Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/552 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha DEC-AHOL® Product Family (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2021-03-30from 2021-04-20
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/552@2021-03-30/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. CUID I AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE
  4. 1.
  5. 2.
  6. CUID II AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE - MEITEA-SPC/SPCanna
  7. MEITEA-SPC 1
  8. 1.
  9. 2.
  10. 4.
  11. 4.1. Tábla 1. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Ceirtíní (ceirtíní aonair agus ceirtíní ilphacáiste araon)
  12. 5.
  13. 7.
  14. MEITEA-SPC 2
  15. 1.
  16. 2.
  17. 4.
  18. 4.1. Tábla 2. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Aerasóil (tiomantán aerasóil)
  19. 5.
  20. 7.
  21. MEITEA-SPC 3
  22. 1.
  23. 2.
  24. 4.
  25. 4.1. Tábla 3. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Sprae Truiceartha, Leacht
  26. 4.2. Tábla 4. Úsáid # 2 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú (urláir san áireamh); Cuimilt
  27. 4.3. Tábla 5. Úsáid # 3 - Lámhainní seomra ghlain a dhíghalrú
  28. 5.
  29. 7.
  30. MEITEA-SPC 4
  31. 1.
  32. 2.
  33. 4.
  34. 4.1. Tábla 6. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Aerasóil
  35. 5.
  36. 7.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 29 Meitheamh 2016, chuir Veltek Associates Inc. Europe iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar DEC-AHOL® Product Family de chineál táirge 2 a údarú, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, lena soláthraítear daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na hÍsiltíre meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-XF025530-45 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2) Is é própán-2-ól substaint ghníomhach an DEC-AHOL® Product Family, ar substaint í a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3) An 9 Nollaig 2019, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, an tuarascáil mheasúnachta agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (an Ghníomhaireacht).

(4) An 2 Iúil 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim faoi bhráid an Choimisiúin, chomh maith leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh DEC-AHOL® Product Family agus an tuarascáil mheasúnachta dheiridh ar an bhfine táirgí bithicídeacha i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5) Sa tuairim sin, déantar an cinneadh gur fine táirgí bithicídeacha atá in DEC-AHOL® Product Family de réir bhrí Airteagal 3(1)(s) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur fine í atá incháilithe le haghaidh údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir na dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a chomhlíonadh, go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) agus (6) den Rialachán sin.

(6) An 20 Iúil 2020, sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7) Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh DEC-AHOL® Product Family a dheonú.

(8) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0024324-0000 do Veltek Associates Inc. Europe maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha DEC-AHOL® Product Family a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn. Tá an t-údarú Aontais bailí ón 20 Aibreán 2021go dtí an 31 Márta 2031.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN Achoimre ar shaintréithe an táirge maidir leis an tacar táirgí gaolmhara bithicíde

DEC-AHOL® Product Family Cineál táirge 2 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin) Uimhir údaraithe: EU-0024324-0000 Uimhir Shócmhainne R4BP: EU-0024324-0000

CUID I AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE

1. FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.

1.1. Ainm an tacair táirgí gaolmhara Ainm DEC-AHOL® Product Family

1.2. An cineál táirge/Na cineálacha táirgí An cineál táirge/na cineálacha táirgí PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

1.3. Sealbhóir údaraithe Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe Ainm Veltek Associates Inc. Europe Seoladh Rozengaard 1940, 8212DT Lelystad, An Ísiltír Uimhir údaraithe EU-0024324-0000 Uimhir shócmhainne R4BP EU-0024324-0000 Dáta an údaraithe 20 Aibreán 2021 Dáta éaga an údaraithe 31 Márta 2031

1.4. Monaróir/Monaróirí na dtáirgí bithicíde Ainm an mhonaróra Veltek Associates, Inc. Seoladh an mhonaróra 15 Lee Blvd., PA19355 Malvern, Na Stáit Aontaithe Suíomh na n-ionad déantúsaíochta 15 Lee Blvd., PA19355 Malvern, Na Stáit Aontaithe

1.5. Monaróir/Monaróirí na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha Substaint Ghníomhach Própán-2-ól Ainm an mhonaróra Exxon Mobil Chemical Company Seoladh an mhonaróra 4045 Scenic Hwy, Baton Rouge, LA 70805 Louisiana, Na Stáit Aontaithe Suíomh na n-ionad déantúsaíochta 4045 Scenic Hwy, Baton Rouge, LA 70805 Louisiana, Na Stáit Aontaithe

2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ GAOLMHARA

2.

2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh an tacair tháirgí gaolmhara Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Íos-chion Uas-chion Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 64,8 65,4

2.2. Cineál/Cineálacha foirmlithe Foirmliú AL - Aon leacht eile AE - Dáileoir aerasóil AL (aon leacht eile) - ceirtín réidh le húsáid

CUID II AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE - MEITEA-SPC/SPCanna

MEITEA-SPC 1

1. FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 1

1.

1.1. Aitheantóir mheitea-SPC 1 Aitheantóir Meitea-SPC 1

1.2. Iarmhír leis an uimhir údaraithe Uimhir 1-1

1.3. An cineál táirge/na cineálacha táirgí An cineál táirge/na cineálacha táirgí PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2. COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 1

2.

2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 1 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Íos-chion Uas-chion Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 65,4 65,4

2.2. Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 1 Foirmliú/Foirmlithe AL (aon leacht eile) - ceirtín réidh le húsáid

3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 1 Ráitis ghuaise Leacht fíor-inadhainte agus gal fíor-inadhainte. Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl. D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn. Ráitis réamhchúraim Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. Cosc ar thobac a chaitheamh. Ná hanálaigh an ghal. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú. Caith lámhainní cosanta. I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú. Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn. Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra. Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil. Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta. Úsáid trealamh cosanta súl.

4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 1

4.
4.1. Tábla 1. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Ceirtíní (ceirtíní aonair agus ceirtíní ilphacáiste araon)

Cur síos ar an úsáid An cineál táirge PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin) Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe - Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) Ainm coitianta: Baictéir Céim na forbartha: - Ainm coitianta: Giosta Céim na forbartha: - Réimse/réimsí úsáide Taobh istigh Ceirtíní díghalraithe atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe. Modh/Modhanna cur i bhfeidhm Dromchlaí a chuimilt Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm Réidh le húsáid Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá. Am na teagmhála: 2 nóiméad Ceirtíní aonair: Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - ceithre cheirtín in aghaidh an m2 Ceirtín 30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2 Ceirtín 45,7 cm × 45,7 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2 Ceirtíní ilphacáiste: 30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2 Catagóir/Catagóirí úsáideoirí An Tionscal Méid agus ábhar na bpacáistí Ceirtíní própán-2-óil 70 % v/v réamh-sáithithe agus uisce le haghaidh instealltaithe (WFI). Ceirtíní aonair: Tá na ceirtíní comhdhéanta de snáithín leanúnach poileistear filiméid 100 %. Déantar na ceirtíní a phacáistiú i málaí plaisteacha teas-séalaithe aonair déanta as poileitiléin ísealdlúis. Méid na bpacáistí: Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - 100/cás, neamhsteiriúil Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - 100/cás, steiriúil Ceirtín 30,5 cm × 30,5 cm - 100/cás, steiriúil Ceirtín 45,7 cm × 45,7 cm - 100/cás, steiriúil Ceirtíní ilphacáiste Tá na ceirtíní comhdhéanta de snáithín leanúnach poileistear filiméid fite 100 %; 20 ceirtín in aghaidh an phacáiste; fillte le chéile i bpacáiste mála in-athdhúnta. Méid na bpacáistí: Ceirtín 100 % poileistear 30,5 cm × 30,5 cm - 200/cás, neamhsteiriúil Ceirtín 100 % poileistear 30,5 cm × 30,5 cm - 200/cás, steiriúil

