Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1325 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a mhéid a bhaineann le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach i ndáil le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1325@2021-08-10/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91, agus go háirithe Airteagal 28(6), Airteagal 30(2), an tríú fomhír, agus Airteagal 38, pointí (c), (d) agus (e), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Dúshlán eisceachtúil do na Ballstáit agus d’oibreoirí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe is ea paindéim COVID-19 agus na srianta fairsinge ar an ngluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit agus i dtríú tíortha i bhfoirm bearta náisiúnta i ndáil le rialuithe a dhéanamh mar a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún.
(2) D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha i ngeall ar an ngéarchéim leanúnach a bhaineann le paindéim COVID-19, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 ón gCoimisiún ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm lena maolaítear ar Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 i ndáil leis an gcóras rialaithe maidir le táirgeadh táirgí orgánacha agus nósanna imeachta áirithe dá bhforáiltear sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES).
(3) Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún, ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí tromchúiseacha sláinte d’fhoireann na n-údarás inniúil a sheachaint, i bhfianaise na ndeacrachtaí maidir leis na rialuithe agus na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh agus a mhéid is gá chun bristeacha tromchúiseacha gaolmhara i bhfeidhmiú chórais rialaithe na mBallstát a bhainistiú. Cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin go dtí an 1 Iúil 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/772 ón gCoimisiún, cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 go dtí an 1 Iúil 2021.
(4) Chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún, i bhfianaise na géarchéime a bhaineann le paindéim COVID-19, go mbeidh bristeacha tromchúiseacha áirithe ann fós i bhfeidhmiú a gcóras rialaithe san earnáil orgánach tar éis an 1 Iúil 2021.
(5) De dheasca mharthanacht na géarchéime agus na mbristeacha lena mbaineann, tá fad á chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 go dtí an 1 Meán Fómhair 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/984 ón gCoimisiún.
(6) Oibrítear an córas rialaithe san earnáil orgánach, áfach, ar bhonn na bliana féilire, go háirithe maidir le cigireachtaí agus sampláil. Dá bhrí sin, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a chur i bhfeidhm tar éis an 1 Meán Fómhair 2021 agus síneadh a chur lena thréimhse cur i bhfeidhm go dtí deireadh 2021 d’fhonn cur chun feidhme ceart na rialuithe a áirithiú.
(7) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a leasú dá réir.
(8) Is gá gan cur isteach ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977, a leathnaítear leis an Rialachán seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo ón 1 Iúil 2021.
(9) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 mar a leanas:
Airteagal 1
(1) in Airteagal 1(7), cuirtear an 31 Nollaig 2021 in ionad an dáta an 1 Iúil 2021;
(2) in Airteagal 3, sa dara, sa tríú, sa cheathrú agus sa chúigiú mír, cuirtear an 31 Nollaig 2021 in ionad an dáta an 1 Iúil 2021.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Lúnasa 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen