Cinneadh (CBES) 2021/2138 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/2011 chun tacú le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí príomhshruthaithe ó thaobh inscne de, sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar mhionairm agus a mí-úsáid, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/2138@2021-12-02/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An 17 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/2011.
(2) Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2018/2011 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de, ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de.
(3) D’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála go ndéanfaí tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/2011 a shíneadh 7 mí, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022, i bhfianaise na moille ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/2011 i ngeall ar thionchar phaindéim COVID-19,
(4) Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 a fheidhmiú gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais,
(5) Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/2011 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/2011.
Airteagal 1
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Deireadh Fómhair 2022..
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Vrtovec