Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1112 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/1112@2020-07-20/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 397 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle forálacha mionsonraithe maidir leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí áirithe do dhaoine neamh-inchánach.
(2) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gComhairle déantar na forálacha sin a leasú chun raon feidhme na scéimeanna speisialta atá ann cheana a leathnú agus chun scéim nua a thabhairt isteach d’fhonn creat reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcáin bhreisluacha (CBL) a nuachóiriú i gcás na ríomhthráchtála trasteorann gnólacht le tomhaltóir (B2C). Tá na leasuithe sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.
(3) An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim í ráig COVID-19. Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar Bhallstáit uile an Aontais. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát.
(4) Éigeandáil nach raibh coinne léi agus nach bhfacthas a leithéid cheana atá i bpaindéim COVID-19, ráig atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a cuireadh i leataobh do shaincheisteanna eile a athleithdháileadh. Mar thoradh ar an ngéarchéim seo, beidh deacrachtaí ag roinnt Ballstát an fhorbairt a chríochnú ar na córais TF atá riachtanach le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón 1 Eanáir 2021. Dá bhrí sin, d’iarr roinnt Ballstát chomh maith le hoibreoirí poist agus cúiréara go gcuirfí siar dátaí chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026.
(5) Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 a chur i bhfeidhm, agus a áirithiú go ndeántar faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe a bhailiú agus a tharchur, tá sé riachtanach dátaí chur i bhfeidhm an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a chur siar 6 mhí. Is iomchuí iad a chur siar 6 mhí, toisc gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir chun caillteanais bhuiséadacha bhreise do Bhallstáit a íoslaghdú.
(6) I bhfianaise thionchar suntasach an tsuaite eacnamaíoch agus deacrachtaí breise a d’fhéadfadh teacht as paindéim COVID-19, agus chun tacú le cur i bhfeidhm ceart tráthúil na rialacha nua ríomhthráchtála CBL, d’fhéadfadh an Coimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar oiriúnú na gcóras náisiúnta TF agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil nuair is gá sin.
(7) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 mar a leanas:
Airteagal 1
(1) i bpointe (5) d’Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 nua d’Airteagal 61 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011:
(1)
1. Na figiúirí atá i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí suas go dtí an dara tréimhse thuairisceáin in 2021, an tréimhse sin san áireamh, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis don tuairisceán CBL sin a bheith curtha isteach ach amháin trí leasuithe ar an tuairisceán céanna, agus ní dhéanfar athruithe orthu trí choigeartuithe ar thuairisceán ina dhiaidh sin. Na figiúirí a bheidh i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí ón tríú tréimhse thuairisceáin in 2021 ar aghaidh, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis don tuairisceán CBL sin a bheith curtha isteach ach amháin trí choigeartuithe ar thuairisceán ina dhiaidh sin.;
(2) in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír: Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021. Bíodh sin mar atá, ceadóidh na Ballstáit do dhaoine inchánach agus idirghabhálaithe atá ag gníomhú thar a gceann, ón 1 Aibreán 2021 an fhaisnéis a chur isteach a cheanglaítear de réir Airteagail 360, 369c nó 369o de Threoir 2006/112/CE chun clárú faoi chuimsiú na scéimeanna speisialta..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Roth