Gelex

Cinneadh (AE) 2021/1732 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2021-09-23
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1732@2021-09-23/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4), Airteagal 166(4) agus Airteagal 214(5), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2) De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (Prótacal 31), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3) Tá Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4) Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5) Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán G. Dovžan

Versions

  1. 2021-09-23