Gelex

Cinneadh (AE) 2021/1207 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2003/77/CE lena leagtar síos treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, Sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú

In forceVersion 2021-07-19from 2021-08-11
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1207@2021-07-19/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. (1)
  4. ANNEX
  5. 3.
  6. 4.

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le bheith aeráidneodrach faoi 2050, teastaíonn ceannródaithe aeráide agus acmhainní ón Aontas chun na chéad fheidhmeanna tráchtála a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha sna príomhearnálacha tionsclaíochta faoi 2030, chomh maith le próiseas déanta cruach saor ó charbón faoi 2030.

(2) De bhun Chinneadh 2003/76/CE ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún sócmhainní an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú sa chaoi go n-áiritheofar toradh fadtéarmach. Le Cinneadh 2003/77/CE ón gComhairle leagtar síos na treoirlínte airgeadais ilbhliantúla maidir leis na sócmhainní sin a bhainistiú. De bhun Airteagal 2 de Chinneadh 2003/77/CE, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte sin nó iad a fhorlíonadh agus tá sé lena n-oibríocht agus a n-éifeachtacht a athbhreithniú.

(3) Chun tacaíocht fhónta a sholáthar do thionscadail taighde chomhoibríocha fhiúntacha a bhfuil an mhais chriticiúil agus an breisluach Eorpach acu chun feabhas a chur ar inbhuaine, iomaíochas, sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach, ní mór a áirithiú go soláthrófar na híocaíochtaí a bhaineann leis an leithdháileadh bliantúil arna shainmhíniú in Airteagal 2 de Chinneadh 2003/76/CE agus arna bhunú leis go dtí an bhliain 2027 chun na tionscadail sin a chistiú. Ba cheart na híocaíochtaí sin a mhaoiniú leis an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí agus leis na hioncaim arna nginiúint trí chuid de na sócmhainní a dhíol, suas leis an méid bliantúil a leagann seirbhís ainmnithe an Choimisiúin amach arna bhunú ar Chinneadh 2003/76/CE agus ar Chinneadh 2008/376/CE ón gComhairle.

(4) Ón taithí a fuarthas ón tréimhse 5 bliana is déanaí maidir leis na treoirlínte airgeadais a chur chun feidhme (2012-2017) agus ó fhorbairtí i ndálaí an mhargaidh airgeadais is léir nach mór na treoirlínte sin a oiriúnú.

(5) Na sócmhainní a bheidh fágtha tar éis na n-aistarraingtí go dtí go mbeidh 2027 ann, aistarraingtí a bhaineann leis an leithdháileadh bliantúil arna bhunú le Cinneadh 2003/76/CE, ba cheart iad a bhainistiú ar bhonn tréimhse infheistíochta ionchasach níos fadtéarmaí, agus éagsúlú breise á cheadú dá réir.

(6) Ar an meán, tá sé comhsheasmhach le torthaí ionchasacha níos airde cuid mhór de na sócmhainní a infheistiú san fhadtéarma, gan dearmad a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le méadú ar an luaineacht sa gearrthéarma. D’ainneoin sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na hinfheistíochtaí méid leordhóthanach sócmhainní leachtacha a áirithiú le haghaidh na n-íocaíochtaí bliantúla a d’iarr seirbhís ainmnithe an Choimisiúin bunaithe ar Chinntí 2003/76/CE agus 2008/376/CE.

(7) De bharr na dtreoirlínte airgeadais, ba cheart cur chuige níos solúbtha a bheith ann a mhéid a bhaineann leis na gnéithe teicniúla den chur chun feidhme agus ba cheart ionstraimí iomchuí infheistíochta a chinneadh chun na cuspóirí infheistíochta a bhaint amach.

(8) Níor cheart gach cineál sócmhainní a mheas as féin, ach mar gheall ar a ról i bpunann éagsúlaithe. Go stairiúil bíonn torthaí méadaithe mar gheall ar éagsúlú idir cineálacha sócmhainní, gan ach an leibhéal céanna riosca a bheith i gceist. Tá an comhghaol idir sócmhainní tábhachtach maidir le cinntí a bhaineann le leithdháileadh na sócmhainní laistigh de chomhthéacs riosca agus thoradh foriomlán na hinfheistíochta.