4.1.1. Treoracha úsáide sonracha Ná húsáid an táirge ach amháin i seomraí glana atá aicmithe in aicme 1 go 9 de réir ISO 14644-1 nó atá aicmithe i ngrád A go D de réir aicmiú Dea-Chleachtais Déantúsaíochta (DCD) AE. Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Ná húsáid ach ceirtíní taise. Bain amach ceirtín amháin nó dhá cheirtín ag an am i gcás na gceirtíní aonair, agus aon cheann amháin ag an am i gcás na gceirtíní ilphacáiste. Déan cinnte de go bhfuil na dromchlaí iomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Diúscair na ceirtíní tar éis iad a úsáid, i gcoimeádán dúnta, agus i gcás ceirtíní ilphacáiste dún an pacáiste tar éis é a oscailt. Ceirtíní aonair: Ceirtíní ilphacáiste:

Ceirtín 15,2 cm × 15,2 cm - ceithre cheirtín in aghaidh an m2

Ceirtín 30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

Ceirtín 45,7 cm × 45,7 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

30,5 cm × 30,5 cm - aon cheirtín amháin in aghaidh an m2

4.1.2. Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.3. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5. TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID MHEITEA-SPC 1

5.

5.1. Treoracha úsáide Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2. Bearta maolaithe riosca Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde. Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh. An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán. An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl. Seachain teagmháil leis na súile. Ná hanálaigh an ghal. Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe.

5.3. Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil. Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin. Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir). I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4. Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir. Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 30 °C. Seilfré: 2 bhliain

6. FAISNÉIS EILE Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129.28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca a dhéanamh ar an táirge.

7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1

7.

7.1. Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith Trádainm/trádainmneacha ALCOH-WIPE® PROCESS2WIPE® IPA70 Limistéar margaidh: AE Limistéar margaidh: AE Uimhir údaraithe EU-0024324-0001 1-1 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 65,4

MEITEA-SPC 2

1. FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 2

1.

1.1. Aitheantóir mheitea-SPC 2 Aitheantóir Meitea-SPC 2

1.2. Iarmhír leis an uimhir údaraithe Uimhir 1-2

1.3. An cineál táirge/na cineálacha táirgí An cineál táirge/na cineálacha táirgí PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2. COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 2

2.

2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 2 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Íos-chion Uas-chion Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 64,8 64,8

2.2. Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 2 Foirmliú/Foirmlithe AE - Dáileoir aerasóil

3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 2 Ráitis ghuaise Aerasól fíor-inadhainte. Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh má théitear é Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl. D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn. Ráitis réamhchúraim Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. Cosc ar thobac a chaitheamh. Ná spraeáil ar lasair oscailte ná ar fhoinse adhainte eile é. Ná cuir poll ann, agus ná dóigh é, fiú nuair atá sé caite. Ná hanálaigh an ghal. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú. Caith lámhainní cosanta. I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú. Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn. Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra. Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil. Cosain an táirge ó sholas na gréine. Ná fág é neamhchosanta i dteochtaí os cionn 50 °C/122 °F. Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta. Úsáid trealamh cosanta súl.

4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 2

4.
4.1. Tábla 2. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Aerasóil (tiomantán aerasóil)

Cur síos ar an úsáid An cineál táirge PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin) Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe - Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) Ainm coitianta: Baictéir Céim na forbartha: - Ainm coitianta: Giosta Céim na forbartha: - Réimse/réimsí úsáide Taobh istigh Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe. Modh/Modhanna cur i bhfeidhm Aerasól a spraeáil ar dhromchlaí Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá. Fan amach 15-20 cm ón spriocdhromchla agus an táirge á chur air agat ar feadh 20 shoicind/m2. Am na teagmhála: 2 nóiméad Catagóir/Catagóirí úsáideoirí An Tionscal Méid agus ábhar na bpacáistí 325 ml (11 oz.) - canna aerasóil (alúmanam arna chumhdach ar an taobh istigh le roisín feanólach eapocsach)

4.1.1. Treoracha úsáide sonracha Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Spraeáil an dromchla atá le díghalrú ó achar 15-20 cm. Fliuch an dromchla go maith leis an táirge, agus caith 20 soicind/m2 á chur air, déan cinnte de go bhfuil na dromchlaí go hiomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.1.2. Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.1.3. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair díreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5. TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID MHEITEA-SPC 2

5.

5.1. Treoracha úsáide Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2. Bearta maolaithe riosca Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde. Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh. An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán. An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl. Seachain teagmháil leis na súile. Ná hanálaigh an ghal. Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú.

5.3. Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha araon, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil. Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin. Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir). I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4. Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir. Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 40 °C. Cosain ón sioc é. Seilfré: 2 bhliain

6. FAISNÉIS EILE Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129,28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca á dhéanamh ar an táirge.

7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 2

7.

7.1. Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith Trádainm/trádainmneacha DEC-AHOL® AEROSOL WFI Formula Limistéar margaidh: AE Uimhir údaraithe EU-0024324-0002 1-2 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 64,8

MEITEA-SPC 3

1. FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 3

1.

1.1. Aitheantóir mheitea-SPC 3 Aitheantóir Meitea-SPC 3

1.2. Iarmhír leis an uimhir údaraithe Uimhir 1-3

1.3. An cineál táirge/na cineálacha táirgí An cineál táirge/na cineálacha táirgí PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2. COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 3

2.

2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 3 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Íos-chion Uas-chion Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 65,4 65,4

2.2. Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 3 Foirmliú/Foirmlithe AL - Aon leacht eile

3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 3 Ráitis ghuaise Leacht fíor-inadhainte agus gal fíor-inadhainte. Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl. D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn. Ráitis réamhchúraim Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. Cosc ar thobac a chaitheamh. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Ná hanálaigh an ghal. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe. Caith lámhainní cosanta. I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú. Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn. Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra. Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh fionnuar é. Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil. Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta. Seachain an sprae a ionanalú. Úsáid trealamh cosanta súl.

4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 3

4.
4.1. Tábla 3. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Sprae Truiceartha, Leacht

Cur síos ar an úsáid An cineál táirge PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin) Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe - Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) Ainm coitianta: Baictéir Céim na forbartha: Ainm coitianta: Giosta Céim na forbartha: - Réimse/réimsí úsáide Taobh istigh Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe. Modh/Modhanna cur i bhfeidhm Spraeáil ar dhromchlaí é leis an truicear Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá. Fan amach 15-20 cm ón spriocdhromchla agus an táirge á chur air agat. Fáisc é 40 uair/m2. Am na teagmhála: 2 nóiméad Catagóir/Catagóirí úsáideoirí An Tionscal Méid agus ábhar na bpacáistí Truicear: Tá na buidéil déanta as poileitiléin ard-dlús, tá an feadán tumhta déanta as polapróipiléin. Tá an caipín an bhuidéil déanta as polapróipiléin, tá an séala ionduchtaithe déanta as polapróipiléin. Soláthraítear na buidéil agus spraeire poileitiléin feistithe orthu roimh ré, é sin nó cuirtear iad ar fáil scartha chun go mbeidh an custaiméir in ann iad a fheistiú iad féin. Sa chás nach bhfuil truicear suiteáilte orthu, soláthraítear iad agus caipín scriú poileitiléine ar na buidéil. Cuirtear gach aon bhuidéal i dtrí mhála laistigh dá chéile, agus ansin cuirtear iad i mboscaí cairtchláir. Ní sholáthraítear an táirge do na húsáideoirí ach amháin i mboscaí atá séalaithe. Buidéal agus mála istigh ann - Truicear: Tá na buidéil déanta as poileitiléin ard-dlús, soláthraítear iad agus spraeire poileitiléine feistithe orthu roimh ré. Tá an feadán tumhta déanta as poileitiléin. Tá an mála laistigh den bhuidéal déanta as Surlyn® (roisíní teirmeaplaisteacha). Cuirtear gach aon bhuidéal i dtrí mhála laistigh dá chéile, agus ansin cuirtear iad i mboscaí cairtchláir. Ní sholáthraítear an táirge do na húsáideoirí ach amháin i mboscaí atá séalaithe.

