Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 lena n‐osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/1706@2020-11-13/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Faoi láthair, bíonn soláthairtí tháirgí iascaigh áirithe an Aontais ag brath ar allmhairí ó thríú tíortha. Le scór éigin blianta anuas, tá an tAontas ag éirí níos spleáiche ar allmhairí chun a éileamh ar na táirgí iascaigh a shásamh. Chun a áirithiú nach gcuirtear táirgeadh tháirgí iascaigh an Aontais i mbaol agus go bhfuil soláthar leordhóthanach táirgí iascaigh ann dá thionscal próiseála, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin ar líon áirithe táirgí iascaigh a chur ar fionraí nó a laghdú laistigh de tharaif-chuótaí méid iomchuí. Chun iomaíocht chóir a áirithiú idir táirgí iascaigh allmhairithe agus táirgí iascaigh an Aontais ar mhargadh an Aontais, ba cheart tionchar na mbeart maidir le hiomaíochas tháirgeoirí iascaigh an Aontais a chur san áireamh freisin.
(2) Le Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle, osclaíodh bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2019–2020 agus rinneadh foráil maidir leis an mbainistiú sin. Ós rud é go rachaidh tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin in éag an 31 Nollaig 2020, ba cheart rialachán nua dá ndéantar foráil maidir le taraif-chuótaí a ghlacadh le haghaidh na tréimhse 2021-2023.
(3) Ba cheart allmhairithe uile an Aontais tairbhiú de rochtain chomhionann agus neamhbhriste ar na taraif-chuótaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus ba cheart na rátaí a leagtar amach le haghaidh na dtaraif-chuótaí a chur i bhfeidhm gan bhriseadh i dtaca le hallmhairí uile na dtáirgí iascaigh lena mbaineann a thugtar isteach chuig na Ballstáit uile go dtí go mbeidh na taraif-chuótaí uile ídithe.
(4) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún déantar foráil maidir le córas bainistithe taraif-chuótaí ina leantar ord cróineolaíoch na ndátaí a glacadh le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na taraif-chuótaí arna n‐oscailt ag an Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir leis an gcóras sin.
(5) Tá sé tábhachtach trédhearcacht, intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na páirtithe leasmhara uile. Ós rud é go bhfuil na taraif-chuótaí sin ceaptha chun soláthar leordhóthanach táirgí iascaigh a áirithiú do thionscal próiseála an Aontais, ba cheart leibhéal íosta cóireála nó oibríochta a bheith ag teastáil le haghaidh na teidlíochta cuótaí.
(6) Lena áirithiú go ndéanfar na taraif-chuótaí a bhainistiú ar bhealach éifeachtúil, ba cheart a cheadú do na Ballstáit tarraingt ar mhéid an taraif-chuóta na méideanna is gá a chomhfhreagraíonn dá n‐allmhairí iarbhír. Ós rud é, leis an modh bainistithe sin, go mbíonn dlúthchomhar ag teastáil idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar an ráta lena n‐ídítear na taraif-chuótaí agus ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Déanfar dleachtanna allmhairiúcháin ar na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn a chur ar fionraí nó a laghdú chun go dtiocfaidh siad faoi na taraif-chuótaí ag na rátaí, le linn na dtréimhsí agus suas go dtí na méideanna a shonraítear iontu.
Airteagal 2 Bainisteofar na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.
Airteagal 3 Beidh na taraif-chuótaí faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Airteagal 4
1. Maidir le cur ar fionraí nó laghdú dleachtanna allmhairiúcháin, beidh feidhm acu maidir le táirgí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus maidir leis sin amháin.
2. Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí a dhéantar a phróiseáil ar an leibhéal miondíola nó lónadóireachta.
3. Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí nach bhfuil ceaptha ach le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:
3.
(a) glanadh, dí-inniú, an t‐eireaball a bhaint agus dícheannadh;
(b) gearradh;
(c) filléid mhear-reoite go leithleach atá reoite a athphacáil;
(d) sampláil agus sórtáil;
(e) lipéadú;
(f) pacáil;
(g) fuarú;
(h) reo;
(i) íosreo;
(j) díreo
(k) glónrú;
(l) leá; agus
(m) deighilt.