(9) Ba cheart sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú ar bhonn straitéis infheistíochta a chur in iúl i bhfoirm leithdháileadh straitéiseach sócmhainní agus tagarmharc straitéiseach, lena léirítear cuspóirí infheistíochta agus lamháltas riosca na sócmhainní. Leis an tagarmharc soláthraítear treoraíocht fhadtéarmach infheistíochta do na bainisteoirí punainne, i bhfoirm leithdháiltí ar chineálacha difriúla sócmhainní.

(10) Sna treoirlínte airgeadais, ba cheart infheistíochtaí a cheadú i mbannaí fíorleachtacha atá sloinnte i ndollair na Stát Aontaithe arna n-eisiúint ag rannpháirtithe ceannasacha, rannpháirtithe fornáisiúnta, rannpháirtithe focheannasacha agus gníomhaireachtaí rialtais chun cur leis an éagsúlú, agus an riosca go mbeadh caillteanais ann de bharr luaineacht an ráta malairte eachtraí á fhálú – ar mhéid iomchuí – san am céanna. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh, faoi réir comhaontú le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, maidir le hinfheistíochtaí i sócmhainní eile atá sloinnte in airgeadraí geilleagar sárfhorbartha eile nó in airgeadraí Ballstát eile. Ba cheart cinntí mar sin a bhunú ar léiriú lánréasúnaithe ar bhuntáistí na hinfheistíochta i gceist maidir le feidhmíocht na sócmhainní. De bharr na dtreoirlínte airgeadais ba cheart leathnú a theacht ar raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe maidir le deiseanna ar neamhchosaint éagsúlaithe ar innéacsanna margaidh leathana, earnálacha geografacha áirithe agus cineálacha sócmhainní ar leith a chur ar fáil.

(11) Ba cheart ionstraimí eile airgeadais a cheadú sna treoirlínte airgeadais, mar atá todhchaíochtaí, réamhchonarthaí agus babhtálacha chun rioscaí agus neamhchosaintí a bhainistiú, mar atá rátaí úis agus riosca airgeadra.

(12) Tá ag méadú ar thábhacht na gcleachtas comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a bhaineann le hinfheistíocht agus ba cheart iad a chur san áireamh le haghaidh na gcinntí infheistíochta. Ba cheart Cinneadh 2003/77/CE a leasú freisin chun cleachtais ESG a thabhairt isteach trí scagadh dearfach a áireamh, lena bhfabhrófar do cheisteanna ESG a chomhtháthú agus infheistíochtaí á roghnú, agus scagadh diúltach, ina mbeadh liosta gníomhaíochtaí a eisiafar chun críoch infheistíochta sa státchiste ar fhorais eiticiúla nó mhorálta.

(13) Sa tuarascáil bhliantúil a thugann an Coimisiún do na Ballstáit maidir leis na hoibríochtaí bainistithe a dhéantar faoi na treoirlínte airgeadais, ba cheart faisnéis a sholáthar maidir leis an leithdháileadh ar na haicmí difriúla sócmhainní. Ba cheart aon athrú mór ar an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní a mhíniú sa tuarascáil bhliantúil freisin.

(14) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2003/77/CE a leasú dá réir.

(15) Mar gheall ar an nascáil struchtúrach le Cinneadh 2003/76/CE, níor cheart feidhm a bheith ag an leasú seo ach ó dháta chur i bhfeidhm Chinneadh (AE) 2021/1208,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh 2003/77/CE mara leanas:

Airteagal 1

(1) cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

(1)

Airteagal 1a Déanfar sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú chun íocaíochtaí bliantúla a sholáthar, laistigh de theorainneacha an leithdháilte bhliantúil de EUR 111 mhilliún, chun taighde comhoibríoch sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach a mhaoiniú. Déanfar na híocaíochtaí bliantúla a mhaoiniú leis an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí agus leis na hioncaim arna nginiúint trí chuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a dhíol, suas leis an méid bliantúil a leagann seirbhís ainmnithe an Choimisiúin amach arna bhunú ar Chinneadh 2003/76/CE agus Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle.

