Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/1579@2020-10-29/ga
Contents
- Preamble
- CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
- Airteagal 1 Ábhar
- Airteagal 2 Raon feidhme
- Airteagal 3 Sainmhínithe
- CAIBIDIL II DEISEANNA IASCAIREACHTA
- Airteagal 4 TACanna agus cionrannta
- Airteagal 5 Forálacha speisialta maidir le cionrannta deiseanna iascaireachta
- Airteagal 6 Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
- Airteagal 7 Tréimhsí coiscthe chun trosc sceite a chosaint
- 2.
- 4.
- Airteagal 8 Bearta maidir le hiascaigh áineasa do throsc i bhforanna 22-26
- Airteagal 9 Bearta maidir le iascaireacht breac geal agus bradán i bhforanna 22-32
- Airteagal 10 Solúbthacht
- Airteagal 11 Tarchur sonraí
- CAIBIDIL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- Airteagal 12 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123
- Airteagal 13 Teacht i bhfeidhm
- ANNEX
- TACanna IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I LIMISTÉIR ARB ANN DO TACanna INA LEITH DE RÉIR SPEICIS AGUS DE RÉIR LIMISTÉIR
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go nglactar bearta caomhantais agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascaigh agus ag comhlachtaí comhairleacha eile, mar aon le comhairle a fhaightear ó Chomhairlí Comhairleacha a bunaíodh do na limistéir gheografacha ábhartha nó do na réimsí inniúlachta ábhartha agus do mholtaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na Ballstáit.
(2) Tá sé de dhualgas ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n‐áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin, de réir mar is iomchuí. Ba cheart deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit chun go n‐áiritheofar cobhsaíocht choibhneasta gníomhaíochtaí gach Ballstát le haghaidh gach stoic nó iascaigh agus ag féachaint do chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
(3) Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gurb é cuspóir an CBI ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach faoi 2015 i gcás inar féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí do na stoic uile.
(4) Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú, dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus aird á tabhairt ar ghnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú ag an am céanna, agus aird á tabhairt ar na tuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin le geallsealbhóirí.
(5) Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic (an plean). Is é is aidhm don phlean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú beo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil atá in ann an UTI a tháirgeadh. Chuige sin, tá spriocbhásmhaireacht iascaireachta na stoc lena mbaineann, arna sloinneadh ina raonta, le baint amach a luaithe is féidir, agus ar bhonn forchéimnitheach agus incriminteach, faoi 2020. Is iomchuí na teorainneacha gabhála is infheidhme in 2021 maidir le stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt a bhunú i gcomhréir le cuspóirí an phlean.
(6) Chuir an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) in iúl nach raibh bithmhais scadán Mhuir Bhailt Thiar in ICES, foranna 20-24 ach 48 % den phointe tagartha teorann do bhithmhais (Blim), arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghdaithe faoina bhun. Dá bhrí sin, sa chomhairle eolaíoch a d’eisigh ICES an 29 Bealtaine 2020 ina comhairle bhliantúil maidir le stoc, ná gan aon ghabhálacha a bheith ann do scadán Mhuir Bhailt Thiar. Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, ba cheart beart feabhais iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Thairis sin, ceanglaítear leis an bhforáil sin bearta feabhais breise a ghlacadh. Chuige sin, is gá go gcuirfí san áireamh an amlíne maidir le cuspóirí CBI i gcoitinne, agus go háirithe an plean, i bhfianaise na héifeachta a mheastar a bheidh ag na bearta feabhais a ghlacadh, agus ag an am céanna cloí leis na cuspóirí maidir le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí na deiseanna iascaireachta do scadán Mhuir Bhailt Thiar a shocrú ar leibhéil faoi bhun na raonta básmhaireachta iascaireachta, chun an laghdú ar an mbithmhais a chur san áireamh don stoc sin in ICES foranna 20-24.
