Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1983 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

In forceVersion 2021-11-15
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/1983@2021-11-15/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011, agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, De bharr an mhéid seo a leanas:

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(2) I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus i bhfiainise na n-athruithe i Rialtas na Siria le déanaí, ba cheart ceathrar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le cúigear a liostaítear cheana in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Borrell Fontelles

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:

(1) Cuirtear na daoine seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine): Ainm Faisnéis aitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 312. Amr SALEM (عمرو سالم) Dáta Breithe: Eanáir 1958; Áit bhreithe: Damascus, Syria; Inscne: fireann An tAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta 15.11.2021 313. Boutros AL-HALLAQ (بطرس الحلاق) Áit bhreithe: Damascus countryside, Syria; Inscne: fireann An tAire faisnéise. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.. 15.11.2021 314. Mohammad SEIFEDDINE (ar a dtugtar freisin Seif Eddin, Seif El Din) (محمد سيف الدين) Inscne: fireann An tAire Saothair agus Gnóthaí Sóisialta. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. 15.11.2021 315. Diala BARAKAT (ديالا بركات) Dáta Breithe: 1980; Inscne: baineann Aire Stáit. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. 15.11.2021

(2) I Roinn A (Daoine), in ionad na n-iontrálacha seo a leanas cuirtear an méid seo a leanas: Ainm Faisnéis aitheantais Cúiseanna Dáta an liostaithe 167. Dr. Jassem Mohammad ZAKARIA (ar a dtugtar freisin Mohamed, Muhammad, Mohammed, Jasem) Dáta Breithe: 1968 Inscne: fireann; IarAire Saothair agus Gnóthaí Sóisialta. Ina cháil mar IarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. 16.10.2012 229. Abdullah ABDULLAH (عبدالله عبدالله) Dáta Breithe: 1956; Inscne: fireann Aire Stáit. I mí Lúnasa 2021 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. 14.11.2016 259. Imad Abdullah SARA (عماد عبدالله صارة) Dáta Breithe: 1968; Áit bhreithe: Damascus, Syria; Inscne: fireann IarAire Faisnéise. I mí Eanáir 2018 a ceapadh. Ina cháil mar IarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. 26.2.2018 296. Talal AL-BARAZI (ar a dtugtar freisin Barazi) (طلال البرازي) Dáta Breithe: 1963; Áit bhreithe: Hama city, Syria; Inscne: fireann IarAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí. Ina cháil mar IarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. 16.10.2020 309. Malloul (a.k.a. Maloul) HUSSEIN (ar a dtugtar freisin AL-HUSSEIN) (ملول حسين) Dáta Breithe: 1950; Áit bhreithe: Al-Hasakah Governorate, Syria; Inscne: fireann IarAire Stáit. Ina cháil mar Iar-Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. 6.11.2020

Versions

  1. 2021-11-15