ ó thuaidh, as sin feadh rumlíne siar ó thuaidh go dtí Halifax, Albain Nua.

Roinn 4X An chuid sin den fholimistéar atá suite idir teorainn thiar fholimistéar 4 agus cóstaí New Brunswick agus Albain Nua, ó fhoirceann na teorann idir New Brunswick agus Maine go Halifax, agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag Halifax, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 44o20′ ó thuaidh, domhanfhad 63o20′ siar, as sin ó dheas díreach go dtí parailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, agus as sin siar díreach go dtí fadlíne dhomhanfhad 65o40′ siar.

Folimistéar 5

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite siar ó theorainn thiar fholimistéar 4, ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, agus soir ó fhadlíne dhomhanfhad 71o40′ siar. Tá folimistéar 5 comhdhéanta de dhá fhoroinn

Roinn 5Y An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cóstaí Maine, New Hampshire agus Massachusetts, ón teorainn idir Maine agus New Brunswick go dtí domhanfhad 70o00′ siar ar Rinn Cod (beagnach domhanleithead 42o ó thuaidh), agus líne arna tuairisciú mar a leanas: ag tosú ag pointe ar Rinn Cod ag domhanfhad 70o siar (beagnach domhanleithead 42o ó thuaidh), as sin ó thuaidh díreach go domhanleithead 42o20′ ó thuaidh, as sin soir díreach go domhanfhad 67o18′13,15″ siar ag an teorainn idir folimistéar 4 agus folimistéar 5, agus as sin feadh na teorann sin go dtí teorainn Cheanada agus na Stát Aontaithe.

Roinn 5Z An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas agus soir ó roinn 5Y. Tá roinn 5Z roinnte ina dhá foroinn: foroinn iartharach agus foroinn oirthearach arna sainmhíniú mar a leanas: 5Ze – foroinn oirthearach – an chuid sin de roinn 5Z atá suite soir ó fhadlíne dhomhanfhad 70o00′ siar; Tá foroinn 5Ze foroinnte ina dhá fo-aonad: Is é 5Zu (uiscí na Stát Aontaithe) an chuid sin d'fhoroinn 5Ze atá suite siar ó na línte geodasacha a cheanglaíonn na pointí sin ag a bhfuil na comhordanáidí seo a leanas: Domhanleithead ó thuaidh Domhanfhad siar A 44o11′12″ 67o16′46″ B 42o53′14″ 67o44′35″ C 42o31′08″ 67o28′05″ D 40o27′05″ 65o41′59″. Is é 5Zc (uiscí Cheanada) an chuid sin d'fhoroinn 5Ze soir ó na línte geodasacha thuasluaite; 5Zw – folimistéar iartharach – an chuid sin de roinn 5Z atá suite siar ó fhadlíne dhomhanfhad 70o00′ siar.

Folimistéar 6

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá teorantach le líne a thosaíonn ag pointe ar chósta Oileán Rhode ag domhanfhad 71o40′ siar, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 39o00′ ó thuaidh, as sin soir díreach go domhanfhad 42o00′ siar, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 35o00′ ó thuaidh, as sin siar díreach go cósta Mheiriceá Thuaidh, as sin ó thuaidh feadh chósta Mheiriceá Thuaidh go dtí an pointe ar Oileán Rhode ag domhanfhad 71o40′ siar. Tá folimistéar 6 comhdhéanta d'ocht roinn

Roinn 6A An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh agus siar ó fholimistéar 5.

Roinn 6B An chuid sin den fholimistéar atá suite siar ó dhomhanfhad 70o00′ siar, ó dheas ó pharailéal dhomhanleithead 39o00′ ó thuaidh, agus ó thuaidh agus siar ó líne a shíneann siar feadh pharailéal dhomhanleithead 37o00′ ó thuaidh go domhanfhad 76o00′ siar agus as sin ó dheas díreach go Rinn Henry, Virginia.

Roinn 6C An chuid sin den fholimistéar atá suite siar ó dhomhanfhad 70o00′ siar agus ó dheas ó roinn 6B.

Roinn 6D An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6B agus roinn 6C agus siar ó dhomhanfhad 65o00′ siar.

Roinn 6E An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6D agus siar ó dhomhanfhad 60o00′ siar.

Roinn 6F An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6E agus siar ó dhomhanfhad 55o00′ siar.