4. D’ainneoin mhír 3, beidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí atá ceaptha le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:
4.
(a) dísliú;
(b) fáinní a ghearradh de agus stiallacha a ghearradh de le haghaidh ábhar faoi chóid CN 03074391, 03074392 agus 03074399;
(c) filléadú;
(d) flapaí a tháirgeadh;
(e) bloic reoite a ghearradh;
(f) bloic reoite d’fhilléid idirdhuillithe a scoilteadh chun filléid aonair a fháil;
(g) sliseadh le haghaidh ábhair faoi chóid CN ex03036611, ex03036612, ex03036613, ex03036619, ex03038970 agus ex03038990;
(h) cóireáil le gáis phacáistíochta mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh táirgí faoi chóid CN 03061699 (foroinn TARIC 20 agus 30), 03061792 (foroinn TARIC 20), 03061799 (foroinn TARIC 10), 03063590 (foranna TARIC 12, 14, 92 agus 93), 03063690 (foranna TARIC 20 agus 30), 16052190 (foranna TARIC 45, 55 agus 62) agus 16052900 (foranna TARIC 50, 55 agus 60); agus
(i) an táirge reoite a roinnt nó an táirge reoite a chur faoi réir teaschóireála ionas gur féidir dramhábhar inmheánach a bhaint le haghaidh ábhar faoi chóid CN 03061110 (foroinn TARIC 10), 03061190 (foroinn TARIC 20) and 03063100 (foroinn TARIC 10).
Airteagal 5 Oibreoidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhainistiú agus a rialú go cuí.
Airteagal 6 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Samhain 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Roth
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Uimh. an ordaithe Cód CN Cód TARIC Tuairisc Méid bliantúil an chuóta (tonnaí) Dleacht an chuóta Tréimhse an chuóta 09.2503 ex03033985 80 Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra), reoite, le haghaidh próiseála 7500 0 % 1.1.2021–31.12.2023 09.2504 03021120 Bric den speiceas Oncorhynchus mykiss, agus an ceann agus na geolbhaigh orthu, glanta, ar mó ná 1,2 kg meáchan gach ceann díobh, nó gan an ceann orthu, geolbhaithe agus glanta, ar mó ná 1 kg meáchan gach ceann díobh 10000 5 % 1.1.2021–31.12.2023 09.2505 ex03035410 95 Ronnaigh Sheapánacha (Scomber japonicus), iomlán, filléid agus flapaí orthu, le haghaidh próiseála 5000 7,5 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03048949 20 ex03049999 12 09.2746 ex03028990 30 Sclamhairí dearga deisceartacha (Lutjanus purpureus), iad úr, fuaraithe, le haghaidh próiseála 1500 0 % 1.1.2021–31.12.2023 09.2748 ex03029100 96 Eochraí éisc, iad úr, fuaraithe nó reoite, saillte nó faoi sháile, le haghaidh próiseála 5700 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03039190 96 ex03052000 41 09.2750 ex03052000 35 Eochraí éisc, iad nite, na horgáin ghreamaitheacha glanta agus iad saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadaigh caibheáir a mhonarú 1200 0 % 1.1.2021–31.12.2023 09.2754 ex03035910 10 Ainseabhaithe (Engraulis anchoita agus Engraulis capensis), reoite, le haghaidh próiseála 500 0 % 1.1.2021–31.12.2023 09.2759 ex03025110 20 Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus éisc den speiceas Boreogadus saida, seachas aenna agus eochraí, iad úr, fuaraithe nó reoite le haghaidh próiseála 110000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03025190 10 ex03025910 10 ex03036310 10 ex03036330 10 ex03036390 10 ex03036910 10 09.2760 ex03036611 10 Colmóirí (Merluccius spp. seachas Merluccius merluccius, Urophycis spp.) agus tusceascanna bándearga (Genypterus blacodes agus Genypterus capensis), iad reoite, le haghaidh próiseála 10000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03036612 10 ex03036613 10 ex03036619 11 91 ex03038970 