473 ml (16 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, steiriúil

946 ml (32 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, steiriúil

473 ml (16 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, neamhsteiriúil

946 ml (32 oz.) - sprae truiceartha - 12/cás, neamhsteiriúil

500 ml (16 oz.) -Sprae truiceartha agus mála sa bhuidéal - 12/cás, steiriúil

1000 ml (32 oz.) -Sprae truiceartha agus mála sa bhuidéal - 12/cás, steiriúil

4.1.1. Treoracha úsáide sonracha Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Dírigh an spraeire ar an dromchla ó achar 15-20 cm. Déan cinnte de go bhfuil an dromchla iomlán fliuch (fáisc é 40 uair/m2). Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní féidir ach dromchlaí beaga a dhíghalrú. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.1.2. Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.1.3. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.2. Tábla 4. Úsáid # 2 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú (urláir san áireamh); Cuimilt

Cur síos ar an úsáid An cineál táirge PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin) Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe - Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) Ainm coitianta: Baictéir Céim na forbartha: - Ainm coitianta: Giosta Céim na forbartha: - Réimse/réimsí úsáide Taobh istigh Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe. Modh/Modhanna cur i bhfeidhm Ceirtín/éadach steiriúil a fhliuchadh sula ndéantar an dromchla a chuimilt Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá. Am na teagmhála: 2 nóiméad. Catagóir/Catagóirí úsáideoirí An Tionscal Méid agus ábhar na bpacáistí Buidéal infháiscthe: Tá na buidéil déanta as an bpoileitiléin ísealdlúis Druma nó buidéal:

473 ml (16 oz.) - infháiscthe, i mála aonair - 12/cás, steiriúil

473 ml (16 oz.) - infháiscthe bulc-ghrúpa in aon mhála mór amháin - 12/cás, steiriúil Ní chuirtear na buidéil bulc-phacáiste i málaí aonair.

18,9 l (druma 5 ghalún) - gach coimeádán i mála dúbailte - 1/cás, steiriúil

3,79 l (buidéal 1 ghalúin) - gach coimeádán i mála dúbailte - 4/cás, steiriúil

3,79 l (buidéal 1 ghalúin) - gach coimeádán i mála dúbailte - 4/cás, neamhsteiriúil

4.2.1. Treoracha úsáide sonracha Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Déan ceirtín/éadach steiriúil a fhliuchadh go maith leis an táirge, déan deimhin de go bhfuil na dromchlaí iomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní féidir ach dromchlaí beaga a dhíghalrú. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.2.2. Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.2.3. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.2.4. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.2.5. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.3. Tábla 5. Úsáid # 3 - Lámhainní seomra ghlain a dhíghalrú

Cur síos ar an úsáid An cineál táirge PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin) Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht a dhéanamh ar an úsáid údaraithe - Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) Ainm coitianta: Baictéir Céim na forbartha: - Ainm coitianta: Giosta Céim na forbartha: - Réimse/réimsí úsáide Taobh istigh Díghalrán atá le húsáid ar lámha a bhfuil lámhainní orthu i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feiste leighis agus táirgí diagnóiseacha. Modh/Modhanna cur i bhfeidhm Braoiníní leachta a leithdháileadh ar lámhainní Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm 1,5 ml in aghaidh na lámhainne - Réidh le húsáid Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá. Am na teagmhála: 1 nóiméad, Catagóir/Catagóirí úsáideoirí An Tionscal Méid agus ábhar na bpacáistí Buidéal 946 ml (32 oz.) - 12/cás, steiriúil Buidéal 946 ml (32 oz.) - 12/cás, neamhsteiriúil Tá an buidéal déanta as poileitiléin ísealdlúis