Roinn 6G An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6F agus siar ó dhomhanfhad 55o00′ siar.

Roinn 6H An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6G agus siar ó dhomhanfhad 42o00′ siar.

IARSCRÍBHINN IV SAINMHÍNITHE AGUS CÓDÚ ATÁ LE hÚSÁID AGUS SONRAÍ AR GHABHÁLACHA Á dTÍOLACADH

(a) LIOSTA CATAGÓIRÍ MAIDIR LE TREALAMH IASCAIREACHTA/SOITHÍ IASCAIREACHTA (ón Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Staidrimh ar Threalamh Iascaireachta (ISSCFG)) Catagóir Giorrúchán Tráil Tráil ghrinnill TBB OTB OTB1 OTB2 PTB TBS TBN TB Tráil mheánuisce OTM OTM1 OTM2 PTM TMS TM Dé-thráil OTS Dé-thráil dobharchú OTT Tráil i bpáirt (dhá shoitheach) (neamhshonraithe) PT Tráil dobharchú (neamhshonraithe) OT Tráil eile (neamhshonraithe) TX Saighní Saighní trá SB Saighní báid nó saighní soithigh SV SDN SSC SPR Saighní (neamhshonraithe) SX Líonta timpeallaithe Le peas-saighneoireacht PS PS1 PS2 Gan pheas-saighneoireacht (lampara) LA Eangacha geolbhaigh agus sáinneangacha Eangacha geolbhaigh socraithe (ar ancaire) GNS Sruthlíonta geolbhaigh GND Eangacha geolbhaigh crioslaithe GNC Eangacha geolbhaigh seasta (le cuaille) GNF Traimlí GTR Traimlí agus eangacha geolbhaigh in éineacht GTN Eangacha geolbhaigh agus sáinneangacha (neamhshonraithe) GEN Eangacha geolbhaigh (neamhshonraithe) GN Duáin agus doruithe Doruithe fada socraithe LLS Doruithe fada le sruth LLD Doruithe fada (neamhshonraithe) LL Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (láimhe) LHP Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (meicniúla) LTM Doruithe le roithleán LTL Duáin agus doruithe (neamhshonraithe) LX Gaistí Sáinneangacha do-aistrithe gan chlúdach FPN Potaí clúdaithe FPO Líonta Fyke FYK Bacainní, sconsaí, coraí etc. FWR Líonta scríbe beaga FSN Líonta aeir FAR Gaistí (neamhshonraithe) FIX Trealamh titimeach Teilglíonta FCN Trealamh titimeach (neamhshonraithe) FG Dreidirí Dreidire báid DRB Dreidire láimhe DRH Streachailt agus goineadh Harpún HAR Líonta ardaithe Líonta ardaithe iniompartha LNP Líonta ardaithe le bád LNB Líonta ardaithe do-aistrithe ar chladach LNS Líonta ardaithe (neamhshonraithe) LN Meaisíní fómhair Caidéil HMP Dreidirí meicnithe HMD Meaisíní fómhair (neamhshonraithe) HMX Trealamh ilghnéitheach MIS Trealamh neamhaithnid NK

tráil bhíoma

tráil dobharchú (cliathán nó deireadh neamhshonraithe)

tráil dobharchú (cliathán)

tráil dobharchú (deireadh)

tráil i bpáirt (dhá shoitheach)

tráil séaclaí

tráil nephrops

tráil ghrinnill (neamhshonraithe)

tráil dobharchú (cliathán nó deireadh neamhshonraithe)

tráil dobharchú (cliathán)

tráil dobharchú (deireadh)

tráil i bpáirt (dhá shoitheach)

tráil séaclaí

tráil mheánuisce (neamhshonraithe)

saighní Danmhargacha

saighní Albanacha

saighní i bpáirt (dhá shoitheach)

soitheach amháin

dhá shoitheach

(B) SAINMHÍNITHE AR IARRACHT IASCAIREACHTA A THOMHAS I LEITH CATAGÓIRÍ TREALAIMH Ba cheart trí leibhéal beachtais a thabhairt i leith iarracht iascaireachta, nuair is féidir.