10 ex03038990 30 09.2761 ex03047950 10 Gránádóirí gorma (Macruronus spp.), filléid reoite agus feoil eile atá reoite, le haghaidh próiseála 17500 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03047990 11 200 0 % 1.1.2021–31.12.2023 17 ex03049590 11 17 09.2762 ex03061110 10 Gliomaigh charraige dhearga agus piardóga farraige eile (Palinurus spp., Panulirus spp., Jasus spp.), iad beo, fuaraithe, reoite, le haghaidh próiseála 200 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03061190 20 ex03063100 10 09.2765 ex03056200 20 Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus éisc den speiceas Boreogadus saida, saillte nó faoi sháile, ach gan iad triomaithe nó deataithe, le haghaidh próiseála 2000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 25 29 ex03056910 10 09.2770 ex03056300 10 Ainseabhaithe (Engraulis anchoita), saillte nó faoi sháile, ach gan iad a bheith triomaithe nó deataithe, le haghaidh próiseála 1500 0 % 1.1.2021–31.12.2023 09.2772 ex03049310 10 Suiréime, reoite, le haghaidh próiseála 60000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03049410 10 ex03049510 10 ex03049910 10 09.2774 ex03047415 10 Colmóirí an Aigéin Chiúin (Merluccius productus) agus colmóirí na hAirgintíne (colmóirí an Atlantaigh Thiar Theas) (Merluccius hubbsi), filléid reoite agus feoil eile, le haghaidh próiseála 40000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03047419 10 ex03049550 10 20 09.2776 ex03049510 10 Troisc (Gadus morhua, Gadus macrocephalus), filléid reoite agus feoil reoite, le haghaidh próiseála 50000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03047190 10 ex03049521 10 ex03049525 10 09.2777 ex03036700 10 Mangaigh Alascacha (Theragra chalcogramma), iad reoite, filléid reoite agus feoil reoite eile le haghaidh próiseála 340000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03047500 10 ex03049490 10 10 09.2778 ex03048390 21 Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra), filléid reoite agus feoil eile éisc, le haghaidh próiseála 10000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03049999 65 09.2785 ex03074391 10 Ráth scuideanna (Ommastrephes spp. – seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., iad reoite, agus craiceann agus eití orthu, le haghaidh próiseála 20000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03074392 10 ex03074399 21 09.2786 ex03074391 20 Scuideanna (Ommastrephes spp. – seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., reoite, iomlán nó braiteoga agus eití orthu, le haghaidh próiseála 5000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex03074392 20 ex03074399 29 09.2788 ex03024100 10 Scadáin (Clupea harengus, Clupea pallasii), de mheáchan is mó ná 100 g in aghaidh na coda nó flapaí de mheáchan is mó ná 80 g in aghaidh na coda, seachas aenna agus eochraí, le haghaidh próiseála 10000 0 % 1.10.2021– 14.02.2022 1.10.2022– 14.02.2023 1.10.2023–31.12.2023 ex03035100 10 ex03045950 10 ex03049923 10 09.2790 ex16041426 10 Filléid ar a dtugtar luanta tuinníní agus tuinníní aigéanacha, le haghaidh próiseála 35000 0 % 1.1.2021–31.12.2023 ex16041436 10 ex16041446 11 21 92 94 09.2792 ex16041299 16 Scadáin, spíosraithe agus/nó fínéagarleasaithe, faoi sháile, atá leasaithe i mbairillí 70 kg ar a laghad glanmheáchan agus iad díscithe, le haghaidh próiseála 5000 10 % 1.1.2021–31.12.2023 09.2794 ex16052190 45 Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus borealis, agus Pandalus montagui, cócaráilte agus scafa, le haghaidh próiseála 4500 0 % 1.1.2021–31.12.2023 62 ex16052900 50 55