Cinneadh (AE) 2020/… ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/1383@2020-09-25/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint don togra ó rialtas na hÍsiltíre,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157, (AE) 2020/102, (AE) 2020/144 agus (AE) 2020/511 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh eile (AE) 2020/1153 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún.
(2) Tá suíochán duine de chomhaltaí Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Wim VAN DE DONK.
(3) Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Jack VAN DER HOEK,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo ceaptar na daoine a leanas chun Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: agus
Airteagal 1
(a) mar chomhalta:
Martijn VAN GRUIJTHUIJSEN, Ionadaí de chomhlacht réigiúnach ag a bhfuil cuntasacht pholaitiúil do thionól tofa: Provinciale Staten van de provincie Noord-Brabant,
(b) mar chomhalta malartach:
Ilse ZAAL, Ionadaí de chomhlacht réigiúnach ag a bhfuil cuntasacht pholaitiúil do thionól tofa: Provinciale Staten van de provincie Noord-Holland.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair.2020 Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Roth