Gelex

Cinneadh (CBES) 2021/543 ón gComhairle an 26 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2011/173/CBES a bhaineann le bearta sriantacha I bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin

In forceVersion 2021-03-26from 2021-03-30
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/543@2021-03-26/ga

Contents
  1. Preamble

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 21 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/173/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

(2) Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/173/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Márta 2022.

(3) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/173/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 6 de Chinneadh 2011/173/CBES: Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Márta 2022..

Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021 Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. P. Zacarias

Versions

  1. 2021-03-26