Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1336 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 a mhéid a bhaineann le bainistíocht airgeadais
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1336@2021-06-02/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 40 agus Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Foráiltear le hAirteagal 40, an chéad mhír de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i dtaca le haon íocaíocht arna déanamh ag gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát leis na tairbhithe roimh an dáta íocaíochta is luaithe is féidir agus tar éis an dáta íocaíochta is déanaí is féidir, nach mbeidh na híocaíochtaí sin incháilithe do mhaoiniú an Aontais, ach amháin i gcásanna sonracha áirithe.
(2) Le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 5a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún, leagtar síos na coinníollacha faoina meastar, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, an bhfuil caiteachas a dhéanfar i ndiaidh na sprioc-amanna íocaíochta incháilithe le haghaidh íocaíochtaí an Aontais.
(3) Cuireadh mír 3a isteach in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/160 ón gCoimisiún chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun soiléiriú a thabhairt ar na coinníollacha a raibh feidhm acu maidir le híocaíochtaí díreacha arna ndéanamh sa bhliain airgeadais 2015 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle. Tá an fhoráil sin imithe i léig agus dá bhrí sin is féidir í a scriosadh.
(4) Maidir leis na seiceálacha maidir le comhlíonadh an sprioc-ama íocaíochta is déanaí, tá siad le déanamh le haghaidh íocaíochtaí faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus le haghaidh íocaíochtaí faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Mar sin féin, déantar na seiceálacha maidir le comhlíonadh na sprioc-amanna íocaíochta le haghaidh CERT dhá uair sa bhliain airgeadais, mar atá ar an gcaiteachas arna dhéanamh faoin 31 Iúil agus ar an gcaiteachas arna dhéanamh a bheidh fágtha faoin 15 Deireadh Fómhair, agus seiceáiltear uair amháin sa bhliain airgeadais i leith na n-íocaíochtaí arna ndéanamh don bhliain airgeadais sin ar comhlíonadh an sprioc-am íocaíochta le haghaidh CERT.
(5) Ar chúiseanna simplíochta agus éifeachtúlachta agus chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a laghdú, ba cheart aon seiceáil amháin maidir le comhlíonadh sprioc-amanna íocaíochta le haghaidh na bliana airgeadais uile a leagan síos freisin a mhéid a bhaineann le caiteachas CERT. Ba cheart an tseiceáil sin a dhéanamh ar chaiteachas arna dhéanamh faoin 15 Deireadh Fómhair. I gcás nach gcomhlíontar sprioc-amanna íocaíochta i gcomhthéacs na ndearbhuithe caiteachais áfach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann seiceáil bhreise a dhéanamh ar an gcaiteachas arna dhéanamh faoin 31 Iúil.
(6) Le Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cuireadh síneadh leis an tréimhse a mhaireann na cláir forbartha tuaithe a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) go dtí an 31 Nollaig 2022, agus tugadh deis do na Ballstáit a gcláir shínte a mhaoiniú ón leithdháileadh comhfhreagrach buiséid le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2020/2220 rinneadh na hacmhainní breise ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil sna cláir shínte sna blianta 2021 agus 2022 chun bearta a mhaoiniú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus é mar chuspóir dóibh aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 agus na hiarmhairtí atá aici sin ar earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais.
(7) Mar a leagtar amach in aithris (24) de Rialachán (AE) 2020/2220, tá na hacmhainní breise a thagann ó EURI faoi réir coinníollacha sonracha. Ba cheart, dá bhrí sin, na hacmhainní breise sin a chlársceidealú agus faireachán a dhéanamh orthu ar leithligh ó thacaíocht an Aontais don fhorbairt tuaithe, agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 á gcur i bhfeidhm, mar riail ghinearálta, ag an am céanna. Dá bhrí sin, ba cheart na hacmhainní breise sin a chur chun feidhme trí Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ba cheart iad a mheas faoi chuimsiú an Rialacháin sin mar mhéideanna lena maoinítear bearta faoi CETFT. Dá réir sin, ba cheart na rialacha maidir leis na tairseacha agus na laghduithe a leagtar síos in Airteagal 5a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 a ríomh ar leithligh maidir le leithdháiltí CETFT agus maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.
(8) De bhun Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014, déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí leis na Ballstáit go míosúil nó go tráthrialta ar bhonn dearbhuithe caiteachas arna seoladh ag na Ballstáit. Ar an gcaoi sin, ba cheart don Choimisiún, áfach, ioncam arna fháil ag na gníomhaireachtaí íocaíochta thar ceann bhuiséad an Aontais agus arna ndearbhú ag na Ballstáit ina ndearbhuithe míosúla a chur san áireamh. Faoi láthair, faoi CERT, tá glanluacháil á déanamh ag an gCoimisiún ar an gcaiteachas in aghaidh an ioncaim sannta agus sin go díreach sa chinneadh íocaíochta míosúil arna eisiúint ag an gCoimisiún. Leis an oibríocht airgeadais sin maolaítear ón mbealach a mbainistítear ioncam sannta faoi Chistí eile de chuid an Aontais ar cistí iad nach ndéantar glanluacháil ar an ioncam sin ach go n-aisghabhtar é le hordú aisghabhála arna tharraingt suas de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun comhchuibhiú a dhéanamh ar chleachtais chuntasaíochta an Choimisiúin agus, go háirithe, ar an mbealach a mbainistítear ioncam sannta, is gá an ghné theicniúil sin den bhainistíocht airgeadais faoi CERT a ailíniú leis an sreabhadh arna úsáid ag Cistí eile de chuid an Aontais. Maidir leis na coinníollacha ar faoina réir nach mór ioncam sannta faoin CERT a fhritháireamh, ba cheart na coinníollacha sin, dá bhrí sin, a choigeartú dá réir sin, gan íocaíochtaí tráthúla na mBallstát a chur i mbaol.
(9) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 mar a leanas:
Airteagal 1
(1) Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(1)
(a) scriostar mír 3a;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
(b)
5. Déanfar comhlíonadh na sprioc-amanna íocaíochta a sheiceáil, uair amháin i ngach bliain airgeadais maidir le caiteachas a dhéanfar faoin 15 Deireadh Fómhair. I gcás nach gcomhlíontar sprioc-amanna íocaíochta i gcomhthéacs na ndearbhuithe caiteachais míosúla áfach, féadfar seiceáil bhreise a dhéanamh maidir le comhlíontacht sprioc-amanna íocaíochta maidir le caiteachas arna dhéanamh faoin 31 Iúil. Maidir le haon sárú ar an sprioc-am, cuirfear san áireamh é, ar a dhéanaí, sa chinneadh imréitigh cuntais dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.;
(2) in Airteagal 5a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
(2)
7. Ríomhfar na tairseacha agus na laghduithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 ar leithligh maidir leis na leithdháiltí don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, gan na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus maidir leis na hacmhainní breise sin.;
(3) in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
(3)
1. Ina chinneadh maidir leis na híocaíochtaí míosúla atá le glacadh de bhun Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, íocfaidh an Coimisiún iarmhéid an chaiteachais a dhearbhóidh gach Ballstát, lúide an t-ioncam sannta arna chur san áireamh ag an mBallstát sin ina dhearbhú caiteachais. Measfar gurb ionann an fritháireamh seo agus an t-ioncam comhfhreagrach a bhailítear. Maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta arna nginiúint le hioncam sannta beidh siad ar oscailt nuair a shannfar an t-ioncam seo do línte buiséid..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen