Gelex

Cinneadh (AE) 2020/1602 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún

In forceVersion 2020-10-28
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/1602@2020-10-28/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don togra ó rialtas na Rómáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157, (AE) 2020/102, (AE) 2020/144 agus (AE) 2020/511 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh eile (AE) 2020/1153 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún.

(2) Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Ştefan ILIE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis seo ceaptar an duine a leanas ina chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

An tUas. Gheorghe DĂMIAN, Mayor of Ciugud, Alba County.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Deireadh Fómhair 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Roth

Versions

  1. 2020-10-28