Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1961 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun éabhlóid mhais na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear in 2017, 2018 agus 2019 a chur san áireamh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1961@2021-08-05/ga
Contents
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear caighdeáin astaíochta CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Ba cheart an luach M0 le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024 dá dtagraítear in Airteagal 14(1) pointe (a) a bhunú ar bhonn mheánmhaise i riocht feidhmithe na ngluaisteán nua paisinéirí uile a cláraíodh san Aontas in 2017, 2018 agus 2019.
(2) Bunaithe ar na luachanna a shonraítear i gCinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2019/582, (AE) 2020/1035 agus (AE) 2021/973, ualaithe de réir líon na gclárúchán nua i ngach ceann de na blianta sin, ba é 1398,50 kg an mheánmhais i riocht feidhmithe na ngluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh sna blianta féilire 2017, 2018 agus 2019.
(3) Maidir leis na spriocanna astaíochtaí sonracha do mhonaróirí gluaisteán nua paisinéirí le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024, ba cheart iad a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i gCuid A, pointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, agus úsáid á baint as luach M0 1398,50.
(4) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/631 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 I gCuid A, pointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála M0: M0 = 1379,88 in 2021 agus 1398,50 in 2022, 2023 agus 2024.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen