Gelex

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2304 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le heisiúint deimhnithe comhlántacha lena ndeimhnítear neamhúsáid antaibheathach i dtáirgeadh táirgí ainmhithe orgánacha chun críche onnmhairithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2021-10-18from 2021-12-30
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/2304@2021-10-18/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Deimhniú comhlántach lena ndeimhnítear neamhúsáid antaibheathach i dtáirgeadh orgánach táirgí ainmhithe chun críche onnmhairithe
  3. Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
  4. ANNEX
  5. IARSCRÍBHINN 1.2.3.4.5.6.7. DEIMHNIÚ COMHLÁNTACH LENA nDEIMHNÍTEAR NEAMHÚSÁID ANTAIBHEATHACH I dTÁIRGEADH ORGÁNACH TÁIRGÍ AINMHITHE CHUN CRÍCHE ONNMHAIRITHE
  6. IARSCRÍBHINN 1.2.3.4.5. DEIMHNIÚ COMHLÁNTACH LENA nDEIMHNÍTEAR NEAMHÚSÁID ANTAIBHEATHACH I dTÁIRGEADH ORGÁNACH TÁIRGÍ AINMHITHE CHUN CRÍCHE ONNMHAIRITHE

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 44(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Éilíonn tríú tíortha áirithe go ndéanfar táirgí ainmhithe orgánacha a tháirgeadh gan antaibheathaigh a úsáid. Chun rochtain ar mhargaí sna tíortha sin a éascú, oibreoirí nó grúpaí oibreoirí san Aontas ar mian leo na táirgí sin a onnmhairiú, ba cheart iad a bheith in ann neamhúsáid antaibheathach a chruthú trí bhíthin doiciméad oifigiúil.

(2) De bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848, údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe, ní mór dóibh deimhniú a sholáthar d’aon oibreoir nó d’aon ghrúpa oibreoirí a thug fógra faoina ghníomhaíocht agus a chomhlíonann an Rialachán sin. Chun a dheimhniú go ndéantar na táirgí ainmhithe orgánacha a tháirgeadh gan antaibheathaigh a úsáid, ba cheart an deis a bheith ag an oibreoir nó ag an ngrúpa oibreoirí eisiúint deimhniú comhlántach a iarraidh ar na húdaráis inniúla sin nó, i gcás inarb iomchuí, ar na húdaráis rialaithe nó ar na comhlachtaí rialaithe sin. Ba cheart an tsamhail sin le haghaidh deimhniú comhlántach a bhunú.

(3) Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Deimhniú comhlántach lena ndeimhnítear neamhúsáid antaibheathach i dtáirgeadh orgánach táirgí ainmhithe chun críche onnmhairithe

Arna iarraidh sin d’oibreoir nó do ghrúpa oibreoirí a bhfuil deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 acu cheana, an t-údarás inniúil ábhartha nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás nó an comhlacht rialaithe ábhartha, eiseoidh sé deimhniú comhlántach lena ndeimhneofar gur tháirg an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí táirgí ainmhithe orgánacha gan antaibheathaigh a úsáid má tá an deimhniú sin ag teastáil chun na táirgí sin a onnmhairiú ón Aontas. Tá an tsamhail le haghaidh an deimhnithe chomhlántaigh sin leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Deireadh Fómhair 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN 1.2.3.4.5.6.7. DEIMHNIÚ COMHLÁNTACH LENA nDEIMHNÍTEAR NEAMHÚSÁID ANTAIBHEATHACH I dTÁIRGEADH ORGÁNACH TÁIRGÍ AINMHITHE CHUN CRÍCHE ONNMHAIRITHE

Uimhir an doiciméid: (roghnaigh de réir mar is iomchuí) Ainm agus seoladh an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí: Ainm agus seoladh údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí agus an chóduimhir i gcás údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe: Uimhir dhoiciméid an deimhnithe a sholáthraítear d’oibreoir nó do ghrúpa oibreoirí de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin: Eisíodh an deimhniú seo lena dheimhniú gurb iad seo a leanas na táirgí ainmhithe orgánacha a tháirg an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí) gan antaibheathaigh a úsáid: Dáta, áit: Ainm agus síniú thar ceann an údaráis inniúil eisiúna nó, i gcás inarb iomchuí, an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe: Deimhniú comhlántach bailí ón……….[cuir isteach dáta] go dtí an……….[cuir isteach dáta]

An t-oibreoir

Grúpaí oibreoirí

IARSCRÍBHINN 1.2.3.4.5. DEIMHNIÚ COMHLÁNTACH LENA nDEIMHNÍTEAR NEAMHÚSÁID ANTAIBHEATHACH I dTÁIRGEADH ORGÁNACH TÁIRGÍ AINMHITHE CHUN CRÍCHE ONNMHAIRITHE

1. ………………….

2. ………………….

3. ………………….

Versions

  1. 2021-10-18