Gelex

Rialachán (AE) 2021/1080 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta 16, 37 agus 41 agus Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 1, 3 agus 9 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2021-06-28from 2021-07-22
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1080@2021-06-28/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 mar a leanas:
  3. ANNEX
  4. Leasuithe ar IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh
  5. Gnéithe den chostas 17.20A
  6. Gnéithe den chostas 17.
  7. NOCHTADH 74.74A
  8. NOCHTADH 74.
  9. Leasuithe ar IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha
  10. CUR I bhFEIDHM NA RIALACHA MAIDIR LE hAITHINT AGUS TOMHAS
  11. Conarthaí dochraideacha 68.68A69.
  12. Conarthaí dochraideacha 68.68A
  13. Leasuithe ar IFRS 3 Comhcheangail Ghnó
  14. Na sócmhainní inaitheanta a fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán a aithint agus a thomhas Prionsabal an aitheantais 10.
  15. Coinníollacha an aitheantais 11.14.
  16. Eisceachtaí ar phrionsabal an aitheantais Dliteanais agus dliteanais theagmhasacha laistigh de raon feidhme IAS 37 nó IFRIC 21 21A21B21C
  17. (b)
  18. Dáta éifeachtach 64Q
  19. Leasú ar IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais
  20. Leasú ar IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais
  21. Caibidil 7 Dáta éifeachtach agus aistriú
  22. 7.2 An t-aistriú le haghaidh Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS 7.2.35.
  23. Leasú ar IAS 41 Talmhaíocht
  24. Aguisín D
  25. Díolúintí ó IFRS eile D1
  26. Difríochtaí carnacha aistriúcháin D13A
  27. AGUISÍN B Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm
  28. AITHEANTAS AGUS DÍ-AITHEANTAS (CAIBIDIL 3)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta, agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún, glacadh caighdeáin agus léirmhíniúcháin idirnáisiúnta áirithe a bhí ann cheana an 15 Deireadh Fómhair 2008.

(2) An 14 Bealtaine 2020, d’fhoilsigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB) roinnt mionleasuithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IAS) 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh, 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, agus Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 3 Comhcheangail Ghnó. Leis na leasuithe sin, tugtar soiléirithe breise maidir leis na caighdeáin a chur i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí agus tagairtí a thabhairt cothrom le dáta.

(3) An 14 Bealtaine 2020 d’eisigh IASB Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2018-2020 faoi chuimsiú an phróisis feabhsúcháin tráthrialta atá acu. Tá sé d’aidhm ag na feabhsuithe bliantúla na caighdeáin atá ann cheana féin a chuíchóiriú agus a shoiléiriú. Is é is cuspóir do na feabhsuithe bliantúla aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna is gá ach nach bhfuil práinneach a phléigh IASB le linn thimthriall an tionscadail maidir le réimsí neamhréireachta sna Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, nó in aon áit a bhfuil gá le soiléiriú san fhoclaíocht. Tá leasuithe ar IAS 41 Talmhaíocht, IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais sna feabhsuithe bliantúla.

(4) Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, chinn an Coimisiún go gcomhlíonann na leasuithe ar IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh, IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, IAS 41 Talmhaíocht, IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, IFRS 3 Comhcheangail Ghnó, agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais na critéir maidir leis an nglacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

(5) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a leasú dá réir sin.

(6) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Rialála Cuntasaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 mar a leanas:

(a) Leasaítear Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) Leasaítear IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c) Leasaítear Léasanna IAS 41 Talmhaíocht mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(d) Leasaítear Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(e) Leasaítear IFRS 3 Comhcheangail Ghnó mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(f) Leasaítear IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

Airteagal 2 Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm, ó dháta tosaithe a céad bhliain airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN Leasuithe ar IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh Leasuithe ar IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha Leasuithe ar IFRS 3 Comhcheangail Ghnó Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2018-2020

Leasuithe ar IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh

Leasaítear míreanna 17 agus 74; cuirtear míreanna 20A, 74A, 80D agus 81N leis. Níor leasaíodh na ceanglais a bhíodh i mír 74(d) ach aistríodh iad go mír 74A(a).

TOMHAS AG CÉIM NA hAITHEANTA

...

Gnéithe den chostas 17.20A

... Is samplaí iad seo a leanas de chostais atá inchurtha go díreach: ... ... D’fhéadfaí go dtáirgfí earraí agus earra réadmhaoine, gléasra nó trealaimh á dtógáil chuig an suíomh agus an bhail is gá chun go mbeidh sé in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaigh an lucht bainistíochta (mar atá samplaí a táirgeadh le linn na tástála ar fheidhmiú cuí na sócmhainne). Aithníonn eintiteas na fáltais ó na hearraí sin a dhíol, agus costas na n-earraí sin, i mbrabús nó caillteanas i gcomhréir leis na Caighdeáin is infheidhme. Tomhaiseann an t-eintiteas costas na n-earraí sin agus ceanglais tomhais IAS 2 á gcur i bhfeidhm. ...

Gnéithe den chostas 17.

(e) costais a bhaineann le tástáil a dhéanamh ar cé acu atá an tsócmhainn ag feidhmiú i gceart nó nach bhfuil (i.e. measúnú a dhéanamh ar cé acu atá feidhmíocht theicniúil agus fhisiciúil na sócmhainne de chineál a fhágann gur féidir í a úsáid i dtáirgeadh nó i soláthar earraí nó seirbhísí, chun a cur ar cíos le comhlachtaí eile, nó chun críoch riaracháin nó nach bhfuil); agus ...

NOCHTADH 74.74A

... Nochtfar freisin sna ráitis airgeadais: ... Nochtfar na nithe seo a leanas freisin sna ráitis airgeadais mura léirítear ar leithligh iad sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach:

NOCHTADH 74.

(b) méid an chaiteachais arna shainaithint i nglanluach an earra réadmhaoine, gléasra agus trealaimh le linn a tógála; agus

(c) méid na ngealltanas conarthach le haghaidh éadálacha réadmhaoine, gléasraí agus trealaimh

NOCHTADH 74.74A

(a) méid an chúitimh ó thríú páirtithe le haghaidh earraí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a lagaíodh, a cailleadh nó a géilleadh atá san áireamh i mbrabús nó caillteanas; agus

(b) méideanna na bhfáltas agus costais atá san áireamh i mbrabús nó caillteanas i gcomhréir le mír 20A a bhaineann le hearraí a táirgeadh nach aschuir iad de ghnáthghníomhaíochtaí an eintitis, agus cén mhír(cé na míreanna) líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach lena n-áirítear fáltais agus costas den chineál sin.

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA 80D

... Le Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh—Fáltais roimh an úsáid atá beartaithe, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh míreanna 17 agus 74 agus cuireadh míreanna 20A agus 74A leis. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach ach ar na hearraí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh amháin a thógtar chuig an suíomh agus an bhail is gá chun go mbeidh sé in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaigh an lucht bainistíochta roimh thús nó ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais ina gcuirfidh an t-eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair. Aithneoidh an t-eintiteas an iarmhairt charnach a bhaineann leis na leasuithe a chur i bhfeidhm ar dtús mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) ag tús na tréimhse is luaithe sin a chuirtear i láthair.

DÁTA ÉIFEACHTACH 81N

... Le Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh—Fáltais roimh an úsáid atá beartaithe, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh míreanna 17 agus 74 agus cuireadh míreanna 20A, 74A agus 80D leis. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

Leasuithe ar IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

Cuirtear míreanna 68A, 94A agus 105 leis agus leasaítear mír 69. Ní leasaítear mír 68, ach cuirtear san áireamh í ar mhaithe leis an léitheoir.

CUR I bhFEIDHM NA RIALACHA MAIDIR LE hAITHINT AGUS TOMHAS

...

Conarthaí dochraideacha 68.68A69.

... Leis an gCaighdeán seo, sainmhínítear conradh dochraideach mar chonradh lenar mó na costais dhosheachanta a bhaineann le comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gconradh ná na tairbhí eacnamaíocha a bhfuiltear ag súil le fáil faoin gconradh. Na costais dhosheachanta faoi chonradh, léiríonn siad an glanchostas is lú a bhaineann leis an gconradh a fhágáil, costais atá níos ísle ná an costas a bhaineann lena chomhlíonadh agus aon chúiteamh nó pionóis a eascraíonn as neamh-chomhlíonadh an chonartha. Is iad na costais a bhaineann le conradh a chomhlíonadh na costais a bhaineann go díreach leis an gconradh. Is iad an dá chostas seo a leanas a bhaineann le conradh go díreach: Sula mbunófar foráil ar leith le haghaidh conradh dochraideach, aithníonn an t-eintiteas aon chaillteanas lagaithe maidir le sócmhainní a úsáideadh i gcomhlíonadh an chonartha (féach IAS 36). ...

Conarthaí dochraideacha 68.68A

(a) na costais incriminteacha a bhaineann leis an gconradh sin a chomhlíonadh—mar shampla, saothar díreach agus ábhair; agus

(b) leithdháileadh na gcostas eile a bhaineann go díreach le conarthaí a chomhlíonadh—mar shampla, leithdháileadh an mhuirir dhímheasa le haghaidh earra réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a úsáidtear i gcomhlíonadh an chonartha sin, i measc conarthaí eile.

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA 94A

... Le Conarthaí Dochraideacha—an Costas a bhaineann le Conradh a Chomhlíonadh, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, cuireadh mír 68A leis agus leasaíodh mír 69. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar chonarthaí ina bhfuil oibleagáidí fós le comhlíonadh ag tús na tréimhse bliantúil tuairiscithe ina gcuirfidh sé na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair (dáta a chuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair). Ní dhéanfaidh an t-eintiteas faisnéis chomparáideach a athshonrú. Ina ionad sin, aithneoidh an t-eintiteas an iarmhairt charnach a bhaineann leis na leasuithe a chur i bhfeidhm ar dtús mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí, ar an dáta a chuirtear na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair.

DÁTA ÉIFEACHTACH 105.

... Le Conarthaí Dochraideacha—an Costas a bhaineann le Conradh a Chomhlíonadh, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, cuireadh míreanna 68A agus 94A leis agus leasaíodh mír 69. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

Leasuithe ar IFRS 3 Comhcheangail Ghnó

Leasaítear mír 11 agus scriostar an fonóta a ghabhann le Creat i gcomhair Ullmhú agus Cur i láthair Ráiteas Airgeadais i mír 11. Leasaítear míreanna 14, 21, 22 agus 23 agus cuirtear míreanna 21A, 21B, 21C, 23A agus 64Q leis. Cuirtear ceannteideal isteach os cionn mhír 21A agus leasaítear na ceannteidil faoi mhír 21 agus os cionn mhír 22. Ní leasaítear mír 10, ach cuirtear san áireamh í chun tagairt di a éascú.

MODH NA hÉADÁLA

...

Na sócmhainní inaitheanta a fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán a aithint agus a thomhas Prionsabal an aitheantais 10.

Amhail ó dháta na héadála, aithneoidh an faighteoir, ar leithligh ón gcáilmheas, na sócmhainní inaitheanta a fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán. Is faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear i míreanna 11 agus 12 atá aithint na sócmhainní inaitheanta a fuarthas agus na ndliteanas gafa.

Coinníollacha an aitheantais 11.14.

