Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1373 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2021 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Jászsági nyári szarvasgomba (TGFC)

In forceVersion 2021-08-12from 2021-09-08
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1373@2021-08-12/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm Jászsági nyári szarvasgomba a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(2) Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm Jászsági nyári szarvasgomba a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Déantar an t-ainm Jászsági nyári szarvasgomba (TGFC) a chlárú. Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Lúnasa 2021. Thar ceann an Choimisiúin Thar ceann an Uachtaráin, Janusz Wojciechowski Comhalta den Choimisiún

Versions

  1. 2021-08-12