Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1367 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2021 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

In forceVersion 2021-08-06from 2021-09-06
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1367@2021-08-06/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2) Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3) De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4) Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse trí mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5) Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2 Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Lúnasa 2021. Thar ceann an Choimisiúin Gerassimos Thomas An tArd-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí Aicmiú (Cód AC) Cúiseanna (1) (2) (3) Feithicil ceithre roth ina bhfuil mótar leictreach SD 24V 800W a chumhachtaítear le dhá cheallra in-athluchtaithe 12V dar toilleadh 45Ah. Tuairim ar 65 cm ar leithead atá sí, 125 cm ar fad agus 129 cm ar airde (agus an airde sin arna tomhas ag cúl an tsuíocháin, ach í 85 cm nó mar sin ar airde agus an suíochán fillte síos). Tuairim ar 107 kg meáchain atá inti san iomlán (108 kg má áirítear na ceallraí). Is é 130 kg, nó faoin tuairim sin, an t-ualach uasta. Tá na saintréithe seo a leanas ag an bhfeithicil: Ina theannta sin, tá painéal ionstraimí ar an gcolún na stiúrtha, painéal ina bhfuil lascbhosca, rialtán luais, cnaipe bonnáin, cnaipe lena gcuirtear an t-inneall ag réchasadh, lasc spléachaíola, lasc solais, táscaire stádais ceallra agus coigeartóir luais. Tá dhá luamhán lámhoibrithe ar an bhfeithicil, lena rialaítear an luasghéarú, an coscánú agus an cúlú. Is féidir an stiúir a choigeartú ionas go bhféadfaí í a oibriú le leathláimh. Tá córas coscánaithe leictreamaighnéadach athghiniúnach cliste inti. Ar cheallraí lánluchtaithe, is féidir turas uasta chomh fada le 45 ciliméadar a dhéanamh inti, agus is féidir luas uasta 15-16 km/h, nó faoin tuairim sin, a bhaint aisti. Is féidir go mbeadh feisteáin eile uirthi ar nós mionrothaí frith-iompaithe ar a deireadh, ciseán siopadóireachta, coimeádán maide siúil, etc. Is féidir an fheithicil a stuáil chun í a iompar. Is féidir í a úsáid ar bhóithre, ar chosáin, ar chabhsaí páirce, ar raoin rothar agus ar chonairí fóillíochta áirithe, nó i limistéir coisithe (e.g. ionaid siopadóireachta). Féach an íomhá . 87031018 Cinntear an t-aicmiú le Rialacha Ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht na gcód AC 8703, 870310 agus 87031018. Eisiatar an fheithicil óna haicmiú faoi cheannteideal 8713 mar charráiste do dhaoine faoi mhíchumas toisc nár saindearadh í chun daoine faoi mhíchumas a iompar: níl aon sainghné ag baint léi a thabharfadh faoiseamh ar leith don duine faoi mhíchumas. Cé gur dearadh an fheithicil ar dhóigh gur féidir í a stiúradh le leathláimh agus cé go bhfuil suíochán rothlach le tacaí uirthi agus dromchla frithsciorrtha le haghaidh na dtroithe (agus cé go bhfuil an rogha ann mionrothaí frith-iompaithe a fheistiú uirthi), ní saintréithe iad sin a fhágann go bhfuil, ar dhóigh oibiachtúil, sainghnéithe ag baint le dearadh na feithicle ar sainghnéithe iad atá dírithe ar fhaoiseamh ar leith a thabhairt i leith míchumais (féach freisin na Nótaí Míniúcháin maidir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (NMAC) a ghabhann le focheannteideal 87139000, na Nótaí Míniúcháin maidir leis an gCóras Comhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 8713 agus tuairim 8703.10/1 maidir le haicmiú CC). Ina theannta sin, feithiclí a bhfuil colún stiúrach inchoigeartaithe leithleach iontu, agus feithiclí ar mó a luas uasta ná 10 km san uair, eisiatar iad ó cheannteideal 8713 (féach freisin an NMAC a ghabhann le focheannteideal 87139000). Úsáidtear an fheithicil chun daoine a iompar agus ní hinaitheanta, nuair a chuirtear faoi bhráid údarás custaim í, gur feithicil í a dearadh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus lena n-aghaidh siúd amháin (féach Cás C-198/15 ), agus an aithint sin arna bunú ar na saintréithe oibiachtúla agus ar na hairíonna oibiachtúla atá aici nach mór a mheasúnú tráth an imréitigh custaim (féach Cás C-286/15 ). Tugtar neamhaird ar aon athrú a dhéantar ar an bhfeithicil ón uair a dhéantar imréiteach custaim uirthi agus tugtar neamhaird mar an gcéanna ar aon mheasúnú b’fhéidir a dhéanfadh údarás náisiúnta chun críoch eile seachas na críocha sin a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim. Feithicil de chineál speisialta í an fheithicil a úsáidtear chun daoine a iompar. Dá bhrí sin, is faoi chód AC 87031018 atá sí le haicmiú mar mhótarfheithicil a dearadh go príomha chun daoine a iompar, comhchosúil le carranna gailf.

tá léibheann cothrománach ag nascadh na rann deiridh agus tosaigh; ní féidir an léibheann a choigeartú ar aon bhealach lena cur in oiriúint do riachtanais an úsáideora (e.g. ní féidir í a fhilleadh ná a chlaonadh),

tá dhá acastóir faoi sprionga uirthi, tiomáint acastóra deiridh atá inti agus is é 820mm an rothfhad,

acmhainn ghrádáin 130,

caschiorcal 210 cm,

dhá phéire bonn inséidte (agus na boinn deiridh níos mó ná na boinn tosaigh),

suíochán rothlach uirthi is féidir a chumrú, agus a ardú agus a ísliú, agus tacaí agus tacaí sciathán air, maille le dromchla frithsciorrtha le haghaidh na dtroithe,

is féidir an colún stiúrtha a choigeartú agus a fhilleadh síos agus tá déanamh ubhchruthach ar na hanlaí,

tá soilse deiridh agus soilse tosaigh uirthi, agus treotháscairí agus scátháin siarfhéachana.

Versions

  1. 2021-08-06