Le bheith i dteideal aitheantais mar chuid de mhodh na héadála a chur i bhfeidhm, ní mór do na sócmhainní inaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa sainmhínithe na sócmhainní agus na ndliteanas sa Chreat Coincheapúil um Thuairisciú Airgeadais a chomhlíonadh ar dháta na héadála. Mar shampla, ní dliteanais ar dháta na héadála iad na costais lena bhfuil an faighteoir ag súil ach nach bhfuil d’oibleagáid air a thabhú chun dul i bhfeidhm ar an bplean atá aige gníomhaíocht faighteáin a fhágáil nó fostaithe an fhaighteáin a dhífhostú nó a athshocrú. Dá bhrí sin, ní aithníonn an faighteoir na costais sin mar chuid de chur i bhfeidhm mhodh na héadála. Ina ionad sin, aithníonn an faighteoir na costais sin ina ráitis airgeadais i ndiaidh comhcheangail i gcomhréir le Caighdeáin IFRS eile. ... Le míreanna B31–B40, cuirtear treoraíocht ar fáil maidir le sócmhainní doláimhsithe a aithint. Le míreanna 21A–28B, sonraítear cineálacha na sócmhainní aitheanta agus na ndliteanas lena n-áirítear earraí faoina bhfuil líon teoranta eisceachtaí san IFRS seo maidir le prionsabal agus coinníollacha an aitheantais. ...

Eisceachtaí ar phrionsabal an aitheantais nó prionsabal an tomhais 21.

Leis an IFRS seo, cuirtear líon teoranta eisceachtaí ar fáil maidir le prionsabal an aitheantais agus prionsabal an tomhais atá ann. Le míreanna 21A–31A, sonraítear na hearraí ar leith faoina dtugtar eisceachtaí agus cineál na n-eisceachtaí sin araon. Tabharfaidh an faighteoir cuntas ar na hearraí sin trí na ceanglais i míreanna 21A–31A a chur i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go ndéanfar:

(a) earraí áirithe a aithint trí choinníollacha aitheantais a chur i bhfeidhm sa bhreis orthu siúd i míreanna 11 agus 12 nó trí na ceanglais a bhaineann le Caighdeáin IFRS eile a chur i bhfeidhm, lena mbeidh torthaí éagsúla ó na torthaí a bhfaighfí trí phrionsabal agus coinníollacha an aitheantais a chur i bhfeidhm.

(b) earraí áirithe a thomhas ar mhéid atá éagsúil leis na luachanna córa ar dháta na héadála.

Eisceachtaí ar phrionsabal an aitheantais Dliteanais agus dliteanais theagmhasacha laistigh de raon feidhme IAS 37 nó IFRIC 21 21A21B21C

Tá feidhm ag mír 21B ar dhliteanais agus dliteanais theagmhasacha a bheadh laistigh de raon feidhme IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha nó IFRIC 21 Tobhaigh dá dtabhófaí ar leithligh iad seachas dá ngabhfaí iad i gcomhcheangal gnó. Leis an gCreat Coincheapúil um Thuairisciú Airgeadais, sainmhínítear dliteanas mar oibleagáid láithreach atá ag an eintiteas acmhainn gheilleagrach a aistriú de bharr teagmhas roimhe seo. Le haghaidh forála nó dliteanas teagmhasach a bheadh laistigh de raon feidhme IAS 37, cuirfidh an faighteoir míreanna 15–22 de IAS 37 i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu atá oibleagáid láithreach ann ar dháta na héadála de bharr teagmhas roimhe seo nó nach bhfuil. Le haghaidh tobhaigh a bheadh laistigh de raon feidhme IFRIC 21, cuirfidh an faighteoir IFRIC 21 i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu a tharla an teagmhas cruthaithe oibleagáide as a n-éiríonn dliteanas tobhach a íoc roimh dháta na héadála nó nár tharla. B’fhéidir go gcomhlíonfadh oibleagáid láithreach arna haithint i gcomhréir le mír 21B sainmhíniú dliteanais theagmhasach mar a leagtar amach i mír 22(b). Más amhlaidh atá, beidh feidhm ag mír 23 ar an dliteanas teagmhasach sin.

Dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní teagmhasacha 22.23.23A

Le IAS 37 sainmhínítear dliteanas teagmhasach mar seo a leanas: Aithneoidh an faighteoir, amhail ó dháta na héadála, dliteanas teagmhasach a gabhadh i gcomhcheangal gnó más oibleagáid láithreach atá ann de bharr teagmhas roimhe seo agus más féidir a luach cóir a thomhas go hiontaofa. Dá bhrí sin, in aghaidh mhíreanna 14(b), 23, 27, 29 agus 30 de IAS 37, aithníonn an faighteoir dliteanas teagmhasach arna ghabháil i gcomhcheangal gnó ar dháta na héadála fiú amháin murar dócha go mbeidh gá le heis-sreabhadh acmhainní a bhfuil tairbhí eacnamaíocha ag baint leo chun an oibleagáid a shocrú. Le mír 56 den IFRS seo, cuirtear treoraíocht ar fáil maidir le cuntas a thabhairt ar dhliteanais theagmhasacha ina dhiaidh sin. Le IAS 37, sainmhínítear sócmhainn theagmhasach mar sócmhainn fhéideartha a eascraíonn as teagmhais roimhe seo agus a dheimhneofar go bhfuil sí ann ach amháin i gcás go dtarlaíonn imeacht éiginnte amháin nó níos mó sa todhchaí nó nach dtarlaíonn, imeacht nach bhfuil go hiomlán faoi smacht an eintitis. Ní aithneoidh an faighteoir sócmhainn theagmhasach ar dháta na héadála. ...

Dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní teagmhasacha 22.

(a) oibleagáid fhéideartha a eascraíonn as teagmhais roimhe seo agus a dheimhneofar go bhfuil sí ann ach amháin i gcás go dtarlaíonn imeacht éiginnte amháin nó níos mó sa todhchaí nó nach dtarlaíonn, imeacht nach bhfuil go hiomlán faoi smacht an eintitis; nó

(b) oibleagáid láithreach a eascraíonn as teagmhais roimhe seo ach nach n-aithnítear mar gheall orthu seo a leanas:

(b)

(i) ní dócha go mbeidh gá le heis-sreabhadh acmhainní a bhfuil tairbhí eacnamaíocha ag baint leo chun an oibleagáid a shocrú; nó

(ii) ní féidir méid na hoibleagáide a thomhas ar bhealach atá iontaofa go leor.

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ

Dáta éifeachtach 64Q

... Leis an Tagairt don Chreat Coincheapúil a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh míreanna 11, 14, 21, 22 agus 23 agus cuireadh míreanna 21A, 21B, 21C agus 23A leis. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar chomhcheangail ghnó ag a bhfuil dáta na héadála roimh thús nó ag tús na chéad tréimhse bliantúil tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann an t-eintiteas na leasuithe uile i bhfeidhm ag an am céanna nó níos luaithe, leasuithe a rinneadh i Leasuithe ar na Tagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, a eisíodh i mí an Mhárta 2018.

Leasú ar IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais

Cuirtear mír 39AG leis agus, in Aguisín D, cuirtear mír D13A leis. Leasaítear mír D1(f).

DÁTA ÉIFEACHTACH 39AG

... Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2018-2020, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh mír D1(f) agus cuireadh mír D13A leis. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

Leasú ar IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

Cuirtear mír 7.1.9, mír 7.2.35 agus a ceannteideal, agus mír B3.3.6A leis. Leasaítear mír B3.3.6. Níor leasaíodh na ceanglais i mír B3.3.6A ach aistríodh iad ó mhír B3.3.6.

Caibidil 7 Dáta éifeachtach agus aistriú

7.17.1.9. DÁTA ÉIFEACHTACH ... Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2018-2020, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, cuireadh míreanna 7.2.35 agus B3.3.6A leis agus leasaíodh B3.3.6. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

7.2 AISTRIÚ ...

7.2 An t-aistriú le haghaidh Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS 7.2.35.

Cuirfidh an t-eintiteas Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2018-2020 i bhfeidhm ar dhliteanais airgeadais a mhodhnaítear nó a mhalartaítear ag tús na tréimhse bliantúil tuairiscithe ina gcuireann an t-eintiteas an leasú i bhfeidhm den chéad uair nó ina dhiaidh sin.