(7) Maidir le stoc trosc Mhuir Bhailt Thoir, ó 2019 i leith, tá ICES in ann a chomhairle réamhchúraim a bhunú ar mheasúnú atá níos iomláine ó thaobh sonraí de ná mar a bhí roimhe sin. Measann ICES go raibh bithmhais na dtrosc i Muir Bhailt Thoir faoi bhun Blim in 2019 agus go bhfuil laghdú breise tagtha uirthi ó shin i leith. Dá bhrí sin, d’athdhearbhaigh ICES a comhairle nach ndéanfaí aon fhoghabháil ar throsc Mhuir Bhailt Thoir le haghaidh 2021. Mar sin féin, níl ICES in ann luachanna na raonta básmhaireachta iascaireachta a chinneadh. Amhail anuraidh, dá ndéanfaí na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic Mhuir Bhailt Thoir a shocrú ar an leibhéal a léirítear sa chomhairle eolaíoch, thiocfadh feiniméan an tachtspeicis chun cinn de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha ar fad in iascaigh mheasctha a thabhairt i dtír le foghabhálacha trosc Mhuir Thoir a thabhairt i dtír. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir iascaigh a choimeád ar bun i bhfianaise na n‐impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith i gceist le toirmeasc ar aon fhoghabháil ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach don stoc, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le gach stoc a iascach in iascach measctha ag an UTI ag an am céanna, is iomchuí TAC sonrach a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha troisc Mhuir Bhailt Thoir. Tá na deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139.
(8) Mí na Bealtaine 2020, chuir ICES comhairle nuashonraithe ar fáil maidir le leibhéil trosc i dtéarmaí foghabhálacha éisc in iascaigh eile. Is iomchuí na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle sin, le díolúine d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha agus, chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Thairis sin, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, tá gach beart feabhais iomchuí le glacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Tugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch go bhféadfadh tairbhí breise a bheith ag stoc nach féidir a bhaint amach le TAC amháin, mar shampla ardú ar earcaíocht trí sceitheadh neamhchorraithe. Dá bhrí sin, is iomchuí an cosc le linn sceitheadh an tsamhraidh atá ann cheana a choinneáil ar bun. Thairis sin, léirítear leis an gcomhairle eolaíoch go mbíonn tábhacht choibhéiseach na n‐iascach áineasa trosc i Muir Bhailt Thoir ag brath ar leibhéal TAC. De bharr an laghdaithe ar TAC, meastar gur cainníochtaí suntasacha iad na cainníochtaí a ghabhtar in iascaigh áineasa agus is iomchuí, dá bhrí sin, an toirmeasc ar iascaireacht áineasa trosc in ICES foranna 25 agus 26 ina bhfuil an trosc i Muir Bhailt Thoir níos flúirsí.
(9) Maidir le stoc trosc Mhuir Bhailt Thiar, rinne ICES athbhreithniú ar an laghdú ar an mbithmhais agus measann sí nach ndearnadh trosc Mhuir Bhailt Thiar a athshlánú os cionn an phointe tagartha do bhithmhais stoic sceite ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta (Btrigger). Is iomchuí dá bhrí sin na bearta tionlacain a tugadh isteach do 2020 a choinneáil ar bun agus na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus na leibhéil trosc arna ngabháil in iascaigh eile in ICES foroinn 24, ar ina leith a thug ICES comhairle, á gcur san áireamh chun a bheith comhleanúnach leis an gcur chuige a leanadh i limistéar bainistithe troisc Mhuir Bhailt Thoir. Thairis sin, léirítear leis an gcomhairle eolaíoch gur in ICES foroinn 24 atá an meascán idir stoic trosc san iarthar agus san oirthear. Chun stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir a chosaint agus cothroime iomaíochta a áirithiú le limistéar bainistithe troisc Mhuir Bhailt Thoir, ba cheart úsáid TAC in ICES foroinn 24 a theorannú d’fhoghabhálacha trosc le díolúine do chás oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche na n‐imscrúduithe eolaíocha, agus chun na críche sin amháin, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241, agus i gcás iascairí cósta ar mhionscála a bhfuil trealamh éighníomhach acu i limistéir suas le sé mhuirmhíle ón gcósta a bhfuil doimhneacht an uisce níos lú ná 20 méadar ós rud é gurb é trosc Mhuir Bhailt Thiar is flúirsí sna limistéir éadoimhne cósta sin. Thairis sin, ba cheart an tréimhse choiscthe in ICES foroinn 24 a ailíniú leis an tréimhse choiscthe in ICES foranna 25 agus 26 d’fhonn cosaint chomhionann a áirithiú atá comhsheasmhach le comhairle ó ICES.
