Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1311 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 maidir le Hrvatski Registar Brodova (Longchlár na Cróite) a aithint mar chumann aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1311@2021-07-30/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE, agus go háirithe Airteagal 21(1) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 7 de Threoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gCróit maidir le Hrvatski Registar Brodova (dá ngairtear HRB anseo feasta) a aithint mar chumann aicmiúcháin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629.
(2) Tá an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá curtha isteach ag an gCróit freisin le go mbeidh an Coimisiún in ann a sheiceáil go bhfuil na critéir maidir le haitheantas á gcomhlíonadh.
(3) Ós rud é go bhfuil mórchuid saineolais gnóthaithe ag an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le riachtanais theicniúla a fhorbairt agus a nuashonrú i ndáil le soithí loingseoireachta intíre, agus chun forbairt ceanglas aonfhoirmeach sa réimse seo a chothú, d’iarr an Coimisiún ar Rúnaíocht an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin tuarascáil a chur ar fáil a bheadh dírithe ar anailís theicniúil na sonraí a bhaineann leis an HRB a éascú.
(4) Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a ghabhann leis an iarratas ar aitheantas, ar ina leith a chuir sé san áireamh an tuarascáil a d’ullmhaigh Rúnaíocht an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin, chinn an Coimisiún go gcomhlíonann an HRB na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Aithnítear Hrvatski Registar Brodova mar chumann aicmiúcháin le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1629.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen