Cinneadh (AE) 2021/721 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, rna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, e Choiste na Réigiún
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/721@2021-04-29/ga
Contents
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún,
Ag féachaint do na tograí ó Rialtas na hÍsiltíre,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.
(2) An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157, lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 25 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1383, lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún.
(3) Tá suíochán comhalta de Choiste na Réigiún folamh tar éis do Robertus Cornelis Leonardus (Robert) STRIJK éirí as oifig.
(4) Tá sé molta ag rialtas na hÍsiltíre Ilse ZAAL, atá ina comhalta malartach faoi láthair de Choiste na Réigiún agus ina ionadaí de chomhlacht réigiúnach é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa (Gedeputeerde van de provincie Noord-Holland), a cheapadh ina comhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, téarma oifige a mhairfidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
(5) Beidh suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis cheapadh Ilse ZAAL ina comhalta de Choiste na Réigiún.
(6) Tá sé molta ag rialtas na hÍsiltíre Robertus Cornelis Leonardus (Robert) STRIJK, ar ionadaí de chomhlacht réigiúnach é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa (Gedeputeerdevan de provincie Utrecht), a cheapadh ina chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, téarma oifige a mhairfidh go dtí an 25 Eanáir 2025,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
Airteagal 1
(a) mar chomhalta: agus
Ms Ilse ZAAL, ionadaí de chomhlacht réigiúnach é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa: Provinciale Staten van de provincie Noord-Holland,
(b) mar chomhalta malartach:
Mr Robertus Cornelis Leonardus (Robert) STRIJK, ionadaí de chomhlacht réigiúnach é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa: Provinciale Staten van de provincie Utrecht.
Airteagal 2 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán A. P. Zacarias