Gelex

Cinneadh (AE) 2020/48 Ón Gcomhairle an 21 Eanáir 2020 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2020-01-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2020/48@2020-01-21/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

(2) Le Cinneadh (AE) 2019/476, chuir an Chomhairle Eorpach síneadh ar dtús, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 12 Aibreán 2019. Cuireadh síneadh breise leis an tréimhse sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 le Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach, arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, agus go dtí an 31 Eanáir 2020 ina dhiaidh sin le Cinneadh (AE) 2019/1810 ón gComhairle Eorpach, arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe.

(3) Leis an tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, arna oiriúnú, foráiltear go bhféadfaidh an tAontas, agus an fógra i scríbhinn faoina nósanna imeachta inmheánacha is gá a bheith curtha i gcrích á thabhairt, i ndáil le haon Bhallstát a rinne cúiseanna a bhaineann le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a thabhairt ar aird, a dhearbhú gurb amhlaidh, le linn na hidirthréimhse, i dteannta na bhforas maidir le neamh-fhorghníomhú barántais gabhála Eorpaigh dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle, go bhféadfaidh údaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha an Bhallstáit sin diúltú a náisiúnaigh a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe de bhun barántas gabhála Eorpach. De bhun Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/274, tá na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt siar le cur in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh roimh an 15 Feabhra 2019.

(4) I bhfianaise na síntí éagsúla a cuireadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE, is iomchuí Cinneadh (AE) 2019/274 a leasú chun teorainn ama nua a shocrú faoina ceann ar cheart do na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 185 a chur in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh. Ag an tráth seo, is iomchuí an tagairt don mhír ábhartha d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt siar a oiriúnú.

(5) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2019/274 a leasú dá réir.

(6) Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bplé na Comhairle faoin gcinneadh seo ná ina ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/274:

Airteagal 1

Airteagal 4 Na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa tríú mír d’Airteagal 185 den Chomhaontú, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil sé ar intinn acu déanamh amhlaidh roimh an 28 Eanáir 2020..

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2020. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. Metelko-Zgombić

Versions

  1. 2020-01-21