(B)

Catagóir A

Trealamh iascaireachta Tomhas iarrachta Sainmhínithe Líonta timpeallaithe (peas-saighneoireacht) An líon caitheamh An líon amanna a caitheadh na líonta iascaireachta, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh gabháil. Úsáidtear an tomhas seo nuair a bhíonn méid agus dlús na scoileanna éisc gaolmhar le líonmhaireacht stoic, nó i gcás ina ndéantar na caithimh go randamach Saighní trá An líon caitheamh An líon amanna a caitheadh na líonta iascaireachta, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh gabháil Saighní báid Líon na n-uaireanta iascaireachta An líon amanna a caitheadh na líonta iascaireachta arna iolrú faoi mheánfhad measta na gcaitheamh Tráil Líon na n-uaireanta An líon uaireanta ina raibh an trál san uisce (trál meánuisce) nó ar an ngrinneall (trál grinnill), agus iascaireacht ar siúl Dreidirí báid Líon na n-uaireanta iascaireachta An líon uaireanta ina raibh an dreidire ar an ngrinneall agus iascaireacht ar siúl Eangacha geolbhaigh (socraithe nó le sruth) Líon na n-aonad iarrachta Fad na líonta arna shloinneadh in aonaid 100-méadar arna n-iolrú ar líon na gcaitheamh a rinneadh (= fad iomlán carntha i méadair de na líonta a úsáideadh i dtráth áirithe arna roinnt ar 100) Eangacha geolbhaigh (seasta) Líon na n-aonad iarrachta Fad an lín arna shloinneadh in aonaid 100-méadar arna n-iolrú faoi líon na n-amanna a glanadh an líon Gaistí (sáinneangacha gan chlúdach) Líon na n-aonad iarrachta Líon laethanta iascaireachta arna iolrú faoi líon na n-aonad a tharlaítear Potaí clúdaithe agus líonta fyke Líon na n-aonad iarrachta Líon na n-arduithe arna iolrú faoi líon na n-aonad (= líon iomlán na n-aonad ar a ndearnadh iascaireacht i dtréimhse ama áirithe) Doruithe fada (socraithe nó le sruth) Mílte duán Líon na nduán arna n-úsáid i dtréimhse ama áirithe arna roinnt ar 1000 Doruithe láimhe (cuaille, roithleán, díreog, etc.) Líon na laethanta doruithe Líon iomlán na ndoruithe arna n-úsáid i dtréimhse ama áirithe Harpúin (Sonraí a thabhairt ar leibhéil iarrachta B agus C amháin)

Catagóir B

Líon na laethanta iascaireachta: líon na laethanta ar a ndearnadh iascaireacht. Maidir leis na hiascaigh sin ina mbíonn an cuardach ina chuid mhór den obair iascaireachta, is cóir na laethanta sin a raibh cuardach ar siúl lena linn, ach nach ndearnadh aon iascaireacht lena linn, a áireamh sna sonraí a bhaineann le laethanta iascaireachta.

Catagóir C

Maidir le líon na laethanta ar an meá, ba cheart, mar aon le laethanta ar a ndearnadh iascaireacht agus cuardach, gach lá eile a raibh an soitheach ar an meá a áireamh freisin. Céatadán den iarracht mheasta (iarracht pro rata) Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh fáil ar thomhais chomhfhreagracha iarrachta don ghabháil iomlán, ba cheart céatadán den iarracht mheasta a thabhairt le fios. Déantar an céatadán sin a ríomh mar a leanas: (((Gabháil iomlán) – (An ghabháil a bhfuil iarracht taifeadta ina leith)) × 100)/(Gabháil iomlán)

(C) CATAGÓIRÍ MHÉID NA SOITHÍ (ón Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Staidrimh ar Shoithí Iascaireachta (ISSCFV)) Aicmí tonnáiste Catagóir olltonnáiste Cód 0 -49,9 02 50 -149,9 03 150 -499,9 04 500 -999,9 05 1000-1999,9 06 2000-99999,9 07 Níl ar eolas 00

(D) AN PRÍOMHSPEICEAS ARNA LORG Is é seo an speiceas a raibh an iascaireacht dírithe air den chuid is mó. D'fhéadfadh sé tarlú, áfach, nach bhfreagróidh an speiceas sin don speiceas is coitianta a bhí sa ghabháil. Ba cheart an speiceas a léiriú tríd an aitheantóir 3-alfa a úsáid (féach Iarscríbhinn I).

