Cinneadh (AE) 2021/143 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Stát Chathair na Vatacáine
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/143@2021-02-05/ga
Contents
- Preamble
- ANNEX
- An Roinn den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta i gcomhréir leis an socrú Ad hoc de chuid an Chomhchoiste maidir le hiarraidh ón Suí Naofa agus ó Stát Chathair na Vatacáine maidir le rialacha ábhartha a chur san áireamh is infheidhme maidir le heintitis a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil (1)(2)(3)(4)(5)(6)(7)(8)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chomhaontú Airgeadaíochta an 17 Nollaig 2009 idir an tAontas Eorpach agus Stát Chathair na Vatacáine, agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tháinig an Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas agus an Vatacáin (an Comhaontú) i bhfeidhm an 1 Eanáir 2010.
(2) Ceanglaítear le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú ar an Vatacáin gníomhartha dlí agus rialacha de chuid an Aontais maidir le nótaí bainc agus boinn euro, cosc ar sciúradh airgid, cosc ar chalaois agus ar ghóchumadh modhanna íocaíochta airgid agus neamhairgid a chur chun feidhme; boinn agus dearbháin agus ceanglais tuairiscithe staidrimh. Liostaítear na gníomhartha agus na rialacha sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta.
(3) Ba cheart don Choimisiún an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta a leasú gach bliain chun gníomhartha agus rialacha dlí ábhartha nua de chuid an Aontais agus na leasuithe ar na gníomhartha agus ar na rialacha atá ann cheana a chur san áireamh.
(4) Tá roinnt gníomhartha dlí agus rialacha de chuid an Aontais ann nach bhfuil ábhartha a thuilleadh agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a scriosadh den Iarscríbhinn, agus san am céanna glacadh nó leasaíodh gníomhartha agus rialacha dlí ábhartha eile an Aontais agus ba cheart iad a chur leis an Iarscríbhinn.
(5) Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Cathair na Vatacáine.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Feabhra 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN
Forálacha Dlí atá le cur chun feidhme An sprioc-am le Sciúradh airgid a chosc a chur chun feidhme 1 Cinneadh Réime 2001/500/CGB ón gComhairle an 26 Meitheamh 2001 maidir le sciúradh airgid agus le hionstraimeachtaí coireachta agus fáltais ón gcoireacht a shainaithint, a rianú, a reo, a urghabháil agus a choigistiú (IO L 182, 5.7.2001, lch. 1) 2 Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39) 31 Nollaig 2016 (2) 3 Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1) 31 Nollaig 2017 (3) 4 Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73): 31 Nollaig 2017 (3) Arna leasú le 5 Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43) 31 Márta 2020 (6) Arna fhorlíonadh le: 6 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1) 31 Nollaig 2017 (5) 7 Arna leasú le: Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/105 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, maidir leis an Aetóip a chur leis an liosta de thríú tíortha ardriosca sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (IO L 19, 24.1.2018, lch. 1) 31 Márta 2019 (6) 8 Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/212 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le Srí Lanca, Oileán na Tríonóide agus Tobága, agus an Túinéis a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (IO L 41, 14.2.2018, lch. 4) 31 Márta 2019 (6) 9 Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1467 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2018 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an bPacastáin a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (IO L 246, 2.10.2018, lch. 1) 31 Nollaig 2019 (7) 10 Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/758 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na híosghníomhaíochta agus leis an gcineál beart breise nach mór d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a dhéanamh chun an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i dtríú tíortha áirithe a mhaolú (IO L 125, 14.5.2019, lch. 4) 31 Nollaig 2020 (7) 11 Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe i dtaca le hairgead ag teacht isteach san Aontas nó ag imeacht as an Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO L 284, 12.11.2018, lch. 6) 31 Nollaig 2021(7) 12 Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22) 31 Nollaig 2021(7) 13 Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile chun cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle 2000/642/CGB (IO L 186 11.7.2019, lch. 122) 31 Nollaig 2023(8) Calaois agus góchumadh a chosc 14 Rialachán (CE) Uimh 