Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1406 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2021 lena maolaítear ar na rialacha maidir leis an gcruthúnas tionscnaimh dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus is infheidhme i leith taraif-chuótaí áirithe ar allmhairí maidir le héineoil agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 maidir leis na cainníochtaí cáise atá ar fáil le haghaidh ceadúnais onnmhairiúcháin chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1406@2021-08-26/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 223(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 66(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 9, an chéad mhír, pointí (a) go (d), agus Airteagal 16(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún, leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha.
(2) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/760 ón gCoimisiún leasaíodh Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún i leith na rialacha is infheidhme maidir le taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4410, 09.4411, agus 09.4420 (éineoil). Leis na rialacha nua tá sé de cheangal ar oibreoirí tionscnamh na n-earraí atá le scaoileadh i saorchúrsaíocht a chruthú i gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59 de Rialachán (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.
(3) Tá an ceanglas sin infheidhme ón 1 Meitheamh 2021 ar aghaidh, is é sin dáta oscailte na chéad tréimhse iarratais ar cheadúnas tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/760.
(4) I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhí ag na húdaráis tríú tíortha an deimhniú tionscnaimh a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha nua, ní fhéadfadh roinnt oibreoirí na doiciméid riachtanacha a chur faoi bhráid custaim, agus ní fhéadfaí na hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh den Aontas Eorpach.
(5) Chun soghluaiseacht shreabhadh na n-earraí a áirithiú ar an leibhéal custaim, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar na rialacha nua, go ceann tréimhse áirithe, i gcás nach féidir le tríú tíortha ná oibreoirí tionscnamh na n-earraí a chruthú i gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59 de Rialachán (AE) 2015/2447.
(6) Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú ó dháta chur i bhfeidhm Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/760, lena leasaíodh Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761.
(7) In Iarscríbhinn XIV.5 (bainne agus táirgí bainne) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, sainaithnítear le Cuid B1 na cuótaí onnmhairiúcháin a d’oscail Stáit Aontaithe Mheiriceá, lena léirítear na cainníochtaí ar féidir le hoibreoirí an Aontais a onnmhairiú chuig SAM faoi na cuótaí sin.
(8) An 6 Iúil 2021 d’fhoilsigh SAM i gClár Oifigiúil SAM na cainníochtaí nua maidir leis na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh cáise, arna gcoigeartú tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach. Is gá, dá bhrí sin, cainníochtaí na dtaraif-chuótaí a leasú in Iarscríbhinn XIV.5, Cuid B1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 sula n-osclófar an tréimhse iarratais an 1 Meán Fómhair 2021.
(9) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir.
(10) De dheasca na práinne a bhaineann le cur chun feidhme an mhaolaithe sin agus a bhaineann leis an leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(11) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761
De mhaolú ar an riail maidir le cruthúnas tionscnaimh chun earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht a leagtar síos in Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4410, 09.4411 agus 09.4420, féadfaidh na húdaráis chustaim aon fhianaise mhalartach a éileamh, fianaise is gá chun tionscnamh na dtáirgí a chruthú murar féidir leis na hoibreoirí an deimhniú tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagail 57, 58 agus 59 de Rialachán (AE) 2015/2447 a chur ar fáil le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig 2021.
Airteagal 2 Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761
In Iarscríbhinn XIV.5 a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/761, cuirtear an tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad an tábla a leagtar amach i gCuid B1.
Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Meitheamh 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Lúnasa 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Sainaithint an ghrúpa i gcomhréir le Nótaí Breise i gCaibidil 4 de Sceideal Comhchuibhithe Taraife na Stát Aontaithe Sainaithint chuótaí Cainníocht bhliantúil atá ar fáil Uimhir an ghrúpa Tuairisc ar an ngrúpa kg (1) (2) (3) (4) 16 Ní fhoráiltear go sonrach maidir leis (NSPF) 16-Tóiceo 835712 16-Uragua 3168597 17 Cáis ghorm 17-Uragua 347095 18 Céadar 18-Uragua 333480 20 Edam/Gouda 20-Uragua 1100000 21 Cineál na hIodáile 21-Uragua 2025000 22 Cáis Eilvéiseach nó Emmenthaler ach amháin cáis Eilvéiseach nó Emmenthaler phoillíneach 22-Tóiceo 393006 22-Uragua 380000 25 Cáis Eilvéiseach nó Emmenthaler phoillíneach 25-Tóiceo 4003172 25-Uragua 2420000