IARSCRÍBHINN V FORMÁID CHUN SONRAÍ A THÍOLACADH AR MHEÁIN MHAIGHNÉADACHA

(A) MEÁIN MHAIGHNÉADACHA Téipeanna ríomhaire: Naoi rian agus dlús 1600 nó 6250 BPI acu agus EBCDIC de chódú ASCII, agus lipéad orthu más gá. Má tá lipéad ar na téipeanna, ba cheart críochchód comhaid a áireamh ann. Dioscaí boga: Dioscaí formáidithe MS DOS 3,5″ 720 K nó 1,4 Mb nó dioscaí 5,25″360 K nó 1,2 Mb.

(B) FORMÁID AN CHÓDAITHE Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (a) Uimhreacha beart Mír Nótaí 1 go 4 Tír (cód ISO 3-alfa) e.g. FRA = An Fhrainc 5 go 6 Bliain e.g. 90 = 1990 7 go 8 Mórlimistéar iascaireachta FAO 21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh 9 go 15 Roinn e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO 16 go 18 Speiceas aitheantóir 3-alfa 19 go 26 Gabháil tonaí Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (a) Uimhreacha beart Mír Nótaí 1 go 4 Tír cód IS0 3-alfa (e.g. FRA = An Fhrainc) 5 go 6 Bliain e.g. 94 = 1994 7 go 8 Mí e.g. 01 = Eanáir 9 go 10 Mórlimistéar iascaireachta FAO 21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh 11 go 18 Roinn e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO: alfa-uimhriúil 19 go 21 Príomhspeiceas arna lorg aitheantóir 3-alfa 22 go 26 Catagóir soithigh/trealaimh Cód ISSCFG (e.g.0TB2 = trál dobharchú grinnill): alfa-uimhriúil 27 go 28 Aicmiú mhéid an tsoithigh Cód ISSCFV (e.g. 04 = 150-499,9 GT): alfa-uimhriúil 29 go 34 Olltonnáiste meánach Tonaí: uimhriúil 35 go 43 Meánchumhacht an innill Cileavatanna: uimhriúil 44 go 45 Céatadán den iarracht mheasta Uimhriúil 46 go 48 Aonad Aitheantóir 3-alfa an speicis nó aitheantóir iarrachta (e.g. COD = trosc an Atlantaigh A = tomhais iarrachta A) 49 go 56 Sonraí Gabháil (i dtonaí méadracha) nó aonad iarrachta

(B) Nótaí

(a) Ba cheart na réimsí uimhriúla go léir a chomhfhadú ar dheis agus úsáid a bhaint as úrbhánáin. Ba cheart na réimsí alfa-uimhriúla go léir a chomhfhadú ar clé agus úsáid a bhaint as cúlbhánáin.

(b) Ba cheart an ghabháil a thaifeadadh i bhfoirm choibhéis bheomheáchain na ngabhálacha, go dtí an tona méadrach is gaire.

(c) Ba cheart cainníochtaí (bearta 49 go 56) is lú ná leath-aonad a thaifeadadh mar - 1.

(d) Ba cheart cainníochtaí anaithnide (bearta 49 go 56) a thaifeadadh mar - 2.

(e) Cóid na dTíortha (cóid ISO): An Ostair AUT An Bheilg BEL An Bhulgáir BGR An Chipir CYP Poblacht na Seice CZE An Ghearmáin DEU An Danmhairg DNK An Spáinn ESP An Eastóin EST An Fhionlainn FIN An Fhrainc FRA An Ríocht Aontaithe GBR Sasana agus an Bhreatain Bheag GBRA Albain GBRB Tuaisceart Éireann GBRC An Ghréig GRC An Ungáir HUN Éire IRL An Íoslainn ISL An Iodáil ITA An Liotuáin LTU Lucsamburg LUX An Laitvia LVA Málta MLT An Ísiltír NLD An Iorua NOR An Pholainn POL An Phortaingéil PRT An Rómáin ROU Poblacht na Slóvaice SVK An tSlóivéin SVN An tSualainn SWE An Tuirc TUR

IARSCRÍBHINN VI FORMÁID CHUN SONRAÍ A THÍOLACADH AR MHEÁIN MHAIGHNÉADACHA

A.