(2) cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón dáta a bheidh feidhm ag Cinneadh (AE) 2021/1208.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Podgoršek

ANNEX

IARSCRÍBHINN Treoirlínte airgeadais maidir le sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a bhainistiú

1. ÚSÁID CISTÍ Úsáidfear sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (CEGC) faoi leachtú, lena n-áirítear a phunann iasachta agus a infheistíochtaí, de réir mar is gá chun oibleagáidí CEGC atá fágtha a chomhlíonadh, i dtéarmaí a iasachtaí gan íoc, a ghealltanais a eascraíonn as buiséid oibriúcháin roimhe seo, agus aon dliteanas nárbh fhéidir a thuar. Sa mhéid nach bhfuil sócmhainní CEGC faoi leachtú ná, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ag teastáil chun na hoibleagáidí a dtugtar tuairisc orthu sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, déanfar na sócmhainní sin a infheistiú go stuama i gcomhréir leis an tréimhse infheistíochta ionchasach a roghnaíodh chun torthaí a bhaint amach is féidir a úsáid chun leanúint de thaighde a chistiú sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach. Úsáidfear sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach chun íocaíochtaí bliantúla a sholáthar, laistigh de theorainneacha an leithdháilte bhliantúil de EUR 111 mhilliún, le haghaidh taighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach. Déanfar na híocaíochtaí sin a ghiniúint tríd an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí. I gcás nach leor an glanioncam sin chun an leithdháileadh bliantúil a chomhlíonadh, déanfar é a fhorlíonadh leis na hioncaim arna nginiúint trí chuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, cuid de shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a dhíol. Tar éis na bliana 2027, déanfar sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú ar bhealach lena soláthrófar ioncam is féidir a úsáid mar chistiú chun leanúint de thaighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach.

2. AN TRÉIMHSE INFHEISTÍOCHTA IONCHASACH, LAMHÁLTAS OIBIACHTÚIL AGUS LAMHÁLTAS RIOSCA Déanfar sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú agus é de chuspóir acu luach na sócmhainní sin a chaomhnú agus, nuair is féidir, a fheabhsú (an cuspóir infheistíochta). Déanfar an cuspóir infheistíochta a shaothrú thar an tréimhse infheistíochta ionchasach, agus déanfar é a chomhlíonadh le leibhéal ard muiníne. Déanfar na sócmhainní a bhainistiú i gcomhréir le rialacha stuamachta agus prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagann oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin amach. Déanfar an cuspóir infheistíochta a chomhlíonadh trí straitéis stuama infheistíochta a chur chun feidhme arna bunú ar ardleibhéal éagsúlaithe thar chineálacha sócmhainní, limistéir gheografacha, eisitheoirí agus aibíochtaí incháilithe (an straitéis infheistíochta). Agus an straitéis infheistíochta á leagan amach cuirfear an tréimhse infheistíochta ionchasach san áireamh agus áiritheofar go mbeidh na cistí is gá ar fáil i bhfoirm leachtach a dóthain de réir mar is gá agus nuair is gá. Cuirfear an straitéis infheistíochta in iúl i bhfoirm leithdháileadh straitéiseach sócmhainní, lena leagfar amach na sprioc-leithdháiltí táscacha ar chatagóirí difriúla sócmhainní airgeadais incháilithe. Léireoidh an Coimisiún an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní i dtagarmharc straitéiseach (an tagarmharc), lena gcuirfear feidhmíocht shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach i gcomparáid. Beartóidh an Coimisiún an straitéis infheistíochta agus an tagarmharc agus déanfar iad a chomhaontú le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, tar éis dul i gcomhairle le hoifigigh údarúcháin an Choimisiúin trí tharmligean. Féadfaidh an Coimisiún an straitéis infheistíochta agus an tagarmharc a mhodhnú má bhíonn athrú ar na dálaí eacnamaíocha arna dhoiciméadú agus arna réasúnú go cuí, athrú substaintiúil ar riachtanais agus staid na n-ionstraimí ranníocaíochta nó athrú nach beag ar mheastacháin insreafa/eis-sreafa. Is ionann an nós imeachta chun an straitéis infheistíochta a mhodhnú agus an ceann a bhí ann nuair a glacadh i dtosach í. Agus an straitéis infheistíochta á bunú cuirfear an tréimhse infheistíochta ionchasach agus lamháltas riosca shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach san áireamh.