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 181, 4.7.2001, lch. 6) 31 Nollaig 2010 Arna leasú le: 15 Rialachán (CE) Uimh. 44/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 17, 22.1.2009, lch. 1) 16 Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 ón gComhairle an 6 Nollaig 2004 maidir le boinn agus comharthaí atá cosúil le boinn euro (IO L 373, 21.12.2004, lch. 1) 31 Nollaig 2010 Arna leasú le: 17 Rialachán (CE) Uimh. 46/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2182/2004 maidir le boinn agus comharthaí atá cosúil le boinn euro (IO L 17, 22.1.2009, lch. 5) 18 Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le cosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh leis an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB ón gComhairle (IO L, 151 21.5.2014, lch. 1) 31 Nollaig 2016(2) 19 Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (IO L 123, 10.5.2019, lch. 18) 31 Nollaig 2021(7) Rialacha maidir le nótaí bainc agus boinn euro 20 Conclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 1999 maidir leis an gcóras bainistithe cáilíochta le haghaidh boinn euro 31 Nollaig 2010 21 Treoirlíne BCE/2003/5 ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Márta 2003 maidir le bearta a fhorfheidhmiú chun cur in aghaidh macasamhla neamhchomhlíontacha nótaí bainc euro agus maidir le nótaí bainc euro a mhalartú agus a tharraingt siar (2003/206/CE) (IO L 78, 25.3.2003, lch. 20). 31 Nollaig 2010 Arna leasú le: 22 Treoirlíne BCE/2013/11 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2013 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2003/5 maidir le bearta a fhorfheidhmiú chun cur in aghaidh macasamhla neamhchomhlíontacha nótaí bainc euro agus maidir le nótaí bainc euro a mhalartú agus a tharraingt siar (2013/212/AE) (IO L 118, 30.4.2013, lch. 43) 31 Nollaig 2014(1) 23 Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach BCE/2010/14 an 16 Meán Fómhair 2010 maidir le barántúlacht agus oiriúnacht nótaí bainc euro a sheiceáil agus a chur ar ais i gcúrsaíocht (2010/597/AE) (IO L 267, 9.10.2010, lch. 1) 31 Nollaig 2012 Arna leasú le: 24 Cinneadh (AE) 2012/19 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/14 maidir le barántúlacht agus oiriúnacht nótaí bainc euro a sheiceáil agus a chur ar ais i gcúrsaíocht (2012/507/AE) (IO L 253, 20.9.2012, lch. 19) 31 Nollaig 2013(1) 25 Cinneadh (AE) 2019/2195 ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/14 maidir le barántúlacht agus oiriúnacht nótaí bainc euro a sheiceáil agus a chur ar ais i gcúrsaíocht (BCE/2019/39) (IO L 330, 20.12.2019, lch. 91) 31 Nollaig 2021(8) 26 Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le boinn euro a fhíordheimhniú agus le boinn euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (IO L 339, 22.12.2010, lch. 1) 31 Nollaig 2012 27 Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le boinn euro a eisiúint (IO L 201, 27.7.2012, lch. 135) 31 Nollaig 2013(1) 28 Cinneadh BCE/2013/10 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2013 maidir le hainmníochtaí, sonraíochtaí, macasamhlú, malartú agus tarraingt siar nótaí bainc euro (2013/211/AE) (IO L 118, 30.4.2013, lch. 37) 31 Nollaig 2014(1) Arna leasú le: 29 Cinneadh (AE) 2019/669 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh BCE/2013/10 maidir le hainmníochtaí, sonraíochtaí, macasamhlú, malartú agus tarraingt siar nótaí bainc euro (BCE/2019/9) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 6) 31 Nollaig 2020(7) 30 Rialachán (AE) Uimh. 729/2014 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2014 maidir le hainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla bhoinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (Athmhúnlú) (IO L 194, 2.7.2014, lch. 1) 31 Nollaig 2013(2)
An Roinn den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta i gcomhréir leis an socrú Ad hoc de chuid an Chomhchoiste maidir le hiarraidh ón Suí Naofa agus ó Stát Chathair na Vatacáine maidir le rialacha ábhartha a chur san áireamh is infheidhme maidir le heintitis a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil (1)(2)(3)(4)(5)(6)(7)(8)
