Cinneadh (AE) 2021/1076 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2021 lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na Seice, de Choiste na Réigiún
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1076@2021-06-22/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún,
Ag féachaint do na tograí ó Rialtas na Seice,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.
(2) An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157, lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.
(3) Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh an tsainordaithe náisiúnta ar dá mbun a rinneadh Martin KLIKA agus Jaromír NOVÁK a mholadh le haghaidh ceapacháin.
(4) Tá sé molta ag Rialtas na Seice na daoine a leanas ar ionadaithe de chomhlachtaí réigiúnacha iad a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, a cheapadh ina gcomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Pavel KARPÍŠEK, Zastupitel Plzeňského kraje (Ionadaí Réigiún Pilsen), agus Jiří ŘEHÁK, Zastupitel Ústeckého kraje (Ionadaí Réigiún Ústecký),
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas, ar ionadaithe de chomhlachtaí réigiúnacha iad a bhfuil sainordú toghchánach acu, ina gcomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
Pavel KARPÍŠEK, Zastupitel Plzeňského kraje (Ionadaí Réigiún Pilsen),
Jiří ŘEHÁK, Zastupitel Ústeckého kraje (Ionadaí Réigiún Ústecký).
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 22 Meitheamh 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. P. Zacarias