Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1258 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 lena gcláraítear ainm i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint (Őrségi tökmagolaj (TGFC))
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1258@2021-07-26/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm Őrségi tökmagolaj a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(2) Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm Őrségi tökmagolaj a chlárú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Tá an t-ainm Őrségi tökmagolaj (TGFC) cláraithe anois. Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.5. Olaí, saill agus geir (im, margairín, olaí, etc.) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021. Thar ceann an Choimisiúin, Ar son an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún