Gelex

Cinneadh (CBES) 2021/1966 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

In forceVersion 2021-11-11from 2021-11-13
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1966@2021-11-11/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. (1)
  4. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir.

(2) Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 12 Samhain 2022 agus na hiontrálacha atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin a thabhairt cothrom le dáta.

(3) Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 mar a leanas:

Airteagal 1

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

(1)

Airteagal 8 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 12 Samhain 2022 agus leanfar d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, mar is iomchuí, i gcás ina measfaidh an Chomhairle nach bhfuil a cuspóirí á gcomhlíonadh.;

(2) Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán Z. Počivalšek

ANNEX

IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2: Ainm Faisnéis sainaitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 1. Mehmet Ferruh AKALIN Dáta breithe: 9.12.1960 Uimhir Phas nó Aitheantais: 13571379758 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann Tá Mehmet Ferruh Akalın ina Leas-Uachtarán (Bainisteoir Cúnta Ginearálta) agus ina chomhalta ar Bhord Stiúrthóirí Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Tá sé ina cheann ar Roinn Taiscéalaíochta TPAO. Ina cháil mar Leas-Uachtarán TPAO agus mar cheann na Roinne Taiscéalaíochta, tá Mehmet Ferruh Akalın freagrach as gníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO, nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin: 27.2.2020 2. Ali Coscun NAMOGLU Dáta breithe: 27.11.1956 Uimhir Phas nó Aitheantais: 11096919534 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann Tá Ali Coscun Namoglu ina Leas-Stiúrthóir ar Roinn Taiscéalaíochta Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Sa cháil sin, tá Ali Coscun Namoglu páirteach i ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin: 27.2.2020

(a) soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

(b) soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

(c) soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, agus i gcomhaontú le hIosrael, idir mí Eanáir agus mí Aibreáin 2020;

(d) soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2020;

(e) soitheach druileála TPAO Fatih i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe, an-ghar dá farraige theorann, idir mí na Samhna 2019 agus mí Eanáir 2020;

(f) soitheach druileála TPAO Fatih i réimse thiar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith, idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2019.

(a) soitheach druileála TPAO Yavuz i bhfarraige theorann Phoblacht na Cipire idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019;

(b) soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Dheireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020;

(c) soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, agus i gcomhaontú le hIosrael, idir mí Eanáir 2020 agus mí Aibreáin 2020;

(d) soitheach druileála TPAO Yavuz i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe agus atá teormharcáilte i gcomhaontú leis an Éigipt, idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2020;

(e) soitheach druileála TPAO Fatih i réimse den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra ina leith do na Náisiúin Aontaithe, an-ghar dá farraige theorann, idir mí na Samhna 2019 agus mí Eanáir 2020;

(f) soitheach druileála TPAO Fatih i réimse thiar den limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid Phoblacht na Cipire ar thug sí fógra do na Náisiúin Aontaithe ina leith, idir mí na Bealtaine agus mí na Samhna 2019.

Versions

  1. 2021-11-11