Gelex

Cinneadh (CBES) 2020/471 ón gComhairle an 31 Márta 2020 lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/778 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh i nDeisceart na Meánmhara Láir (EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA)

In forceVersion 2020-03-31
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/471@2020-03-31/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe d’Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 18 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/778.

(2) An 26 Meán Fómhair 2019, chuir an Chomhairle síneadh le Cinneadh (CBES) 2015/778 go dtí an 31 Márta 2020 trí Chinneadh (CBES) 2019/1595.

(3) An 17 Feabhra 2020, d’aontaigh an Chomhairle gur cheart deireadh a chur le EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/778 a aisghairm agus mar thoradh air sin, tiocfaidh deireadh le EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA tar éis aisghairm an Chinnidh sin.

(4) Le Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle lena mbunaítear sásra chun na costais choiteanna a bhaineann le hoibríochtaí an Aontais Eorpaigh, a mbíonn impleachtaí míleata nó cosanta leo (Athena), a mhaoiniú, cinntear na nósanna imeachta maidir le cuntais na hoibríochta a iniúchadh agus a thíolacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. Aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/778 leis seo.

2. Beidh aisghairm Chinneadh (CBES) 2015/778 gan dochar do na nósanna imeachta a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2015/528 maidir le cuntais EUNAVFOR MED oibríocht SOPHIA a iniúchadh agus a thíolacadh.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. Metelko-Zgombić

Versions

  1. 2020-03-31