Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/252 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 lena ndéantar asbhaint ó na cuótaí iascaireachta Portaingéalacha le haghaidh ainseabhaí, de dheasca na ró-iascaireachta sa bhliain roimhe sin
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/252@2021-01-29/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, agus go háirithe Airteagal 105(1), (2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Rialachán (AE) 2019/124 ón gComhairle, bunaíodh cuótaí iascaireachta le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna 9 agus 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF), don tréimhse idir an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.
(2) Le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle, bunaíodh cuótaí iascaireachta le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) CECAF, don tréimhse idir an 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.
(3) De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás inar shuigh an Coimisiún gur sháraigh Ballstát na cuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuige, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí a leithdháilfear sa todhchaí chuig an mBallstát sin.
(4) Foráiltear le hAirteagail 105(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nach mór na hasbhaintí sin a dhéanamh sa bhliain nó sna blianta dár gcionn trí na fachtóirí iolraithe faoi seach a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar amach ann.
(5) Sháraigh an Phortaingéil a cuótaí iascaireachta le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna ICES 9 agus 10 agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) CECAF don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.
(6) Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéantar asbhaint ó chuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuig an bPortaingéil don tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 agus, i gcás inarb ábhartha, sna blianta ina dhiaidh sin, le haghaidh an stoic a ndearnadh ró-iascaireacht air.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Na cuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuig an bPortaingéil le haghaidh ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i ranna 9 agus 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais de limistéar 34.1.1 (ANE/9/3411) an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF), don tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, a socraíodh i Rialachán (AE) 2020/123, déanfar iad a laghdú de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Eanáir 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Ballstát Cód speicis Cód an limistéir Ainm an speicis Ainm an Limistéir Cuóta tosaigh don tréimhse 1 Iúil 2019 – 30 Meitheamh 2020 (i gcileagraim) Na gabhálacha arna gceadú don tréimhse 1 Iúil 2019 – 30 Meitheamh 2020 (cainníocht iomlán arna hoiriúnú i gcileagraim) Gabhálacha iomlána don tréimhse 1 Iúil 2019 – 30 Meitheamh 2020 (cainníocht i gcileagraim) Ídiú cuótaí i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (%) Ró-iascaireacht i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (cainníocht i gcileagraim) Fachtóir iolraithe Fachtóir iolraithe breise , Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain/bhlianta roimhe (cainníocht i gcileagraim) Asbhaintí is infheidhme maidir leis an tréimhse 1 Iúil 2020 – 30 Meitheamh 2021 (cainníocht i gcileagraim) PT ANE 9/3411 An t-ainseabhaí Ranna ICES 9 agus 10; Uiscí an Aontais 34.1.1 CECAF 5343000 3779330 3858005 102,08 78675 / / / 78675