Codanna ábhartha de na hionstraimí dlí seo a leanas An sprioc-am le 31 Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1) 31 Nollaig 2016(2) Arna leasú le: 32 Treoir 2001/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 (IO L 283, 27.10.2001, lch. 28) 33 Treoir 2003/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 (IO L 178, 17.7.2003, lch. 16) 34 Treoir 2006/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 (IO L 224, 16.8.2006, lch. 1) 35 Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338). 31 Nollaig 2017(2) 36 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1) agus bearta gaolmhara ar leibhéal 2 de réir mar is iomchuí 31 Nollaig 2017(2) Arna leasú le: 37 Rialachán (AE) 2017/2395 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil risíochtaí móra i gcás risíochtaí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra intíre aon Bhallstáit (IO L 345, 27.12.2017, lch. 27) 30 Meitheamh 2019(6) 38 Rialachán (AE) 2017/2401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 347, 28.12.2017, lch. 1) 31 Márta 2020(6) 39 Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4) 31 Nollaig 2020(7) 40 Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1) 31 Nollaig 2023(8) 41 Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1) agus na bearta gaolmhara ar leibhéal 2 de réir mar is iomchuí 30 Meán Fómhair 2018(4) Arna leasú le: 42 Rialachán (AE) 2016/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús (IO L 175, 30.6.2016, lch. 1) 30 Meán Fómhair 2018(5) 43 Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla ar dhrochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 179) 30 Meán Fómhair 2018(4) Reachtaíocht maidir le faisnéis staidrimh a bhailiú 44 Treoirlíne ón mBanc Ceannais EorpachBCE/2013/24 an 25 Iúil 2013 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh an Bhainc Cheannais Eorpaigh i réimse na gcuntas airgeadais ráithiúil (2014/3/AE) (IO L 2, 7.1.2014, lch. 34) 31 Nollaig 2016(2) Arna leasú le: 45 Treoirlíne (AE) 2016/66 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Samhain 2015 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2013/24 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh BCE i réimse na gcuntas airgeadais ráithiúil (BCE/2015/40) (IO L 14, 21.1.2016, lch. 36) 31 Márta 2017(4) 46 Rialachán (AE) Uimh. 1071/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Meán Fómhair 2013 maidir le clár comhardaithe earnáil na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta (athmhúnlú) (BCE/2013/33) (IO L 297, 7.11.2013, lch. 1) 31 Nollaig 2016(2) Arna leasú le: 47 Rialachán (AE) Uimh. 1375/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Nollaig 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1071/2013 (BCE/2013/33) maidir le clár comhardaithe earnáil na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta (BCE/2014/51) (IO L 366, 20.12.2014, lch. 77) 48 Rialachán (AE) Uimh. 1072/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Meán Fómhair 2013 maidir le staitisticí i ndáil le rátaí úis a chuireann institiúidí airgeadais airgeadaíochta i bhfeidhm (BCE/2013/34) (IO L 297, 7.11.2013, lch. 51) 31 Nollaig 2016(2) Arna leasú le: 49 Rialachán (AE) Uimh. 756/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Iúil 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1072/2013 (BCE/2013/34) maidir le staitisticí i ndáil le rátaí úis a chuireann institiúidí airgeadais airgeadaíochta i bhfeidhm (BCE/2014/30) (IO L 205, 12.7.2014, lch. 14) 50 Treoirlíne ón mBanc Ceannais Eorpach BCE/2014/15 an 4 Aibreán 2014 maidir le staitisticí airgeadaíochta agus airgeadais (athmhúnlú) (2014/810/AE) (IO L 340, 26.11.2014, lch. 1) 31 Nollaig 2016(2) Arna leasú le: 51 Treoirlíne (AE) 2015/571 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Samhain 2014 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/15 maidir le staitisticí airgeadaíochta agus airgeadais (BCE/2014/43) (IO L 93, 9.4.2015, lch. 82) 52 Treoirlíne (AE) 2016/450 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/15 maidir le staitisticí airgeadaíochta agus airgeadais (BCE/2015/44) (IO L 86, 1.4.2016, lch. 42) 31 Márta 2017(4) 53 Treoirlíne (AE) 2017/148 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/15 maidir le staitisticí airgeadaíochta agus airgeadais (BCE/2016/45) (IO L 26, 31.1.2017, lch. 1) 1 Samhain 2017(5) 54 Treoirlíne (AE) 2018/877 ón mBanc Ceannais Eorpach an 1 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/15 maidir le staitisticí airgeadaíochta agus airgeadais (BCE/2018/17) (IO L 154, 18.6.2018, lch. 22) 1 Deireadh Fómhair 2019(6) 55 Treoirlíne (AE) 2019/1386 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/15 maidir le staitisticí airgeadaíochta agus airgeadais (BCE/2019/18) (IO L 232, 6.9.2019, lch. 1) 31 Nollaig 2020(8) ___________ Comhchoiste 2013 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin. Comhchoiste 2014 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin. Comhchoiste 2015 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin. Comhchoiste 2016 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin. Comhchoiste 2017 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin. Comhchoiste 2018 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin. Comhchoiste 2019 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin. Comhchoiste 2020 a chomhaontaigh na sprioc-amanna sin.