(10) Dá réir sin, agus d’fhonn cothrom iomaíochta a áirithiú le ICES foranna 25 agus 26, ba cheart leanúint de thoirmeasc a chur ar iascaireacht troisc in ICES foroinn 24 thar sé mhuirmhíle amach ón gcósta. Thairis sin, ós rud é léirítear leis an gcomhairle eolaíoch go gcuireann iascaigh áineasa go mór le básmhaireacht fhoriomlán iascaireachta an stoic agus le laghdú TAC, ba cheart an teorainn laethúil gabhála in aghaidh an iascaire a choinneáil ar bun. Ní dochar do phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála atá sa mhéid seo. Ar deireadh, ós rud é go bhfuil stádas leochaileach ag an stoc agus go léirítear leis an gcomhairle eolaíoch gur féidir tairbhí breise a bheith ag baint le cosc le linn an tséasúir sceite go háirithe do stoc nach féidir a bhaint amach le TAC amháin, mar shampla ardú ar earcaíocht trí sceitheadh neamhchorraithe, ba cheart cosc le linn sceitheadh an gheimhridh a choinneáil ar bun, le díolúine d’iascairí cósta áirithe ar mhionscála agus le díolúine d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha agus, chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(11) Measann ICES go bhfuil bithmhais scadáin Mhuir Bhailt tite faoi bhun an phointe tagartha do bhithmhais stoic sceite ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta (Btrigger). Is iomchuí na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139.
(12) De réir comhairle ó ICES, bíonn trosc á ghabháil in iascaigh leathóg. Thairis sin, gabhtar saláin in iascach measctha le scadáin agus is speiceas creiche don trosc é. Is iomchuí na breithnithe sin idir speicis a chur san áireamh maidir leis na deiseanna iascaireachta a shocrú do leathóga agus do shaláin.
(13) Chun úsáid iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta a áirithiú, tugadh isteach solúbthacht theoranta idirlimistéir do bhradáin ó ICES foranna 22-31 go ICES foroinn 32 in 2019. I bhfianaise na n‐athruithe ar dheiseanna iascaireachta don dá stoc sin, is iomchuí an tsolúbthacht sin a mhéadú.
(14) Nuair a tugadh isteach toirmeasc ar iascaireacht breac geal thar cheithre mhuirmhíle agus teorannú ar fhoghabhálacha breac geal go dtí 3 % de chomhghabháil breac geal agus bradán, chuir an toirmeasc go mór le laghdú substaintiúil a dhéanamh ar mhíthuairisciú suntasach gabhálacha in iascach bradán a bhí ann roimhe seo, go háirithe mar ghabhálacha breac geal. Is iomchuí, dá bhrí sin, an fhoráil sin a choimeád chun míthuairisciú a laghdú a mhéid is féidir.
(15) Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le sonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo na cóid a bhaineann le stoic a thabhairt i dtír stoc atá faoi réir an Rialacháin seo agus atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á seoladh chuig an gCoimisiún.
(16) Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, tugadh coinníollacha breise isteach maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‐áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 nó 4 maidir leo, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, tugadh an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc a bheidh faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, d’fhonn solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach na mbeo-acmhainní bitheolaíocha muirí, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí CBI agus a chúiseodh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a shuí nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
(17) Thairis sin, ós rud é go bhfuil bithmhais an stoic trosc i Muir Bhailt Thoir faoi bhun Blim agus nach gceadaítear ach iascaigh foghabhála agus eolaíocha in 2021, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin gan Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis an stoc seo le haghaidh aistrithe ó 2020 go 2021 ionas nach rachaidh gabhálacha in 2021 thar TAC maidir le trosc i Muir Bhailt Thoir arna socrú.
(18) Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 a mhaireann an bhliain iascaireachta don trosc Ioruach i roinn 3a ICES agus in uiscí an Aontais de ICES roinn 2a agus i de ICES folimistéar 4. Bunaithe ar chomhairle eolaíoch nua, ba cheart TAC tosaigh a bhunú don trosc Ioruach do na limistéir sin. Níl cuóta don trosc Ioruach ag an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, tógtar cuid den chuóta in uiscí na Ríochta Aontaithe. Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Ba cheart, dá bhrí sin, TAC tosaigh a shocrú do na deiseanna iascaireachta don tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. Leis an TAC sin, beifear in ann tús a chur leis an séasúr iascaireachta. Rachfar i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. D’ainneoin nach bhfuil aon chion den chuóta ag an Ríocht Aontaithe sa stoc seo, roinntear an acmhainn leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart comhairliúcháin maidir le comhbhainistiú an stoic a dhéanamh tar éis don idirthréimhse dul in éag an 31 Nollaig 2020. Ba cheart an Rialachán maidir le deiseanna iascaireachta don trosc Ioruach in ICES roinn 3a agus in uiscí an Aontais de ICES roinn 2a agus ICES folimistéar 4 a leasú ina dhiaidh sin chun toradh na gcomhairliúchán seo a áireamh, don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021, chun an bhliain iomlán iascaireachta ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 a chumhdach.
