Gelex

Rialachán (AE) 2021/1245 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 lena bhformheastar leasú ar an tsonraíocht a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint (Coteaux du Pont du Gard (TGFC))

In forceVersion 2021-07-23from 2021-08-19
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1245@2021-07-23/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint Coteaux du Pont du Gard a chuir an Fhrainc ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2) D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3) Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4) Dá bhrí sin, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm Coteaux du Pont du Gard (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Iúil 2021. Thar ceann an Choimisiúin, Ar son an Uachtaráin, Janusz WOJCIECHOWSKI Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2021-07-23