Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1688 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de phlandaí óstacha agus plandaí sonraithe, agus leis na tástálacha chun Xylella fastidiosa a shainaithint
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1688@2021-09-20/ga
Contents
- Preamble
- Airteagal 1
- (1)
- ANNEX
- IARSCRÍBHINN I
- IARSCRÍBHINN II
- Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith an fhospeicis fastidiosa de Xylella fastidiosa
- Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith an fhospeicis multiplex de Xylella fastidiosa
- Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith an fhospeicis pauca de Xylella fastidiosa
- IARSCRÍBHINN III
- IARSCRÍBHINN IV Tástálacha chun Xylella fastidiosa agus a chuid fospeiceas a shainaithint
- A.
- B.
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún, is Rialachán é atá i bhfeidhm ó bhí Lúnasa 2020 ann chun ionas nach leathfaidh Xylella fastidiosa a thuilleadh laistigh den Aontas, agus nach dtabharfar isteach san Aontas é a thuilleadh (Wells et al.) (an lotnaid shonraithe).
(2) Tá foráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 maidir le seiceálacha oifigiúla ar theacht isteach san Aontas do phlandaí óstacha. Tagraíonn an fhoráil sin do na seiceálacha oifigiúla atá le déanamh ag an bpointe iontrála chun an Aontais isteach, sin nó ar láthair an chinn scríbe a leagtar síos i gcomhréir le Treoir 2004/103/CE ón gCoimisiún. Laistigh den chreat nua maidir le seiceálacha oifigiúla a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún leagadh rialacha nua síos maidir le seiceálacha oifigiúla a dhéantar ag pointí rialaithe nach poist rialaithe teorann iad. Rinneadh Treoir 2004/103/CE a aisghairm le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123, agus éifeacht ag an aisghairm sin ón 14 Nollaig 2020. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 a chur in ionad na tagartha don Treoir sin.
(3) An 23 Meitheamh 2021, rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an bunachar sonraí de phlandaí óstacha atá soghabhálach i leith Xylella fastidiosa a thabhairt cothrom le dáta (Wells et al.). Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a leasú dá réir.
(4) Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus leis an tsoiléireacht, i gcás gach ceann de na tástálacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201, is iomchuí an tAitheantóir Oibiachta Digití (DOI) a shonrú, rud lenar féidir rochtain dhíreach a fháil ar na hailt eolaíocha ina ndéantar cur síos ar na tástálacha sin.
(5) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a leasú dá réir.
(6) Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 mar a leanas:
Airteagal 1
(1) In Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
(1)
1. Gach coinsíneacht de phlandaí óstacha a thabharfar isteach san Aontas ó thríú tír, seiceálfar go hoifigiúil í ag post rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas, sin nó ag pointe rialaithe sna cásanna agus faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún.
(2) an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear é in ionad Iarscríbhinn I;
(3) an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear é in ionad Iarscríbhinn II;
(4) an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear é in ionad Iarscríbhinn IV.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Meán Fómhair 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201:
IARSCRÍBHINN I Liosta plandaí arb eol go bhfuil siad soghabhálach i leith fospeiceas amháin nó níos mó den lotnaid shonraithe (plandaí óstacha)
Acacia Acer Adenocarpus lainzii Albizia julibrissin Durazz. Alnus rhombifolia Nutt. Amaranthus retroflexus L. Ambrosia Ampelopsis arborea (L.) Koehne Ampelopsis brevipedunculata (Maxim.) Trautv. Ampelopsis cordata Michx. Anthyllis hermanniae L. Artemisia Asparagus acutifolius L. Athyrium filix-femina Baccharis Brassica Calicotome spinosa (L.) Link Calicotome villosa (Poiret) Link Callicarpa americana L. Callistemon citrinus (Curtis) Skeels Calluna vulgaris (L.) Hull Carya Catharanthus roseus Celtis occidentalis L. Cercis canadensis L. Cercis occidentalis Torr. Cercis siliquastrum L. Chamaecrista fasciculata (Michx.) Greene Chenopodium album L. Chionanthus Chitalpa tashkentensis T. S. Elias & Wisura Cistus Citrus Clematis cirrhosa L. Coelorachis cylindrica (Michx.) Nash Coffea Conium maculatum L. Convolvulus cneorum L. Coprosma repens A.Rich. Coronilla Cyperus eragrostis Lam. Cytisus Digitaria Diospyros kaki L.f. Diplocyclos palmatus (L.) C.Jeffrey Dodonaea viscosa (L.) Jacq. Echium plantagineum Elaeagnus angustifolia L. Encelia farinosa A. Gray ex Torr. Eremophila maculata (Ker Gawler) F. von Müller. Erigeron Erodium moschatum (L.) L'Hérit. Erysimum hybrids Euphorbia chamaesyce L. Euphorbia terracina L. Euryops chrysanthemoides (DC.) B.Nord Euryops pectinatus (L.) Cass. Fagus crenata Blume Fallopia japonica (Houtt.) Ronse Decr. Fatsia japonica (Thunb.) Decne. & Planch. Ficus carica L. Fortunella Frangula alnus Mill. Fraxinus Genista Ginkgo biloba L. Gleditsia triacanthos L. Grevillea juniperina Br. Hebe Helianthus Helichrysum Heliotropium europaeum L. Hemerocallis Hevea brasiliensis (Willd. ex A.Juss.) Müll.Arg. Hibiscus Humulus scandens (Lour.) Merr. Ilex aquifolium L. Ilex vomitoria Sol. ex Aiton Iva annua L. Jacaranda mimosifolia D. Don Juglans Juniperus ashei J. Buchholz Koelreuteria bipinnata Franch. Lagerstroemia Laurus nobilis L. Lavandula Lavatera cretica Ligustrum lucidum L. Liquidambar styraciflua L. Lonicera implexa Lonicera japonica Thunb. Lupinus aridorum Lupinus villlosus Magnolia grandiflora L. Mallotus paniculatus (Lam.) Müll.Arg. Medicago arborea L. Medicago sativa L. Metrosideros Mimosa Modiola caroliniana (L.) G. Don Morus Myoporum insulare R. Br. Myrtus communis L. Nandina domestica Murray Neptunia lutea (Leavenw.) Benth. Nerium oleander L. Olea Osteospermum ecklonis DC. Osteospermum fruticosum (L.) Norl. Parthenocissus quinquefolia (L.) Planch. Paspalum dilatatum Poir. Pelargonium Perovskia abrotanoides Persea americana Mill. Phagnalon saxatile (L.) Cass. Phillyrea angustifolia L. Phillyrea latifolia L. Phlomis fruticosa L. Phoenix Pinus taeda L. Pistacia vera L. Plantago lanceolata L. Platanus Pluchea odorata (L.) Cass. Polygala grandiflora Polygala myrtifolia L. Prunus Psidium Pteridium aquilinum Pyrus Quercus Ratibida columnifera (Nutt.) Wooton & Standl. Rhamnus Rhus Robinia pseudoacacia L. Rosa Rosmarinus Rubus Ruta chalapensis Salvia mellifera Greene Salvia officinalis Salvia rosmarinus Sambucus Santolina chamaecyparissus L. Santolina magonica Sapindus saponaria L. Sassafras Setaria magna Griseb. Solidago fistulosa Mill. Solidago virgaurea L. Sorghum halepense (L.) Pers. Spartium Stewartia pseudocamellia Strelitzia reginae Aiton Streptocarpus Symphyotrichum divaricatum (Nutt.) G.L.Nesom Teucrium capitatum L. Trifolium repens L. Ulex Ulmus Vaccinium Vinca Vitis Westringia fruticosa (Willd.) Druce Westringia glabra R.Br. Xanthium strumarium L.
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201:
IARSCRÍBHINN II Liosta plandaí arb eol go bhfuil siad soghabhálach i leith fospeicis ar leith den lotnaid shonraithe (plandaí óstacha)
Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith an fhospeicis fastidiosa de Xylella fastidiosa
Acer Ambrosia artemisiifolia L. Calicotome spinosa (L.) Link Cercis occidentalis Torr. Cistus monspeliensis L. Citrus sinensis (L.) Osbeck Coffea Erysimum Genista lucida L. Juglans regia L. Lupinus aridorum Magnolia grandiflora L. Medicago sativa L. Metrosideros Morus Nerium oleander L. Pluchea odorata (L.) Cass. Polygala myrtifolia L. Psidium Prunus Rhamnus alaternus L. Salvia rosmarinum Rubus rigidus Sm. Rubus ursinus Cham. & Schldl. Ruta chalapensis Sambucus Spartium junceum L. Streptocarpus Teucrium capitatum L. Ulmus americana L. Vaccinium corymbosum Vinca Vitis
Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith an fhospeicis multiplex de Xylella fastidiosa
Acacia Acer griseum (Franch.) Pax Acer pseudoplatanus L. Acer rubrum L. Adenocarpus lainzii Alnus rhombifolia Nutt. Ambrosia Ampelopsis cordata Michx. Anthyllis hermanniae L. Artemisia Athyrium filix-femina Asparagus acutifolius L. Baccharis halimifolia L. Calicotome spinosa (L.) Link Calicotome villosa (Poir.) Link Callistemon citrinus (Curtis) Skeels Calluna vulgaris (L.) Hull Carya Celtis occidentalis L. Cercis canadensis L. Cercis occidentalis Torr. Cercis siliquastrum L. Chionanthus Cistus Clematis cirrhosa L. Convolvulus cneorum L. Coprosma repens A. Rich. Coronilla Cytisus Dodonaea viscosa (L.) Jacq. Echium plantagineum Elaeagnus angustifolia L. Encelia farinosa Gray ex Torr. Erigeron Erodium moschatum Euryops chrysanthemoides (DC.) B.Nord. Euryops pectinatus (L.) Cass. Fallopia japonica (Houtt.) Ronse Decr. Ficus carica L. Frangula alnus Mill. Fraxinus Genista Ginkgo biloba L. Gleditsia triacanthos L. Grevillea juniperina Br. Hebe Helianthus Helichrysum Hibiscus syriacus Ilex aquifolium L. Iva annua L. Koelreuteria bipinnata Franch. Lagerstroemia Laurus nobilis L. Lavandula Lavatera cretica Liquidambar styraciflua L. Lonicera Lupinus aridorum Lupinus villosus Willd. Magnolia grandiflora L. Medicago arborea L. Medicago sativa L. Metrosideros Myrtus communis L. Nerium oleander Olea Osteospermum ecklonis (DC.) Norl. Pelargonium Perovskia abrotanoides Phagnalon saxatile (L.) Cass. Phillyrea angustifolia L. Phillyrea latifolia Phlomis fruticosa L. Pistacia vera L. Plantago lanceolata L. Platanus Polygala myrtifolia L. Polygala grandiflora Prunus Pteridium aquilinum Quercus Ratibida columnifera (Nutt.) Wooton & Standl. Rhamnus Robinia pseudoacacia L. Rosa Rosmarinus Rubus Salvia mellifera Greene Salvia officinalis Salvia rosmarinus Sambucus Santolina chamaecyparissus L. Santolina magonica Sapindus saponaria L. Solidago virgaurea L. Spartium Strelitzia reginae Aiton Ulex Ulmus Vaccinium Vinca Westringia fruticosa Guerin. Xanthium strumarium L.
Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith an fhospeicis pauca de Xylella fastidiosa
Acacia Amaranthus retroflexus L. Asparagus acutifolius L. Catharanthus roseus (L.) G. Don Chenopodium album L. Cistus albidus L. Cistus creticus L. Citrus Coffea Dodonaea viscosa (L.) Jacq. Eremophila maculata (Ker Gawler) F. von Müller. Erigeron Euphorbia chamaesyce L. Euphorbia terracina L. Grevillea juniperina Br. Hebe Heliotropium europaeum L. Hibiscus Laurus nobilis L. Lavandula Myoporum insulare Br. Myrtus communis L. Nerium oleander L. Olea europaea L. Osteospermum fruticosum (L.) Norl. Pelargonium Phillyrea latifolia L. Pistacia vera Polygala myrtifolia L. Prunus Rhamnus alaternus L. Spartium junceum L. Ulmus parviflorus Vinca minor L. Westringia fruticosa (Willd.) Druce Westringia glabra Br.
IARSCRÍBHINN III
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201:
IARSCRÍBHINN IV Tástálacha chun Xylella fastidiosa agus a chuid fospeiceas a shainaithint
A.
Scagthástálacha chun láithreacht Xylella fastidiosa a shainaithint
1. PCR fíor-ama bunaithe ar Harper et al., 2010 (agus erratum 2013);
2. Aimpliúchán isiteirmeach trí mheán lúb (LAMP), rud atá bunaithe ar phrímeálaigh a d’fhorbair Harper et al. 2010 (agus erratum 2013);
3. PCR fíor-ama bunaithe ar Ouyang et al., 2013
4. Gnáth-PCR bunaithe ar Minsavage et al. 1994
B.
Tástálacha móilíneacha chun fospeicis Xylella fastidiosa a shainaithint
1. Tíopáil trí anailís ar sheicheamh il-lócais (MLST), bunaithe ar Yuan et al., 2010, chun láithreacht gach fospeicis a aimsiú;
2. PCR bunaithe ar Hernandez-Martinez et al., 2006, chun láithreacht na bhfospeiceas fastidiosa, multiplex agus sandyi a aimsiú;
3. PCR bunaithe ar Pooler & Hartung 1995 chun an fospeiceas pauca a aimsiú.