Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/853 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/853@2021-05-27/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Le Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún áirítear Streptomyces K61 (ar a dtugtaí S. griseoviridis roimhe seo) mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle.
(2) Is baictéar í an tsubstaint ghníomhach atá i gceist, baictéar ar a dtugadh Streptomyces griseoviridis ar dtús. Ina dhiaidh sin, athraíodh an t-ainm sin, ar chúiseanna eolaíocha, go Streptomyces K61. Níos déanaí fós, athraíodh an t-ainm arís go Streiptimíceas tréithchineál K61, an t-ainm atá air faoi láthair.
(3) Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún.
(4) An formheas ar an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2022.
(5) Cuireadh isteach iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.
(6) Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.
(7) D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 15 Eanáir 2019.
(8) Chuir an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan in iúl don iarratasóir agus do na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus chuir sé na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal freisin.
(9) Chuir an tÚdarás, an 19 Meitheamh 2020, a chonclúid in iúl don Choimisiún i dtaobh an bhféadfaí a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh Streptomyces tréithchineál K61 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. An 3 Nollaig 2020 chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus an 25 Eanáir 2021 chuir siad dréacht-Rialachán faoina bhráid maidir leis an mbaictéar céanna.
(10) D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a thíolacadh maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.
(11) Cruthaítear i ndáil le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61 gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is iomchuí, dá bhrí sin, formheas Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan.
(12) Tá an measúnú riosca maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61 bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí ionadaíocha nach gcuireann srian ar na húsáidí lena bhféadfaí táirgí cosanta plandaí ina bhfuil Streptomyces tréithchineál K61 a údarú. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan an srian maidir le gan úsáid a bhaint as ach mar fhuingicíd a choinneáil ar bun.
(13) I gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 13(4) de, ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.
(14) Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún, cuireadh síneadh le tréimhse formheasa Streptomyces tréithchineál K61 go dtí an 30 Aibreán 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh an tréimhse sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil cinneadh maidir leis an athnuachan á dhéanamh roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tosú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth níos luaithe ná an dáta sin.
(15) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2 Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais Ainm IUPAC Íonacht Dáta formheasa Dul in éag formheasa Forálacha sonracha Streptomyces tréithchineál K61 Neamhbhainteach Gan aon eisíontas ábhartha 1 Iúil 2021 30 Meitheamh 2036 Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus cuirfidh siad san áireamh go meastar miocrorgánaigh mar íogróirí féideartha, agus áiritheoidh siad go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide. Áiritheoidh táirgeoirí go ndéanfar dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta mar a leagtar síos i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012 a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ar éilliú miocróbach .
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
(1) i gCuid A, scriostar iontráil 203 ar Streptomyces K61 (ar a dtugtaí S. griseoviridis roimhe seo);
(2) i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi: 145 Streptomyces tréithchineál K61 Neamhbhainteach Gan aon eisíontas ábhartha 1 Iúil 2021 30 Meitheamh 2036 Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de. Tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus cuirfidh siad san áireamh go meastar miocrorgánaigh mar íogróirí féideartha, agus áiritheoidh siad go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide. Áiritheoidh táirgeoirí go ndéanfar dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta mar a leagtar síos i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012 a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ar éilliú miocróbach .