Gelex

Rialachán (AE) Uimh. 249/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 ón gComhairle lena dtoirmisctear allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha (Thunnus obesus) arb iad an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon tíortha a dtionscanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1036/2001

In forceVersion 2014-02-26from 2014-03-27
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2014/249@2014-02-26/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Tá an tAontas ina pháirtí conarthach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (Coinbhinsiún ICCAT) ón 14 Samhain 1997, tar éis Cinneadh 86/238/CEE ón gComhairle a ghlacadh.

(2) Le Coinbhinsiún ICCAT, déantar foráil maidir le creat do chomhar réigiúnach i ndáil le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird. Bhunaigh an Coinbhinsiún ICCAT Coimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), arb é a ghlacann bearta caomhnaithe agus bainistithe. Tagann na bearta sin chun bheith ina gceangal ar na páirtithe conarthacha.

(3) In 1998, ghlac ICCAT rún 98-18 a bhaineann le gabhálacha tuinníní gan tuairisciú gan rialáil ag soithí spiléir ar scála mór i limistéar an Choinbhinsiúin. Sa rún sin, bunaíodh nósanna imeachta chun tíortha a aithint a ndearna soithí dá gcuid iascaireacht ar thuinníní agus ar speicis cosúil le tuinníní ar bhealach a laghdaigh éifeacht bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT. Shonraigh sé freisin bearta is ceart a ghlacadh, lena n-áirítear bearta sriantacha trádála neamh-idirdhealaitheacha más gá, d’fhonn cosc a chur ar shoithí na dtíortha sin leanúint ar aghaidh le cleachtais iascaireachta den sórt sin.

(4) Tar éis rún 98-18 a ghlacadh, d’aithin ICCAT an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon mar thíortha a ndéanann a gcuid soithí iascaireacht ar thuinníní mórshúileacha Atlantacha (Thunnus obesus) ar bhealach a laghdaíonn éifeachtacht bhearta caomhnaithe agus bainistithe an ICCAT agus shuigh sé a chuid fionnachtana i dtaca leis na sonraí maidir le gabhálacha, trádáil agus gníomhaíochtaí na soithí.

(5) Dá bharr sin, mhol ICCAT do pháirtithe conarthacha bearta iomchuí a ghlacadh, i gcomhréir le forálacha rún 98-18, go gcuirfí toirmeasc ar allmhairiú tuinníní mórshúileacha Atlantacha agus a dtáirgí, i bhfoirm ar bith, ó na tíortha sin.

(6) In 2004, toirmisceadh allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha arb iad an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon tíortha a dtionscanta isteach san Aontas i Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 ón gComhairle.

(7) Ag a 14ú cruinniú speisialta in 2004, thug ICCAT aitheantas do na hiarrachtaí a rinne an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach agus Siarra Leon chun dul i ngleic leis na hábhair imní a bhí aige agus ghlac sé moltaí lena ndéantar bearta sriantacha trádála i gcoinne na dtrí thír sin a chur i leataobh.

(8) Mar thoradh air sin, le Rialachán (CE) Uimh. 919/2005, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 827/2004, chun an toirmeasc ar allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha agus a dtairgí ón gCambóid, ón nGuine Mheánchiorclach agus ó Shiarra Leon isteach san Aontas a chur i leataobh. Mar thoradh ar an leasú sin toirmeascann Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 allmhairí den sórt sin ón mBolaiv agus ón tSeoirsia amháin.

(9) Ag a 22ú cruinniú bliantúil rialta in 2011, thug ICCAT aitheantas do na gníomhaíochtaí a rinne an Bholaiv agus an tSeoirsia agus ghlac sé moladh 11-19 lena gcuirtear na toirmisc ar allmhairiú tuinníní mórshúileacha Atlantacha agus a dtáirgí a lean d’fheidhm a bheith acu ar an dá thír sin i leataobh.

(10) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 827/2004.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014. Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán M. Schulz Thar ceann na Comhairle An tUachtarán D. Kourkoulas

Versions

  1. 2014-02-26