FORMÁID AN CHÓDAITHE

Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (a)

Ba cheart na sonraí a thíolacadh i bhfoirm taifead ilfhaid agus idirstad (:) a chur idir réimsí an taifid. Ba cheart na réimsí seo a leanas a áireamh i ngach taifead: Réimse Nótaí Tír Cód IS0 3-alfa (e.g. FRA = An Fhrainc) Bliain e.g. 2001 nó 01 Mórlimistéar iascaireachta FAO 21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh Roinn e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO Speiceas aitheantóir 3-alfa Gabháil Tonaí

Do thíolacadh de bhun Airteagal 2(1), pointe (b)

Ba cheart na sonraí a thíolacadh i bhfoirm taifead ilfhaid agus idirstad (:) a chur idir réimsí an taifid. Ba cheart na réimsí seo a leanas a áireamh i ngach taifead: Réimse Nótaí Tír cód IS0 3-alfa (e.g. FRA = An Fhrainc) Bliain e.g. 0001 nó 2001 don bhliain 2001 Mí e.g. 01 = Eanáir Mórlimistéar iascaireachta FAO 21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh Roinn e.g. 3 Pn = foroinn 3 Pn NAFO Príomhspeiceas arna lorg aitheantóir 3-alfa Catagóir soithigh/trealaimh Cód ISSCFG (e.g. 0TB2 = trál dobharchú grinnill) Aicmiú mhéid an tsoithigh Cód ISSCFV (e.g. 04 = 150-499,9 GT): Olltonnáiste meánach Tonaí Meánchumhacht an innill Cileavatanna Céatadán den iarracht mheasta Uimhriúil Aonad Aitheantóir 3-alfa an speicis nó aitheantóir iarrachta (e.g. COD = trosc an Atlantaigh nó A = tomhais iarrachta A) Sonraí Gabháil (i dtonaí méadracha) nó aonad iarrachta

(a) Ní mór an ghabháil a thaifeadadh i bhfoirm coibhéise beomheáchain de na gabhálacha.

(b) Cóid na dtíortha: An Ostair AUT An Bheilg BEL An Bhulgáir BGR An Chipir CYP Poblacht na Seice CZE An Ghearmáin DEU An Danmhairg DNK An Spáinn ESP An Eastóin EST An Fhionlainn FIN An Fhrainc FRA An Ríocht Aontaithe GBR Sasana agus an Bhreatain Bheag GBRA Albain GBRB Tuaisceart Éireann GBRC An Ghréig GRC An Ungáir HUN Éire IRL An Íoslainn ISL An Iodáil ITA An Liotuáin LTU Lucsamburg LUX An Laitvia LVA Málta MLT An Ísiltír NLD An Iorua NOR An Pholainn POL An Phortaingéil PRT An Rómáin ROU Poblacht na Slóvaice SVK An tSlóivéin SVN An tSualainn SWE An Tuirc TUR

B.

AN MODH LEIS NA SONRAÍ A THARCHUR CHUIG AN gCOIMISIÚN EORPACH A mhéid is féidir, ba cheart na sonraí a tharchur i bhformáid leictreonach (mar shampla, mar cheangaltán ríomhphoist). I gcás nach féidir sin a dhéanamh, glacfar leis an gcomhad ar dhiosca bog 3,5" HD.

IARSCRÍBHINN VII An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 ón gComhairle (IO L 186, 28.7.1993, lch. 1) Pointe X.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 (IO C 241, 29.8.1994, lch. 189) Rialachán (CE) Uimh. 1636/2001 ón gCoimisiún (IO L 222, 17.8.2001, lch. 1) Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1). Airteagal 3 agus pointe 44 d'Iarscríbhinn III amháin Pointe 10.9 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 571)

IARSCRÍBHINN VIII Tábla comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 An Rialachán seo Airteagal 1 Airteagal 1 Airteagal 2 Airteagal 2 Airteagal 3 Airteagal 3 Airteagal 4 Airteagal 4 Airteagal 5 Airteagal 5 Airteagal 6(1) agus (2) Airteagal 6(1) agus (2) Airteagal 6(3) — Airteagal 7(1) Airteagal 7(1) Airteagal 7(2) Airteagal 7(2) Airteagal 7(3) — Airteagal 7(4) Airteagal 7(3) Airteagal 8 — — Airteagal 8 Airteagal 9 Airteagal 9 Iarscríbhinn I Iarscríbhinn I Iarscríbhinn II Iarscríbhinn II Iarscríbhinn III Iarscríbhinn III Iarscríbhinn IV Iarscríbhinn IV Iarscríbhinn V Iarscríbhinn V — Iarscríbhinn VI — Iarscríbhinn VII

Versions

  1. 2009-03-11