4.3.1. Treoracha úsáide sonracha Ná húsáid an táirge ach amháin i seomraí glana atá aicmithe in aicme 1 go 9 de réir ISO 14644-1 nó atá aicmithe i ngrád A go D de réir aicmiú Dea-Chleachtais Déantúsaíochta (DCD) AE. Coinnigh lámhainní ar na lámha agus iad faoin mbraiteoir sconna chun an leacht a ghabháil. Déan é a chuimilt go maith chun an leacht a dháileadh go cothrom agus déan dromchla na lámhainní a fhliuchadh leis an táirge. Ná bain é agus lig dó fanacht fliuch ar feadh 1 nóiméad, ar a laghad. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta. Ná húsáid ar lámha neamhchosanta é.

4.3.2. Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.3.3. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.3.4. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.3.5. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5. TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID MHEITEA-SPC 3

5.

5.1. Treoracha úsáide Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2. Bearta maolaithe riosca Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde. Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh. An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán. An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl. Seachain teagmháil leis na súile. Ná hanálaigh an ghal. Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsiú.

5.3. Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil. Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin. Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir). I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4. Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir. Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 40 °C. Cosain ón sioc é. Seilfré: 2 bhliain

6. FAISNÉIS EILE Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129,28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca á dhéanamh ar an táirge.

7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 3

7.

7.1. Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith Trádainm/trádainmneacha DEC-AHOL® WFI Formula DEC-AHOL® ASEPTI-CLEANSE Limistéar margaidh: AE Limistéar margaidh: AE Uimhir údaraithe EU-0024324-0003 1-3 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 65,4

MEITEA-SPC 4

1. FAISNÉIS RIARACHÁIN MHEITEA-SPC 4

1.

1.1. Aitheantóir mheitea-SPC 4 Aitheantóir Meitea-SPC 4

1.2. Iarmhír leis an uimhir údaraithe Uimhir 1-4

1.3. An cineál táirge/na cineálacha táirgí An cineál táirge/na cineálacha táirgí PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin)

2. COMHDHÉANAMH MHEITEA-SPC 4

2.

2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chomhdhéanamh mheitea-SPC 4 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Íos-chion Uas-chion Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 65,4 65,4

2.2. Cineál/Cineálacha d’fhoirmliú mheitea-SPC 4 Foirmliú/Foirmlithe AE - Dáileoir aerasóil

3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÁITIS RÉAMHCHÚRAIM A GHABHANN LE MEITEA-SPC 4 Ráitis ghuaise Aerasól fíor-inadhainte. Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh má théitear é Bíonn sé ina chúis le greannú tromchúiseach súl. D’fhéadfadh sé fonn codlata nó meadhrán a chur ar dhuine. D’fhéadfadh ilnochtadh a bheith ina chúis le triomacht nó scoilteadh craicinn. Ráitis réamhchúraim Coinnigh an táirge amach ó theas, dromchlaí teo, splancacha, lasraí oscailte, agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac a chaitheamh. Ná spraeáil ar lasair oscailte ná ar fhoinse adhainte eile é. Ná cuir poll ann, agus ná dóigh é, fiú nuair atá sé caite. Ná hanálaigh an ghal. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe. Caith lámhainní cosanta. I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é ionas gur féidir leis anáil go réidh éasca. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Déan na súile a shruthlú go cúramach le huisce ar feadh cúpla nóiméad. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean leis na súile a shruthlú. Cuir glaoch ar dhochtúir má airíonn tú tinn. Má leanann leis an ngreannú súl: Faigh comhairle dochtúra. Coinnigh an táirge in áit atá aeráilte go maith. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Cuir an táirge faoi ghlas agus é á stóráil. Cosain an táirge ó sholas na gréine. Ná fág é neamhchosanta i dteochtaí os cionn 50 °C/122 °F. Déan an t-ábhar a dhiúscairt de réir na rialachán áitiúil/náisiúnta. Úsáid trealamh cosanta súl.

