Gelex

Rialachán (AE) 2021/1376 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2021 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh péirsí mara i limistéar NAFO 3M i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach

In forceVersion 2021-08-13from 2021-08-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1376@2021-08-13/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Ídiú cuótaí
  3. Airteagal 2 Toirmisc
  4. Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm
  5. ANNEX

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle cuótaí le haghaidh 2021.

(2) De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic péirsí mara i limistéar NAFO 3M a rinne soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.

(3) Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta dírithe a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic péirsí mara i limistéar NAFO 3M le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2 Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta dírithe a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.

Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Lúnasa 2021. Thar ceann an Choimisiúin, Ar son an Uachtaráin, John DALLI Comhalta den Choimisiún

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Uimh. 14/TQ92 BALLSTÁT An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile) STOC RED/N3M. SPEICEAS An phéirse mhara (Sebastes spp.) LIMISTÉAR NAFO 3M TRÉIMHSE CHOISCTHE An 24 Iúil 2021 ar 24.00 AUL

Versions

  1. 2021-08-13