3. NA PRIONSABAIL MAIDIR LE SÓCMHAINNÍ A LEITHDHÁILEADH AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ INCHÁILITHE Áiritheofar éagsúlú leordhóthanach i measc na gcineálacha sócmhainní ar fad agus laistigh díobh chun rioscaí infheistíochta a laghdú. I bprionsabal, dá mhéad riosca agus/nó leachtacht a bhaineann le sócmhainn, is ea is lú dlúithe na neamhchosainte. Is féidir neamhchosaint ar na cineálacha difriúla sócmhainní agus éagsúlú a bhaint amach freisin trí infheistíochtaí i ngnóthais chomhinfheistíochta nó táirgí arna dtrádáil ar an malartán. Ní dhéanfar sócmhainní CEGC faoi leachtú ná, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú ach iontu seo a leanas: Beidh neamhchosaint ag sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ar na cineálacha sócmhainní dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo seo trí infheistiú sna hionstraimí seo a leanas nó trí na hoibríochtaí seo a leanas a dhéanamh: Ní úsáidfear díorthaigh, i bhfoirm conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí réamhcheaptha agus babhtálacha, ach chun punanna a bhainistiú go héifeachtúil, agus ní úsáidfear iad chun críoch amhantraíochta ná chun suíomhanna a ghiaráil. Is féidir na díorthaigh sin a úsáid chun an fad a choigeartú, chun creidmheas nó riosca ábhartha eile a mhaolú nó le haghaidh athruithe i leithdháileadh na sócmhainní atá comhsheasmhach leis an bpolasaí infheistíochta. Is féidir sócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a infheistiú i mbannaí fíorleachtacha atá sloinnte i ndollair na Stát Aontaithe arna n-eisiúint ag eintitis rialtais agus eintitis fhornáisiúnta ar mhaithe le héagsúlú agus neamhchosaint ar chuar eile ráta úis, agus ar mhaithe leo siúd amháin. Déanfar aon riosca airgeadra a fhálú trí úsáid iomchuí a bhaint as babhtálacha nó ionstraimí eile le haghaidh fálú airgeadra eachtraigh, faoi mar a shonraítear san fhomhír roimhe seo. Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú an oifigigh cuntasaíochta, raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe a mhéadú chun cineálacha eile sócmhainní agus oibríochtaí eile infheistíochta a áireamh, infheistíochtaí a bheadh comhsheasmhach leis an straitéis infheistíochta agus leis na cuspóirí infheistíochta, chomh maith le bheith comhsheasmhach le hairgeadraí geilleagar sárfhorbartha eile, mar a liostaíonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta iad ó am go ham agus a bheadh faoi réir fhálú an riosca airgeadra. Aon chinneadh aicmí nua sócmhainní, oibríochtaí nua infheistíochta nó airgeadraí nua geilleagar sárfhorbartha a áireamh, tacófar leis le réasúnú réasúnaithe de réir aicme sócmhainní, oibríochta nó airgeadra maidir leis an gcaoi a gcuirfear feabhas ar fheidhmíocht riosca agus toraidh shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach de bharr na bhféidearthachtaí leathnaithe infheistíochta. Sa réasúnú sin áireofar measúnú ar na hinniúlachtaí oibríochtúla lena mbeidh gá chun tacú leis na féidearthachtaí nua infheistíochta sin.

3.

(a) sócmhainní margaidh airgid arna sloinneadh in euro;

(b) urrúis ioncaim sheasta; agus

(c) comhinfheistíochtaí rialáilte i bhfiachas agus cothromas.

(a) taiscí;

(b) ionstraimí margaidh airgid agus cistí margaidh airgid, lena dtugtar leachtacht laethúil, mar a rialaítear le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(c) ionstraimí fiachais, amhail bannaí, billí, agus nótaí, agus ionstraimí urrúsaithe i gcomhréir leis na critéir shimplí, thrédhearcacha agus chaighdeánaithe (STS) a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(d) gnóthais chomhinfheistíochta a chumhdaítear le Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-áirítear cistí arna dtrádáil ar an malartán a infheistítear in ionstraimí cothromais nó fiachais i gcás nach féidir le huaschaillteanais a bheith níos mó ná na méideanna a infheistíodh;

(e) comhaontuithe athcheannaigh i gcomhréir leis an bprionsabal a bunaíodh le hAirteagal 212(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais);

(f) comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais;

(g) oibríochtaí iasachta urrús le córais imréitigh aitheanta amhail Clearstream agus Euroclear, nó le príomhinstitiúidí airgeadais a shainfheidhmíonn sa chineál seo oibríochta.

4. BREITHNITHE COMHSHAOIL, SÓISIALTA, RIALACHAIS AGUS MORÁLTA Beidh feidhm ag na critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) seo a leanas: Ar fhorais mhorálta nó eiticiúla, déanfar na gníomhaíochtaí sa liosta seo a leanas a eisiamh chun críoch infheistíochta:

4.

