Gelex

Cinneadh (CBES) 2021/1192 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/142

In forceVersion 2021-07-19from 2021-07-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1192@2021-07-19/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1 I.

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES.

(2) An 5 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/142 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (an liosta).

(3) I gcomhréir le hAirteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, is gá athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

(4) Leagtar amach sa Chinneadh seo toradh an athbhreithnithe a rinne an Chomhairle i dtaca leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

(5) Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis teacht ar an tátal freisin gur cheart go leanfadh na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i gComhsheasamh 2001/931/CBES.

(6) Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir sin, agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/142 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

Airteagal 2 Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2021/142 a aisghairm.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Podgoršek

ANNEX

IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1 I.

DAOINE

1. ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi) a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2. AL-NASSER, Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3. AL YACOUB, Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4. ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); Uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5. ASSADI Assadollah, a rugadh an 22.12.1971 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6. BOUYERI, Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu ZUBAIR, ar a dtugtar freisin SOBIAR, ar a dtugtar freisin Abu ZOUBAIR), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7. EL HAJJ, Hassan Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8. HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9. IZZ-AL-DIN, Hasan (ar a dtugtar freisin GARBAYA, Ahmed, ar a dtugtar freisin SA-ID, ar a dtugtar freisin SALWWAN, Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10. MELIAD, Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11. MOHAMMED, Khalid Shaikh (ar a dtugtar freisin ALI, Salem, ar a dtugtar freisin BIN KHALID, Fahd Bin Adballah, ar a dtugtar freisin HENIN, Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin WADOOD, Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas 488555.

12. ŞANLI, Dalokay (ar a dtugtar freisin Sinan), a rugadh an 13.10.1976 in Pülümür (an Tuirc).

13. SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin, Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, Iran, (2) Mehran Military Base, Ilam Province, Iran.

14. SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Teheran na hIaráine.

II.

GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1. Abu Nidal Organisation — ANO (ar a dtugtar freisin Fatah Revolutionary Council, ar a dtugtar freisin Arab Revolutionary Brigades, ar a dtugtar freisin Black September, ar a dtugtar freisin Revolutionary Organisation of Socialist Muslims).

2. Al-Aqsa Martyrs’ Brigade.

3. Al-Aqsa e.V.

4. Babbar Khalsa.

5. Communist Party of the Philippines, lena n-áirítear New People’s Army — NPA, na hOileáin Fhilipíneacha.

6. Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7. Gama’a al-Islamiyya (ar a dtugtar freisin Al-Gama’a al-Islamiyya) (Islamic Group — IG).

8. İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi — IBDA-C (Great Islamic Eastern Warriors Front).

9. Hamas, lena n-áirítear Hamas-Izz al-Din al-Qassem.

10. Hizballah Military Wing (ar a dtugtar freisin Hezbollah Military Wing, ar a dtugtar freisin Hizbullah Military Wing, ar a dtugtar freisin Hizbollah Military Wing, ar a dtugtar freisin Hezballah Military Wing, ar a dtugtar freisin Hisbollah Military Wing, ar a dtugtar freisin Hizbu’llah Military Wing, ar a dtugtar freisin Hizb Allah Military Wing, ar a dtugtar freisin Jihad Council (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11. Hizbul Mujahideen — HM.

12. Khalistan Zindabad Force — KZF.

13. Kurdistan Workers’ Party — PKK (ar a dtugtar freisin KADEK, ar a dtugtar freisin KONGRA-GEL).

14. Liberation Tigers of Tamil Eelam — LTTE.

15. Ejército de Liberación Nacional (National Liberation Army).

16. Palestinian Islamic Jihad — PIJ.

17. Popular Front for the Liberation of Palestine — PFLP.

18. Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command (ar a dtugtar freisin PFLP — General Command).

19. Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi — DHKP/C (ar a dtugtar freisin Devrimci Sol (Revolutionary Left), ar a dtugtar freisin Dev Sol) (Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party).

20. Sendero Luminoso — SL (Shining Path).

21. Teyrbazen Azadiya Kurdistan — TAK (ar a dtugtar freisin Kurdistan Freedom Falcons, ar a dtugtar freisin Kurdistan Freedom Hawks).

Versions

  1. 2021-07-19