Gelex

Rialachán (AE) 2021/1069 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1579 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2021 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad

In forceVersion 2021-06-28from 2021-01-01
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1069@2021-06-28/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1579
  3. Airteagal 2 Leasú ar Rialachán (AE) 2021/92
  4. Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
  5. ANNEX
  6. CUID A
  7. CUID B
  8. CUID C
  9. 6. Tábla A Tábla B

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt. An 28 Bealtaine 2021, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) comhairle eolaíoch athbhreithnithe maidir le gabhálacha scadán i Murascaill na Boitnia in 2021. Leis an gcomhairle, tugtar an figiúr gabhála cothrom le dáta agus uasghrádaítear an chomhairle go comhairle chatagóir 1 maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe (MSY). Ba cheart, ar an ábhar sin, na deiseanna iascaireachta scadán i Murascaill na Boitnia a choigeartú dá réir, agus dá bharr sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1579 a leasú dá réir.

(2) Le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.

(3) De réir chomhairle ICES an 13 Aibreán 2021, ní ceart gabhálacha salán (Sprattus sprattus) i roinn 3a ICES (Kattegat/Skagerrak), agus i bhfolimistéar 4 ICES (an Mhuir Thuaidh), a bheith níos mó ná 106715 thona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022. Ba cheart, mar sin, na deiseanna iascaireachta le haghaidh salán don tréimhse sin a shocrú ag 87186 thona in uiscí an Aontais i roinn 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES, agus ag 19529 dtona i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin, i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.

(4) Le Rialachán (AE) 2021/92, socraítear ag nialas gabháil iomlán incheadaithe (TAC) ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de chuid roinn 34.1.1 an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022, go dtí go n-eiseofar an chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse sin. Eiseoidh ICES a chomhairle le haghaidh an stoic sin ag deireadh mhí an Mheithimh 2021. Chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de ghníomhaíocht iascaireachta go dtí go socrófar TAC ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí, ba cheart TAC sealadach 5744 thona, arna bhunú ar na gabhálacha sa tríú ráithe de 2020, a bhunú.

(5) Ba cheart na huimhreacha i bpointe 6 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/92 a leasú chun na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir roinnt Ballstát a léiriú chun méideanna áirithe d’ionchuir agus acmhainneacht feirmeoireachta tuinnín ghoirm a aistriú go sealadach eatarthu féin, go heisiach don bhliain 2021. Cuireadh na hathruithe sin in iúl don Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) trí phlean feirmeoireachta leasaithe de chuid an Aontais agus ní dhéanann siad difear don acmhainneacht iomlán feirmeoireachta ná d’acmhainneacht ionchuir an Aontais i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

(6) Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/1579 ón 1 Eanáir 2021. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na forálacha a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo maidir le teorainneacha gabhála le haghaidh scadán i Murascaill na Boitnia ón dáta sin. Ní dochar an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar nach bhfuil na deiseanna iascaireachta atá i gceist ídithe go fóill.

(7) Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe chun go mbeifear in ann tús a chur in am, an 1 Iúil 2021, leis an séasúr iascaireachta le haghaidh salán agus ainseabhaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1579

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1579 faoi mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Leasú ar Rialachán (AE) 2021/92

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 faoi mar a leagtar amach i gCodanna B agus C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2021. Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán M. do C. Antunes

ANNEX

IARSCRÍBHINN

CUID A

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1579, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla maidir le deiseanna iascaireachta scadán i bhforanna 30-31 ICES: Speiceas: an Scadán Clupea harengus Limistéar: Foranna 30-31 (HER/30/31.) an Fhionlainn 96321 TAC anailíseach an tSualainn 21164 an tAontas 117485 TAC 117485

CUID B

Leasaítear Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/92 mar a leanas:

(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí de chuid an Aontais i roinn 3a ICES: Speiceas: Salán agus foghabhálacha gaolmhara Sprattus sprattus Limistéar: 3a (SPR/03A.) an Danmhairg 13086 TAC anailíseach an Ghearmáin 27 an tSualainn 4951 an tAontas 18064 TAC 19529

(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus i roinn 2a ICES de chuid na Ríochta Aontaithe: Speiceas: Salán agus foghabhálacha gaolmhara Sprattus sprattus Limistéar: Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe 2a (SPR/2AC4-C) an Bheilg 993 TAC anailíseach an Danmhairg 78553 an Ghearmáin 993 an Fhrainc 993 an Ísiltír 993 an tSualainn 1330 an tAontas 83855 an Iorua 0 Oileáin Fharó 0 an Ríocht Aontaithe 3331 TAC 87186

(3) cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir ICES 9 agus 10 agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 CECAF: Speiceas: An t-ainseabhaí Engraulis encrasicolus Limistéar: 9 agus 10; Uiscí an Aontais in 34.1.1 CECAF (ANE/9/3411) an Spáinn 2747 TAC réamhchúraim an Phortaingéil 2997 an tAontas 5744 TAC 5744

CUID C

In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

6. Tábla A Tábla B

Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma le haghaidh gach Ballstáit agus uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhfar go fiáin a fhéadfaidh gach Ballstát a chionroinnt ar a fheirmeacha san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma An líon feirmeacha Acmhainneacht (i dtonaí) an Spáinn 10 11852 an Iodáil 13 9564 an Ghréig 2 2100 an Chipir 3 3000 an Chróit 7 7880 Málta 6 14511 Uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhtar go fiáin (i dtonaí) an Spáinn 6850 an Iodáil 1739,5 an Ghréig 785 an Chipir 2195 an Chróit 2947 Málta 10260,5 an Phortaingéil 350

Versions

  1. 2021-06-28