Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1785 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 a mhéid a bhaineann le maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 maidir le hathruithe ar chláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona

In forceVersion 2021-10-08from 2020-05-04
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1785@2021-10-08/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600
  3. Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 54, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 ón gCoimisiún, tugadh isteach roinnt maoluithe ar na rialacha a bhí ann cheana, inter alia in earnáil an fhíona, maoluithe arbh é ab aidhm dóibh faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí fíona chun cuidiú leo déileáil le tionchar phaindéim COVID-19. Go háirithe, ceadaíodh do na Ballstáit maolú ar bhonn sealadach ó Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún chun athrú a dhéanamh ar a gcláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona aon uair ba ghá i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), agus in Airteagail 46 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2) Ba é ba aidhm don tsolúbthacht sin a chur ar chumas na mBallstát freagairt go tapa do na himthosca eisceachtúla a d’eascair as paindéim COVID-19 agus athruithe ar a gcláir náisiúnta thacaíochta a chur isteach chomh luath agus a measadh gur gá. Ba é an chúis fholuiteach a bhí leis sin an gá a bhí ann cead a thabhairt do na Ballstáit na bearta a bhí ann cheana a choigeartú níos minice agus, ina theannta sin, mar a thagraítear dó in aithris (6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, bearta breise a chur san áireamh ina gcláir náisiúnta thacaíochta a luaithe a tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm seachas iallach a bheith orthu fanacht leis an gcéad spriocdháta eile le haghaidh leasuithe.

(3) Cé is moite de na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 45(1), pointe (a), agus Airteagail 46 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, tugadh an deis do na Ballstáit na bearta eisceachtúla driogadh fíona i gcás géarchéime agus cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime, dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún, a chur san áireamh ina gcláir náisiúnta thacaíochta. Mar sin féin, de dheasca easnamh neamhbheartaithe, níor luadh an dá bheart eisceachtúla sin go sainráite i measc na mbeart a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600.

(4) Is léir ó Airteagal 3(9) agus Airteagal 4(8) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 maidir leis na bearta fíon a dhriogadh i gcás géarchéime agus cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime faoi seach. Leis na forálacha sin féachtar lena áirithiú go leanfaidh na bearta eisceachtúla chomh gar agus is féidir do na rialacha is infheidhme maidir leis na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Mar sin féin, le hAirteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 maolaítear go sealadach ar Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 trína cheadú do na Ballstáit bearta a chur san áireamh nó a athrú ina gcláir náisiúnta thacaíochta nuair is gá sin. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go gcuirfear na bearta eisceachtúla chun feidhme ar an gcaoi chéanna le haon bheart tacaíochta eile atá ann cheana, tá feidhm ag Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 freisin maidir le driogadh fíona i gcás géarchéime agus cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime. Is iomchuí an méid sin a shoiléiriú trí thagairt shainráite don dá bheart eisceachtúla sin a chur san áireamh.

(5) Anuas air sin, ní mór a chur i dtábhacht, maidir le driogadh fíona i gcás géarchéime agus cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime a choinneáil lasmuigh de raon feidhme Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, go mbeadh sin in aghaidh chuspóir na mbeart sin cabhair phráinneach a thabhairt don mhargadh fíona le linn géarchéime. Cosc a chur ar na Ballstáit athruithe a thabhairt isteach ina gcláir náisiúnta thacaíochta go sonrach maidir leis an dá bheart sin, agus é sin a cheadú san am céanna le haghaidh aon bhirt eile, bheadh an méid sin contrártha leis an rún soiléir ceadú do na Ballstáit na bearta sin a úsáid chomh luath agus chomh minic agus ba ghá.

(6) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 a leasú dá réir.

(7) Chun nach gcuirfear pionós ar na Ballstáit a thug isteach sa bhliain airgeadais 2020 athruithe ar a gcláir náisiúnta thacaíochta i ndáil leis na bearta eisceachtúla a leagtar síos in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600.

(8) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600

In Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1. De mhaolú ar Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, féadfaidh na Ballstáit, i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), agus Airteagail 46 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún, aon uair is gá le linn na bliana airgeadais 2020 ach tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2020, athruithe a dhéanamh ar a gcláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 4 Bealtaine 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Deireadh Fómhair 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2021-10-08