Rialachán (AE) 2021/1109 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2021 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh soithí áirithe a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1109@2021-07-01/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021.
(2) An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an séacla mór dearg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 de GFCM agus is infheidhme maidir le soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil agus atá cothrom le 24 mhéadar nó níos faide ná sin, meastar gur baineadh amach í le haghaidh 2021 de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún.
(3) Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stocghrúpa sin.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Ídiú iarrachta
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar an Iodáil le haghaidh stocghrúpa an tséacla mhóir dheirg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar í a bheith bainte amach ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2 Toirmisc
Gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil agus atá cothrom le 24 mhéadar nó níos faide ná sin, toirmeascfar iad ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Go háirithe, beidh toirmeasc ar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Iúil 2021. Thar ceann an Choimisiúin, Ar son an Uachtaráin, Virginijus Sinkevičius Comhalta den Choimisiún
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Uimh. 10/TQ90 Ballstát An Iodáil Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta EFF2/MED2_TR4 Stocghrúpa An séacla mór dearg in FLGanna 9, 10 agus 11 Fad foriomlán na soithí lena mbaineann ≥ 24 mhéadar Dáta deiridh 15.6.2021