Gelex

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/781 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas agus astaíochtaí tagartha CO2 de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2019 (Tugtar fógra faoi dhoiciméad C(2021) 3109) (Is iad na téacsanna san Ollainnis, i mBéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus sa tSualainnis atá barántúil agus iad sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2021-05-10from 2021-05-11
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/781@2021-05-10/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1 Meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra
  3. Airteagal 2 An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra
  4. Airteagal 3 Conair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra
  5. Airteagal 4 Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair
  6. Airteagal 5 Astaíochtaí tagartha CO2
  7. Airteagal 6
  8. ANNEX
  9. IARSCRÍBHINN I
  10. IARSCRÍBHINN II

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f) agus an dara fomhír de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí de bhun Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí an mhonaróra sin.

(2) Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas a bhunú ar na sonraí arna dtuairisciú maidir le feithiclí ó gach monaróir.

(3) Ba cheart an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle le haghaidh gach monaróra a chinneadh agus na feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tuairiscithe tromshaothair astaíochtaí ísle arna dtuairisciú amhlaidh á gcur san áireamh.

(4) Ba cheart an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra a chinneadh ar bhonn líon na bhfeithiclí nua tromshaothair seachas feithiclí seirbhíse arna dtuairisciú amhlaidh.

(5) Ba cheart astaíochtaí tagartha CO2 a bhunú ar na sonraí arna dtuairisciú faoi Rialachán (AE) 2018/956 de réir an fhoghrúpa agus seachas feithiclí seirbhíse.

(6) D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún na sonraí a fhoilsítear anseo a thabhairt cothrom le dáta, má fhaigheann sé sonraí breise a dhéanfadh difear do na ríomhanna sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra

Maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2019, léirítear iad sa dara colún den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2 An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra

An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2019, léirítear é sa tríú colún den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3 Conair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra

An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2019, léirítear iad sa cheathrú agus sa chúigiú colún, faoi seach, den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4 Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair

Is é seo a leanas meánastaíochtaí sonracha CO2feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas i dtréimhse tuairiscithe 2019, a ríomhadh tríd an bhfoirmle in Iarscríbhinn I, pointe 2.7 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242 agus na feithiclí nua tromshaothair atá ag gach monaróir á gcur san áireamh: 52,75 g/tkm.

Airteagal 5 Astaíochtaí tagartha CO2

Maidir le hastaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear in Airteagal 1, an dara mír de Rialachán (AE) 2019/1242, le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020, léirítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 6 Is chuig na monaróirí seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:

Airteagal 6

(1) DAIMLER TRUCK AG Mercedesstr.120 70372 Stuttgart An Ghearmáin

(2) DAF NV Bosca poist 90065 5602 PT Eindhoven An Ísiltír

(3) Ford Otomotiv Sanayi AS Akpinar Mah. Hasan Basri Cad No 2 34885 Sancaktepe Istanbul An Tuirc

(4) Iveco Magirus-AG Nicolaus-Otto-Straße 27 89079 Ulm An Ghearmáin

(5) IVECO SPA Via Puglia 35 10156 Torino An Iodáil

(6) MAN TRUCK AND BUS SE Dachauer Str 667 80995 Munich An Ghearmáin

(7) RENAULT TRUCK SA 99 Route de Lyon 69802 Saint Priest An Fhrainc

(8) SCANIA CV AB Vagnmakarvagen 1 15187 Södertälje An tSualainn

(9) VOLVO TRUCK CORPORATION 40508 Göteborg An tSualainn

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021. Thar ceann an Choimisiúin Frans Timmermans Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin

ANNEX

IARSCRÍBHINN I

Le gach iontráil, tagraítear do thréimhse tuairiscithe 2019 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2019/1242. Monaróir Meánastaíochtaí sonracha CO2, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm Fachtóir astaíochtaí nialasacha agus fachtóir astaíochtaí ísle, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242 Conair laghdaithe astaíochtaí CO2, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm Creidmheasanna astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm DAIMLER TRUCK AG 53,97 1,000 53,16 - DAF NV 53,38 0,999 53,64 8154 IVECO MAGIRUS-AG 53,43 1,000 51,87 - IVECO SPA 33,91 0,998 31,16 - FORD OTOMOTIV SANAYI AS 53,06 1,000 49,40 - MAN TRUCK AND BUS SE 51,58 0,999 51,49 - RENAULT TRUCK SA 52,19 1,000 50,72 - SCANIA CV AB 51,02 1,000 53,54 77096 VOLVO TRUCK CORPORATION 54,38 1,000 53,89 -

IARSCRÍBHINN II

Astaíochtaí tagartha CO2, dá dtagraítear in Airteagal 1, an dara mír, de Rialachán (AE) 2019/1242: Foghrúpa sg rCO2sg in g/tkm 4-UD 307,23 4-RD 197,16 4-LH 105,96 5-RD 84,00 5-LH 56,60 9-RD 110,98 9-LH 65,16 10-RD 83,26 10-LH 58,26

Versions

  1. 2021-05-10