Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1892 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

In forceVersion 2021-10-27from 2021-10-29
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1892@2021-10-27/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. IARSCRÍBHINN I

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 183(b) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus Uimh. 614/2009 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe.

(2) Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin.

(4) Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Deireadh Fómhair 2021. Thar ceann an Choimisiún, Ar son an Uachtaráin, Wolfgang Burtscher An tArd-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe

ANNEX

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Cód AC Tuairisc ar na hearraí Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) Tionscnamh 02071410 Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite 188,8 36 BR

Versions

  1. 2021-10-27