Leasú ar IAS 41 Talmhaíocht

Leasaítear mír 22 agus cuirtear mír 65 leis.

AITHINT AGUS TOMHAS 22.

... Ní chuireann an t-eintiteas aon sreabhadh airgid san áireamh le haghaidh mhaoiniú na sócmhainne nó athbhunú na sócmhainní bitheolaíocha tar éis na buainte (mar shampla, an costas a bhaineann le crainn a athchur i bhfáschoill tar éis na buainte). ...

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ 65.

... Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2018-2020, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh mír 22. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar thomhais an luacha chóir roimh thús nó ag tús na chéad tréimhse bliantúil tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

Aguisín D

Díolúintí ó IFRS eile D1

Is dlúthchuid den IFRS é an t-aguisín seo. Féadfaidh an t-eintiteas rogha a dhéanamh ceann amháin nó níos mó de na díolúintí seo a leanas a úsáid: ... ...

(f) difríochtaí carnacha aistriúcháin (míreanna D12-D13A);

Difríochtaí carnacha aistriúcháin D13A

... In ionad mhír D12 nó mhír D13 a chur i bhfeidhm, féadfaidh fochuideachta a úsáideann an díolúine i mír D16(a) rogha a dhéanamh, ina ráitis airgeadais, difríochtaí carnacha aistriúcháin a thomhas ag an suim ghlanluacha le haghaidh na n-oibríochtaí eachtracha uile a bheadh san áireamh i ráitis airgeadais chomhdhlúite na máthairchuideachta, bunaithe ar dháta aistrithe na máthairchuideachta chuig caighdeáin IFRS, mura ndearnadh aon choigeartú le haghaidh nósanna imeachta um chomhdhlúthú agus le haghaidh thionchair an chomhcheangail ghnó lena bhfuair an mháthairchuideachta an fhochuideachta. Tá rogha chomhchosúil ar fáil le haghaidh comhlaigh nó comhfhiontair a úsáideann an díolúine i mír D16(a). ...

AGUISÍN B Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo. ...

AITHEANTAS AGUS DÍ-AITHEANTAS (CAIBIDIL 3)

...

Dí-aithint na ndliteanas airgeadais (Roinn 3.3) B3.3.6B3.3.6A

... Chun críocha mhír 3.3.2, is mór an difríocht atá sna téarmaí má tá luach lascainithe láithreach an tsreafa airgid faoi na téarmaí nua, lena n-áirítear aon táille a íocadh glan i ndiaidh d’aon táille a fuarthas agus a lascainíodh tríd an ráta úis bunaidh éifeachtach, ar a laghad 10 % difriúil ó luach lascainithe láithreach an tsreafa airgid atá fágtha a bhaineann leis an dliteanas bunaidh airgeadais. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na dtáillí sin a íocadh glan i ndiaidh d’aon táille a fuarthas, ní chuireann an t-iasachtaí ach táillí a íocadh nó a fuarthas idir an t-iasachtaí agus an t-iasachtóir san áireamh, lena n-áirítear táillí a d’íoc nó a fuair an t-iasachtaí thar ceann an iasachtóra nó a mhalairt. I gcás go ndéantar malartú ionstraimí fiachais nó modhnú téarmaí a áireamh mar mhúchadh, aithnítear aon chostas nó táille arna dtabhú mar chuid den ghnóthachan nó caillteanas maidir leis an múchadh. Mura ndéantar an malartú nó an modhnú a áireamh mar mhúchadh, déanann aon chostas nó táille arna dtabhú suim ghlanluacha an dliteanais a choigeartú agus déantar iad a amúchadh thar atá fágtha de théarma an dliteanais mhodhnaithe. ...

Versions

  1. 2021-06-28