Gelex

Cinneadh (AE) 2020/2136 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dara dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021

In forceVersion 2020-12-14
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/2136@2020-12-14/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal aonair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314(3) de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 10 Nollaig 2020, thíolaic an Coimisiún togra ina raibh dara dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021.

(2) Scrúdaigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún d’fhonn seasamh a shainiú a bheidh comhsheasmhach, ó thaobh an ioncaim de, le Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, agus, ó thaobh an chaiteachais de, lena bhfuil sa chomhaontú i bprionsabal a baineadh amach an 10 Samhain 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027.

(3) Ós rud é gur gá seasamh ón gComhairle a ghlacadh maidir le dara dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 a luaithe is féidir d’fhonn go nglacfar buiséad go cinntitheach roimh thús na bliana airgeadais 2021, rud a áiritheoidh leanúnachas ghníomhaíocht an Aontais, tá údar maith ann, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, an tréimhse 8 seachtaine le haghaidh fhaisnéis na bParlaimintí Náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 a ghiorrú,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

An 14 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle seasamh ón gComhairle maidir le dara dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021. Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. Roth

Versions

  1. 2020-12-14