4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MHEITEA-SPC 4

4.
4.1. Tábla 6. Úsáid # 1 – Dromchlaí crua neamh-scagacha a dhíghalrú; Aerasóil

Cur síos ar an úsáid An cineál táirge PT02 - Díghalráin agus ailgicídí nach bhfuil sé beartaithe dóibh a bheith curtha díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (Díghalráin) Más iomchuí, tabhair tuairisc chruinn bheacht ar an úsáid údaraithe - Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) Ainm coitianta: Baictéir Céim na forbartha: - Ainm coitianta: Giosta Céim na forbartha: - Réimse/réimsí úsáide Taobh istigh Díghalrán atá le húsáid i seomraí glana i saoráidí déantúsaíochta cógaisíochta, bithchógaisíochta, feistithe leighis agus táirgí diagnóiseacha chun dromchlaí, ábhair agus trealamh neamhbheo crua a dhíghalrú, ar dromchlaí iad nach n-úsáidtear iad chun teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an mbia nó le hábhair bheathaithe. Modh/Modhanna cur i bhfeidhm Aerasól a spraeáil ar dhromchlaí Ráta/Rátaí agus minicíocht cur i bhfeidhm Uasmhéid a spraeáiltear 35 ml/m2 - Réidh le húsáid Is féidir an táirge a úsáid cúpla uair sa lá, más gá. Fan amach 15-20 cm ón spriocdhromchla agus an táirge á chur air agat ar feadh 20 soicind/m2. Am na teagmhála: 2 nóiméad Catagóir/Catagóirí úsáideoirí An Tionscal Méid agus ábhar na bpacáistí 325 ml (11 oz.) - spraeire ceo Inverta-Spray® Alúmanam arna chumhdach ar an taobh istigh le roisín feanólach eapocsach, agus é feistithe le mála linéalaigh poileitiléine ísealdlúise (mála-ar-chomhla), tiomantán aeir chomhbhúite.

4.1.1. Treoracha úsáide sonracha Glan na dromchlaí agus déan iad a thriomú roimh iad a dhíghalrú. Spraeáil an dromchla atá le díghalrú ó achar 15-20 cm. Fliuch an dromchla go maith leis an táirge, agus caith 20 soicind/m2 á chur air, déan cinnte de go bhfuil na dromchlaí go hiomlán fliuch. Fan 2 nóiméad ar a laghad chun go mbeidh éifeacht ag na táirge. Tar éis an ama teagmhála riachtanaigh, lig don dromchla triomú san aer nó déan é a thriomú, más gá, ach é a chuimilt le héadach steirilithe nó le ceirtín. Ní mór éadach nó ceirtíní a bhfuil an táirge curtha orthu a dhiúscairt i gcoimeádán dúnta.

4.1.2. Bearta maolaithe riosca a bhaineann go sonrach leis an úsáid Ba cheart go mbeadh tobair súilfholcadh práinneach agus cithfholcadáin sábháilteachta ar fáil i ngarchomharsanacht aon áit a d’fhéadfadh an neamhchosaint tarlú.

4.1.3. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad na treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Féach na treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5. I gcás ina mbainfidh siad go sonrach leis an úsáid, cad iad coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Féach na treoracha úsáide ginearálta.

5. TREORACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hÚSÁID MHEITEA-SPC 4

5.

5.1. Treoracha úsáide Féach na treoracha sonracha úsáide.

5.2. Bearta maolaithe riosca Bain úsáid as an aeráil leordhóthanach le ráta athraithe aeir ocht n-uaire in aghaidh na huaire, nó níos airde. Ná cuir an táirge in aice na súl ná na haghaidhe é agus é á leathadh. An lámhchosaint: Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán. An chosaint súl: Úsáid trealamh cosanta súl. Seachain teagmháil leis na súile. Ná hanálaigh an ghal. Ná hith, ná hól, ná caith tobac agus an táirge in úsáid. Nigh na lámha go maith tar éis láimhsithe.

