Cinneadh (AE) 2020/1704 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/1704@2020-10-23/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218, mír 5 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (Comhaontúi bhfoirm Malartú Litreacha), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle, i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2008.
(2) An Prótacal a ghabhann leis an gcomhaontú lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna agus a bhí le bheith i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain, rinneadh é a ionadú roinnt uaireanta.
(3) An 8 Iúil 2019 d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún le tosú ar chaibidlíocht le Poblacht Ioslamach na Máratáine (an Mháratáin) chun comhaontú comhpháirtíochta nua a thabhairt i gcrích in earnáil na hiascaireachta inbhuanaithe agus Prótacal lena gcuirfí an comhaontú sin chun feidhme a thabhairt i gcrích.
(4) Ionas nach mbeadh na gníomhaíochtaí iascaireachta ar fionraí ar feadh i bhfad, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún freisin le síneadh a chaibidliú ar feadh tréimhse uasta aon bhliain amháin ar an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú atá i bhfeidhm a bhí le dul in éag an 15 Samhain 2019 (Prótacal). Ar an 8 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/1918 maidir leis an síneadh sin.
(5) Idir Meán Fómhair 2019 agus Feabhra 2020, bhí ceithre bhabhta caibidlíochta ann leis an Máratáin d’fhonn comhaontú agus Prótacal nua a thabhairt i gcrích. Ní raibh rath ar na caibidlíochtaí sin.
(6) I bhfianaise na ndálaí sláinte atá ann faoi láthair de dheasca phaindéim COVID-19, is léir nach ndéanfar an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua agus leis an bPrótacal nua a thabhairt i gcrích in am agus dá bhrí sin nach bhféadfaí briseadh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, d’ainneoin an chéad sínte leis an bPrótacal. Sa chomhthéacs sin, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún an 26 Meitheamh 2020 síneadh bliana amháin ar a mhéad ar an bPrótacal a chaibidliú.
(7) Agus an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua agus leis an bPrótacal nua a thabhairt i gcrích le críochnú, chaibidligh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha maidir leis an dara síneadh bliana amháin ar a mhéad ar an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa chomhaontú (Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha). Ag deireadh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha leis an gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha an 7 Iúil 2020.
(8) Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur ar chumas an Aontais agus na Máratáine leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí na Máratáine a shaothrú ar bhealach fónta, agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.
(9) Chun a áirithiú go rachaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais atá ag oibriú in uiscí na Máratáine ar aghaidh gan bhriseadh, is iomchuí an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur i bhfeidhm go sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é, i gcomhréir le pointe 6 ann.
(10) Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, údaraítear an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020, i bhfoirm Malartú Litreacha, a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an comhaontú sin a thabhairt i gcrích
Airteagal 2 Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3 Cuirfear an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 16 Samhain 2020 amach nó ó dháta shíniú an Mhalartaithe Litreacha sin amach má shínítear dá éis sin é, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 4 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán S. Schulze