Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2265 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 a mhéid a bhaineann le sainaithint táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe agus féindeimhnithe deochanna alcólacha sa doiciméad riaracháin leictreonach

In forceVersion 2021-12-17from 2022-01-01
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/2265@2021-12-17/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. (1)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE, agus go háirithe Airteagal 29(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an fhoirm le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle atá le soláthar ag na Ballstáit do tháirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha. Bunaítear leis an Rialachán chomh maith na tagairtí atá le déanamh ag na táirgeoirí sin sa doiciméad riaracháin leictreonach maidir le gluaiseacht deochanna alcólacha faoi Chaibidil IV agus Caibidil V de Threoir 2008/118/CE.

(2) Leagtar síos le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún struchtúr agus inneachar na dteachtaireachtaí leictreonacha a úsáidtear chun críche gluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta máil, chomh maith leis na heilimintí sonraí is gá chun ítimí sonraí áirithe sna teachtaireachtaí sin a chomhlánú.

(3) D’fhonn na táirgeoirí beaga deimhnithe agus féindeimhnithe a chumhdach ní mór leasú a dhéanamh ar an míniúchán ar eilimintí l agus n de ghrúpa sonraí 17 a úsáidtear i gcomhair an doiciméid riaracháin le haghaidh gluaiseacht deochanna alcólacha faoi fhionraí dleachta máil.

(4) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 a leasú dá réir.

(5) Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 chun é a ailíniú le cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta arna n-achtú chun Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle a thrasuí.

(6) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 mar a leanas:

Airteagal 1

(1) sa ró le haghaidh eilimint sonraí l de ghrúpa sonraí 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 agus phointe 4 i gColún F:

(1)

3. Maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha féindeimhnithe, cuirfear isteach an dearbhú maidir le stádas an oibreora i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/2266 ón gCoimisiún* i gcás ina bhfuil sé beartaithe ráta dleachta máil laghdaithe a éileamh sa Bhallstát is ceann scríbe.

4. Maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe, cuirfear isteach an dearbhú maidir leis an gcineál dí alcólaí a údaraítear sa deimhniúchán i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/2266 i gcás ina bhfuil sé beartaithe ráta dleachta máil laghdaithe a éileamh sa Bhallstát is ceann scríbe.

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (IO L 26).;

(2) sa ró le haghaidh eilimint sonraí n de ghrúpa sonraí 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i gColún F: Maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha féindeimhnithe, cuirfear in iúl an chainníocht táirgthe bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/2266 i gcás ina bhfuil sé beartaithe ráta dleachta máil laghdaithe a éileamh sa Bhallstát is ceann scríbe. Beidh luach na heiliminte sonraí seo níos mó ná nialas..

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

Versions

  1. 2021-12-17