Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1306 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/285/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol

In forceVersion 2021-08-05from 2021-08-06
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1306@2021-08-05/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. (1)
  4. (2)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine-Bissau i mbaol agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/237/CBES, agus go háirithe Airteagal 3(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 31 Bealtaine 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/285/CBES.

(2) Measann an Chomhairle gur cheart beirt a bhaint de liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear leis seo Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán G. Dovžan

ANNEX

IARSCRÍBHINN

(1) In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine a liostaítear thíos:

(1)

12. An Ceannasaí (Cabhlach) Bion NA TCHONGO (ar a dtugtar freisin Nan Tchongo)

14. An Captaen Paulo SUNSAI.

(2) In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine a liostaítear thíos:

(2)

17. An Ceannasaí (Cabhlach) Bion NA TCHONGO (ar a dtugtar freisin Nan Tchongo)

19. An Captaen Paulo SUNSAI.

Versions

  1. 2021-08-05