Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/347 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 lena bhformheastar clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil mar shubstaint ghníomhach le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/347@2021-02-25/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún, leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil.
(2) Rinneadh meastóireacht ar chlóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 2, dífhabhtáin i réimse na sláinte príobháidí agus i réimse na sláinte poiblí agus i dtáirgí bithicídeacha eile, i gcineál táirge 3, táirgí bithicídeacha sláinteachais tréidliachta, i gcineál táirge 4, dífhabhtáin i réimse an bhia agus na beatha, agus i gcineál táirge 5, dífhabhtáin uisce óil mar a shainítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a chomhfhreagraíonn do chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 faoi seach mar a shainítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
(3) Ainmníodh an tSlóvaic mar Bhallstát rapporteur agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta tuarascálacha measúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 19 Samhain 2010.
(4) I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (an Ghníomhaireacht) an 16 Meitheamh 2020, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.
(5) De réir na dtuairimí sin, féadfar a bheith ag súil go ndéanfaidh táirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 a úsáideann clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 98/8/CE a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid.
(6) Agus tuairimí ón nGníomhaireacht á gcur san áireamh, is iomchuí clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil a fhormheas le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 faoi réir comhlíonadh sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe.
(7) Ba cheart tréimhse réasúnta a ligean in éag sula bhformheastar substaint ghníomhach chun gur féidir le páirtithe leasmhara na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh.
(8) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Formheastar clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil mar shubstaint ghníomhach le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2, 3, 4 agus 5 faoi réir sonraíochtaí agus coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN
Gnáthainm Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí Dáta formheasa Dáta éaga an fhormheasa An cineál táirge Coinníollacha sonracha Clóirín gníomhach a scaoileadh as aigéad hipeaclórúil Ainm IUPAC: Aigéad hipeaclórúil Uimh. CE: 232-232-5 Uimh. CAS: 7790-92-3 Sonraíocht arna bunú le haghaidh aigéad hipeaclórúil (mar íosmheáchan tirim 90,87 % w/w) lena scaoiltear clóirín gníomhach. Is é aigéad hipeaclórúil an príomhspeiceas ag pH 3,0 - 7,4. 1 Iúil 2022 30 Meitheamh 2032 2 Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: 3 Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: 4 Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: 5 Tá údaruithe táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) leis an measúnú táirge, tabharfar aird ar leith ar na neamhchosaintí, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht atá nasctha le haon úsáid atá cumhdaithe ag iarratasóir ar údarú, ach nach dtugtar aghaidh uirthi i measúnú riosca na substainte gníomhaí ar leibhéal an Aontais.
(a) leis an measúnú táirge, tabharfar aird ar leith ar chosaint na n-úsáideoirí proifisiúnta le haghaidh dífhabhtaithe dromchla crua trí mhapáil nó chuimilt.
(a) leis an measúnú táirge, tabharfar aird ar leith ar na neamhchosaintí, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht atá nasctha le haon úsáid atá cumhdaithe ag iarratasóir ar údarú, ach nach dtugtar aghaidh uirthi i measúnú riosca na substainte gníomhaí ar leibhéal an Aontais.
(b) le haghaidh táirgí a bhféadfadh iarmhair i mbia nó i mbeatha a bheith ina dtoradh orthu, fíorófar an gá uasteorainneacha iarmhar nua a shocrú nó cinn reatha a leasú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 , agus déanfar aon bheart iomchuí maolaithe riosca chun a áirithiú nach sárófar na huasteorainneacha iarmhar is infheidhme.
(a) leis an measúnú táirge, tabharfar aird ar leith ar na neamhchosaintí, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht atá nasctha le haon úsáid atá cumhdaithe ag iarratasóir ar údarú, ach nach dtugtar aghaidh uirthi i measúnú riosca na substainte gníomhaí ar leibhéal an Aontais.
(b) le haghaidh táirgí a bhféadfadh iarmhair i mbia nó i mbeatha a bheith ina dtoradh orthu, fíorófar an gá uasteorainneacha iarmhar nua a shocrú nó cinn reatha a leasú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 nó le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, agus déanfar aon bheart iomchuí maolaithe riosca chun a áirithiú nach sárófar na huasteorainneacha iarmhar is infheidhme.