5.3. Sonraí faoi na tionchair dhóchúla, idir thionchair dhíreacha agus indíreacha, faoi na treoracha garchabhrach agus faoi na bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint Comharthaí/gortuithe tar éis ion-análaithe: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fonn codlata nó meadhrán. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis an gcraiceann: D’fhéadfadh greannú, triomacht nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar theagmháil leis an gcraiceann arís agus arís eile agus/nó ar feadh tréimhse fada. Comharthaí/gortuithe tar éis teagmhála leis na súile: Greannú tromchúiseach don tsúil. Comharthaí/gortuithe tar éis ionghabhála: Is iad masmas agus urlachan mar thoradh ar ghreannú áitiúil na comharthaí a thuairiscítear i ndaoine, mar aon le héifeachtaí sistéamacha amhail an meisce, an chodlatacht agus uaireanta staid neamhaireachtálach agus leibhéal íseal siúcra fola (go háirithe i leanaí). Mar gheall ar an gcineál foirmlithe (ceirtíní, aerasóil agus spraeanna), is lú an seans go dtarlóidh na héifeachtaí sistéamacha sin. Bearta garchabhrach ginearálta: Ná cuir aon rud riamh i mbéal duine atá neamhaireachtálach. Má bhraitheann tú tinn, faigh comhairle leighis (taispeáin an lipéad, más féidir). I gCÁS INA nANÁLÓFAR AN GHAL: Cuir an duine amuigh faoin aer agus coinnigh ar a shuaimhneas é chun go mbeidh sé in ann análú go réidh éasca. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir. MÁ TÁ SÉ AR AN gCRAICEANN: Sruthlaigh craiceann san uisce/nó faoi chith uisce. Bain gach píosa éadaigh atá éillithe láithreach bonn. Nigh go réidh iad le go leor gallúnaí agus uisce. Má thagann aon chomharthaí tinnis ort, faigh cúnamh leighis. I gCÁS INA mBEIDH AN TÁIRGE SNA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca amhlaidh a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir MÁ SHLOGTAR AN TÁIRGE: Sruthlaigh an béal. Tabhair rud éigin don duine le hól má tá sé aireachtálach. Má tá comharthaí tinnis le feiceáil: Glaoigh ar 112/otharcharr chun cúnamh míochaine a fháil. Mura bhfuil aon chomharthaí tinnis ann: Cuir glaoch ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

5.4. Treoracha maidir le diúscairt shábháilte an táirge agus an phacáistithe Ní mór na coimeádáin fholmha a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó iad a athchúrsáil, nuair is féidir. Faisnéis bhreise: Déan na coimeádáin fholmha a láimhseáil go cúramach ós rud é go bhfuil na gail iarmharacha iontu inadhainte.

5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge faoi ghnáthchoinníollacha stórála Coinnigh amach é ó lasracha oscailte, ó dhromchlaí teo agus ó fhoinsí adhainte. Coinnigh an coimeádán dúnta go docht. Coinnigh in áit fhionnuar é, atá aeráilte go maith. Coinnigh i dteochtaí faoi bhun 40 °C. Cosain ón sioc é. Seilfré: 2 bhliain

6. FAISNÉIS EILE Tá própán-2-ól (Uimhir CAS: 67-63-0) sa táirge. Aontaíodh agus úsáideadh luach tagartha Eorpach dar luach 129,28 mg/m3 don úsáideoir gairmiúil agus measúnú riosca a dhéanamh ar an táirge.

7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 4

7.

7.1. Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge ar leith Trádainm/trádainmneacha DEC-AHOL® AEROSOL WFI Formula Invertaspray Limistéar margaidh: AE Uimhir údaraithe EU-0024324-0004 1-4 Ainm coitianta Ainm IUPAC Feidhm Uimhir CAS Uimhir EC Cion (%) Própán-2-ól Substaint ghníomhach 67-63-0 200-661-7 65,4

Versions

  1. 2021-03-30