Cinneadh (AE) 2021/351 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/351@2021-02-22/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) An Comhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú (an Comhaontú), a caibidlíodh faoi choimirce na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO), a bhfuil an tAontas ina Bhall di, rinne an tAontas é a fhormheas trí bhithín Cinneadh 2011/443/AE ón gComhairle. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 5 Meitheamh 2016.
(2) Is é cruinniú na bPáirtithe an comhlacht cinnteoireachta faoin gComhaontú agus tá an t-údarás aige bearta a ghlacadh atá ina gceangal ar na Páirtithe chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tagann sé le chéile gach dara bliain, nó níos minice má chinneann sé amhlaidh.
(3) Foráiltear le hAirteagal 24 (2) den Chomhaontú go bhfuil, 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, cruinniú na bPáirtithe le tionól ag FAO chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Chomhaontaithe maidir lena chuspóir a bhaint amach (an chéad chruinniú athbhreithnithe). Déanfaidh na Páirtithe cinneadh ansin maidir le cruinnithe eile den sórt sin de réir mar is gá. Féadfar cruinnithe speisialta na bPáirtithe a thionól freisin cibé tráthanna eile a mheasfaidh na Páirtithe is gá, nó arna iarraidh sin i scríbhinn d’aon Pháirtí.
(4) Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú le haghaidh an chéad chruinnithe athbhreithnithe, a tharlóidh idir 31 Bealtaine agus 4 Meitheamh 2021, agus le haghaidh na dtrí chruinniú dhébhliantúla ina dhiaidh sin de chuid na bPáirtithe agus le haghaidh aon chruinniú idirsheisiúnach gaolmhar, toisc go mbeidh bearta faoin gComhaontú ina gceangal ar an Aontas agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún.
(5) I bhfianaise an ghá atá ann forbairtí nua a chur san áireamh le seasamh an Aontais, bunaithe ar fhaisnéis ábhartha arna cur i láthair roimh chruinniú na bPáirtithe nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú freisin, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le haghaidh sonrú an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ó bhliain go bliain i gcruinniú na bPáirtithe.
(6) Is é is cuspóir don Chomhaontú iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú trí bhearta éifeachtacha Stát an Chalafoirt a chur chun feidhme. Laghdaítear leis an gComhaontú an dreasacht atá ann do na soithí atá rannpháirteach san iascaireacht NNN leanúint de bheith ag feidhmiú, agus coisctearleis táirgí iascaigh a dhíorthaítear ón iascaireacht sin margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach.
(7) Tá an iascaireacht NNN ar cheann de na bagairtí is mó dá bhfuil ann i ndáil le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha agus cuireann sí bunsraith chomhbheartas iascaigh an Aontais i mbaol mar aon le hiarrachtaí idirnáisiúnta arb é is aidhm dóibh rialachas níos fearr ar na haigéin a chur chun cinn.
(8) Tá cruinniú na bPáirtithe freagrach as bearta a ghlacadh atá ceaptha chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú, agus ar an gcaoi sin caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe beo-acmhainní muirí agus éiceachóras muirí a áirithiú. Ba cheart ról gníomhach, éifeachtach agus cuiditheach a bheith ag an Aontas i gcruinniú na bPáirtithe chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú agus chun comhar idirnáisiúnta maidir le hiascaireacht NNN a chothú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoirlínte maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinniú na bPáirtithe.
2. Bunaítear an seasamh dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh an chéad chruinnithe athbhreithnithe, agus le haghaidh na dtrí chruinniú dhébhliantúla de na Páirtithe ina dhiaidh sin agus le haghaidh aon chruinniú idirsheisiúnach gaolmhar.
Airteagal 2
1. Roimh gach cruinniú de chuid na bPáirtithe, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, glacfar na céimeanna is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, a cuireadh chuig an gCoimisiún, á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail, na critéir agus na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
2. Chun críocha mhír 1, agus ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear inti, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle, in am trátha roimh gach cruinniú de chuid na bPáirtithe, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais atá le plé agus mionsonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais atá le formhuiniú.
3. Más rud é, le linn chruinniú na bPáirtithe, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, chun go gcuirfidh seasamh an Aontais gnéithe nua san áireamh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle nó faoi bhráid a comhlachtaí ullmhúcháin.
Airteagal 3 Déanfaidh an Chomhairle an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, ar a dhéanaí le haghaidh chruinniú na bPáirtithe i ndiaidh an tríú cruinniú débhliantúil de chuid na bPáirtithe tar éis an chéad chruinniú athbhreithnithe.
Airteagal 4 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Borrell Fontelles