(19) Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an trosc Ioruach i ICES roinn 3a agus in uiscí an Aontais de ICES roinn 2a agus in ICES folimistéar 4 ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1 Ábhar
Leis an Rialachán seo, socraítear na deiseanna iascaireachta do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc i Muir Bhailt le haghaidh 2021 agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2020/123.
Airteagal 2 Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin sin, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn foroinn foroinn ICES de Mhuir Bhailt mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ón gComhairle;
(2) ciallaíonn an ghabháil iomlán is incheadaithe (TAC) líon gach stoic ar ceadmhach a ghabháil in imeacht bliana;
(3) ciallaíonn cuóta an cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;
(4) ciallaíonn iascaigh áineasa gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara mar shampla le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt.
CAIBIDIL II DEISEANNA IASCAIREACHTA
Airteagal 4 TACanna agus cionrannta
Leagtar amach san Iarscríbhinn TACanna, na cuótaí agus na coinníollacha a bhaineann go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 5 Forálacha speisialta maidir le cionrannta deiseanna iascaireachta
Beidh cionroinnt deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:
(a) malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(b) asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(c) gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(d) cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó a aistríodh faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(e) asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 6 Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
Sainaithnítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 atá incháilithe don mhaolú ón oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh an chuóta ábhartha.
Airteagal 7 Tréimhsí coiscthe chun trosc sceite a chosaint
1. Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa,
2. Beidh díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
2.
(a) oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;
(b) soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta comhchosúla éighníomhacha eile i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;
(c) soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht i bhforoinn 25, inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce, do stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealamh á úsáid acu arb ionann méid a mhogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, agus a sórtáiltear a dtabhairt i dtír.
3. Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.
4. Beidh díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír a trí sna cásanna seo a leanas:
4.
(a) oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, má dhéantar iad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;
(b) soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta comhchosúla éighníomhacha eile i bhforanna 22 agus 23 i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus i bhforoinn 24 i limistéir suas le sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;
(c) soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht i bhforoinn 24 suas le sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce, do stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealamh á úsáid acu arb ionann méid a mhogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, agus a sórtáiltear a dtabhairt i dtír.
5. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) agus (c) agus mír 4, pointí (b) agus (c) go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.
Airteagal 8 Bearta maidir le hiascaigh áineasa do throsc i bhforanna 22-26
1. In iascaigh áineasa, ní fhéadfar níos mó ná cúig eiseamal trosc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae i bhforanna 22 agus 23 agus i bhforoinn 24 laistigh de shé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, seachas sa tréimhse ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta 2021, nuair nach féidir níos mó ná dhá eiseamal trosc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae.
2. Toirmeascfar iascaireacht áineasa do throsc i bhforoinn 24 thar sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, agus i bhforanna 25 agus 26.
3. Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.
Airteagal 9 Bearta maidir le iascaireacht breac geal agus bradán i bhforanna 22-32
1. Beidh cosc ar shoithí iascaireachta breac geal a iascach thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte i bhforanna 22-32 ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2021. Agus bradáin á n‐iascaireacht sna huiscí sin, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % de ghabháil iomlán na mbradán agus na mbreac geal tráth ar bith a bheidh ar bord nó tugtha i dtír tar éis gach turais iascaireachta.
2. Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.
Airteagal 10 Solúbthacht
1. Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus ag Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.
2. Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n‐úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 11 Tarchur sonraí
I gcás ina seolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí na stoc a ghabhtar nó a thugtar i dtír chuig an gCoimisiún, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL III FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 12 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123
In Iarscríbhinn IA, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna Iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara in ICES roinn 3a agus uiscí an Aontais ICES roinn 2a agus agus ICES folimistéir 4: Speiceas: trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara Trisopterus esmarkii Limistéar: 3a; Uiscí de chuid an Aontais in 2a agus 4 (NOP/2A3A4.) Tréimhse 1 Samhain 2019 go 31 Deireadh Fómhair 2020 1 Samhain 2020go 31 Nollaig 2020 TAC anailíseach an Danmhairg 72433 29972 Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 an Ghearmáin 14 6 Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 An Ísiltír 53 22 an tAontas 72500 30000 an Iorua 14500 pm Oileáin Fharó 5000 pm TAC Ní bhaineann le hábhar Ní bhaineann le hábhar
Airteagal 13 Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón Dé hAoine 1 Eanáir 2021, seachas Airteagal 12 a mbeidh feidhm aige ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Roth
ANNEX
IARSCRÍBHINN
TACanna IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I LIMISTÉIR ARB ANN DO TACanna INA LEITH DE RÉIR SPEICIS AGUS DE RÉIR LIMISTÉIR
Déantar leis na táblaí seo a leanas na TACanna agus na cuótaí a leagan amach (i dtonaí beomheáchain, seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt) de réir stoic, agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo. Is tagairtí do limistéir ICES tagairtí do limistéir iascaireachta, mura sonraítear a mhalairt. Tagraítear do na stoic éisc trí úsáid a bhaint as ord aibítre ainmneacha Laidine an speicis. Chun críocha an Rialacháin seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha: Ainm eolaíoch Cód alpha-3 Gnáthainm Clupea harengus HER An scadán Gadus morhua TROSC An trosc Pleuronectes platessa PLE An leathóg Salmo salar SAL An bradán Atlantach Sprattus sprattus SPR An salán Speiceas: an scadán Clupea harengus Limistéar: Foranna 30-31 (HER/30/31.) an Fhionlainn 53306 an tSualainn 11712 an tAontas 65018 TAC 65018 TAC réamhchúraim Speiceas: an scadán Clupea harengus Limistéar: Foranna 22-24 (HER/3BC+24) an Danmhairg 221 an Ghearmáin 869 an Fhionlainn 0 an Pholainn 205 an tSualainn 280 an tAontas 1575 TAC 1575 TAC anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Speiceas: an scadán Clupea harengus Limistéar: Uiscí an Aontais i bhForanna 25-27, 28.2, 29 agus 32 (HER/3D-R30) an Danmhairg 2146 an Ghearmáin 569 an Eastóin 10960 an Fhionlainn 21393 an Laitvia 2705 an Liotuáin 2848 an Pholainn 24304 an tSualainn 32626 an tAontas 97551 TAC Ní bhaineann le hábhar TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo. Speiceas: An scadán Clupea harengus Limistéar: Foroinn 28.1 an Eastóin 18216 an Laitvia 21230 an tAontas 39446 TAC 39446 TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo. Speiceas: an trosc Gadus morhua Limistéar: Uiscí an Aontais i bhForanna 25-32 (COD/3DX32) an Danmhairg 137 an Ghearmáin 54 an Eastóin 13 an Fhionlainn 10 an Laitvia 51 an Liotuáin 33 an Pholainn 159 an tSualainn 138 an tAontas 595 TAC Ní bhaineann le hábhar TAC réamhchúraim Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Speiceas: an trosc Gadus morhua Limistéar: Foranna 22-24 (COD/3BC+24) an Danmhairg 1746 an Ghearmáin 854 an Eastóin 39 an Fhionlainn 34 an Laitvia 144 an Liotuáin 94 an Pholainn 467 an tSualainn 622 an tAontas 4000 TAC 4000 TAC anailíseach Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Speiceas: an leathóg Pleuronectes platessa Limistéar: Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32 (PLE/3BCD-C) an Danmhairg 5187 an Ghearmáin 576 an Pholainn 1086 an tSualainn 391 an tAontas 7240 TAC 7240 TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo. Speiceas: an bradán Atlantach Salmo salar Limistéar: Uiscí an Aontais i bhForanna 22-31 (SAL/3BCD-F) an Danmhairg 19582 an Ghearmáin 2179 an Eastóin 1990 an Fhionlainn 24417 an Laitvia 12455 an Liotuáin 1464 an Pholainn 5940 an tSualainn 26469 an tAontas 94496 TAC Ní bhaineann le hábhar TAC réamhchúraim Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Speiceas: an bradán Atlantach Salmo salar Limistéar: Uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/3D32.) an Eastóin 911 an Fhionlainn 7972 an tAontas 8883 TAC Ní bhaineann le hábhar TAC réamhchúraim Speiceas: an salán Sprattus sprattus Limistéar: Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32 (SPR/3BCD-C) an Danmhairg 21993 an Ghearmáin 13933 an Eastóin 25539 an Fhionlainn 11513 an Laitvia 30845 an Liotuáin 11158 an Pholainn 65460 an tSualainn 42517 an tAontas 222958 TAC Ní bhaineann le hábhar TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.