(a) cuirfear infheistíochtaí shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach chun feidhme i gcomhréir le cuspóir beartais an Aontais maidir le cothroime inbhuanaithe airgeadais agus shóisialta a chaomhnú a mhéad atá comhsheasmhach le caipiteal na sócmhainní a chosaint;

(b) agus an beartas infheistíochta á chur chun feidhme déanfar an reachtaíocht ábhartha ar fad a chomhlíonadh, reachtaíocht lena gcuirtear ionstraimí airgeadais ESG chun cinn, agus déanfar na caighdeáin, córais, critéir agus próisis ábhartha arna mbunú le creat rialacháin an Aontais a urramú;

(c) féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an Sainghrúpa Teicniúil um Maoiniú Inbhuanaithe, nó lena chomharba, maidir le fachtóirí ESG a chur chun feidhme ar straitéis infheistíochta le haghaidh shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach;

(d) déanfaidh an Coimisiún faireachán ar phróifíl ESG shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, agus tuairisceoidh sé uirthi sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe 7 (nósanna imeachta Bainistíochta).

(a) infheistíochtaí in urrúis arna n-eisiúint ag eintitis a fuarthas amach maidir leo, i bhfios don Choimisiún agus trí bhreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach, go raibh ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas á dhéanamh acu:

(a)

(i) gníomhaíochtaí a mheastar a bheith mídhleathach nó ar cuireadh cosc orthu ar fhorais mhorálta nó eiticiúla faoi chreat rialacháin an Aontais agus coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta;

(ii) gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt, táirgeacht agus trádáil armlóin nó arm a bhfuil cosc orthu de bharr an dlí idirnáisiúnta is infheidhme;

(b) infheistíochtaí in urrúis arna n-eisiúint ag gnóthais a ghineann, i bhfios don Choimisiún, níos mó ná 25 % dá n-ioncam bliantúil foriomlán ó na gníomhaíochtaí a liostaítear thíos:

(b)

(i) gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcearrbhachais (gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeacht, tógáil, dáileadh, próiseáil, trádáil nó bogearraí);

(ii) táirgí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tobac (táirgeadh, dáileadh, próiseáil, agus trádáil);

(iii) trádáil an ghnéis agus bonneagar, seirbhísí agus meáin ghaolmhara.

5. AN tAISTRIÚ CHUIG BUISÉAD GINEARÁLTA AN AONTAIS An glanioncam ó infheistíochtaí shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus na n-ioncam arna nginiúint trí chuid de na sócmhainní a dhíol, cuirfear iad le buiséad ginearálta an Aontais mar ioncam tiomnaithe agus aistreofar iad ó shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, ó shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach nuair is gá chun na hoibleagáidí ón líne buiséid atá dírithe ar chláir thaighde na n-earnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach a chomhlíonadh.

6. CUNTASAÍOCHT Cuirfear bainistiú na gcistí san áireamh i gcuntais bhliantúla shócmhainní CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach. Bunófar iad seo ar Rialacha Cuntasaíochta an Choimisiúin mar a ghlac oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin iad agus cuirfear i láthair iad i gcomhréir leo, agus cineál sonrach CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, shócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach á chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún na cuntais a fhormheas agus déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú orthu. Fostóidh an Coimisiún gnólachtaí seachtracha chun iniúchadh bliantúil a dhéanamh ar a chuntais.

7. NÓSANNA IMEACHTA BAINISTÍOCHTA I ndáil le CEGC faoi leachtú agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach, déanfaidh an Coimisiún na hoibríochtaí bainistíochta thuasluaite i gcomhréir leis na treoirlínte seo agus faoina rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha a bheidh i bhfeidhm ar CEGC ar uair a dhíscaoilte nó faoi mar a mhodhnófar iad ina dhiaidh sin. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe bhliantúil ar na hoibríochtaí bainistíochta a dhéanfar faoi na treoirlínte airgeadais seo agus seolfaidh sé chuig na Ballstáit í. Sa tuarascáil bhliantúil, áireoidh an Coimisiún faisnéis faoi úsáid na gcineálacha difriúla sócmhainní, na cúiseanna leis an rogha infheistiú i gcineálacha sonracha sócmhainní agus feidhmíocht bhreathnaithe gach cineál sócmhainní.

Versions

  1. 2021-07-19