Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/865 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2021 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Rooibos/Red Bush (STFC))

In forceVersion 2021-05-28from 2021-06-20
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/865@2021-05-28/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX
  3. ROOIBOS/RED BUSH Uimh. AE: : PDO-ZA-2427 -21.8.2018 STFC (X) TGFC ()
  4. 3.
  5. 3.2.
  6. 3.4.
  7. 4.
  8. 5. Limistéar geografach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus go háirithe Airteagal 52(3)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic an Afraic Theas chun an t-ainm Rooibos/Red Bush a chlárú mar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(2) An 7 Meán Fómhair 2020, fuair an Coimisiún an fógra freasúra agus an ráiteas freasúra réasúnaithe gaolmhar a sheol an Ríocht Aontaithe. Chuir an Coimisiún an fógra freasúra agus an ráiteas freasúra réasúnaithe ón Ríocht Aontaithe ar aghaidh chuig an Afraic Theas an 16 Meán Fómhair 2020.

(3) Rinne an Coimisiún scrúdú ar an gcur i gcoinne a rinne an Ríocht Aontaithe agus chinn sé go raibh sé inghlactha. Leis an gcur i gcoinne maítear nach gcomhlíonann clárú an ainm Rooibos / Red Bush na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 mar go bhfuil an tuairisc atá beartaithe ar an táirge ar neamhréir leis an tuairisc ar na hamhábhair. Leis an gcur i gcoinne maítear chomh maith nach bhfuil na rialacha atá beartaithe maidir le lipéadú Rooibos/Red Bush sonrach go leor agus i gcontrártha leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4) Le litir dar dáta an 22 Meán Fómhair 2020, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun teacht ar chomhaontú eatarthu féin i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.

(5) Tháinig an Afraic Theas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú, a chuir an Afraic Theas in iúl don Choimisiún an 11 Samhain 2020, laistigh den sprioc-am a leagadh síos.

(6) Tháinig an Afraic Theas agus an Ríocht Aontaithe ar an gconclúid gur cheart cosaint an tsonrúcháin Rooibos/Red Bush (STFC) a dheonú ach roinnt modhnuithe a dhéanamh ar an doiciméad aonair, lena n-áirítear tagairt chomhsheasmhach síos tríd an doiciméad do dheich mblas, agus na tagairtí d’aspalaitin agus notafaigin a leathnú chun tagairt a dhéanamh gurb amhlaidh a rialófar é de réir chosaint thásc geografach na hAfraice Theas ag an áit tionscnaimh chomh maith le rialacha athbhreithnithe maidir le lipéadú an táirge.

(7) Ós rud é gur i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus le reachtaíocht an Aontais atá ábhar an chomhaontaithe a thug an Afraic Theas agus an Ríocht Aontaithe i gcrích, ba cheart é a chur san áireamh.

(8) An 7 Meán Fómhair 2020, fuair an Coimisiún an fógra freasúra agus an ráiteas freasúra réasúnaithe gaolmhar a seoladh ón gComhlachas Eilvéiseach Taenna, Spíosraí agus Táirgí gaolmhara (IGTG).

(9) Rinne an Coimisiún scrúdú ar an gcur i gcoinne a rinne IGTG agus chinn sé go raibh sé neamh-inghlactha ós rud é nár tugadh bunús le haon cheann de na forais dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 sa ráiteas réasúnaithe a thíolaic IGTG. Le litir dar dáta an 4 Nollaig 2020 chuir an Coimisiún in iúl do IGTG nach dtabharfadh sé cuireadh do IGTG chun tús a chur le comhairliúcháin iomchuí leis an Afraic Theas. An cur i gcoinne a rinne IGTG in aghaidh chlárú an tsonrúcháin Rooibos/Red Bush (STFC), tharraing sé siar é le litir dar dáta an 8 Nollaig 2020 a seoladh chuig an gCoimisiún.

(10) Dá réir sin, ba cheart sonrúchán tionscnaimh Rooibos/Red Bush (STFC) a chur isteach sa chlár. Ba cheart an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair a fhoilsiú mar fhaisnéis,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Tá an t-ainm Rooibos/Red Bush (STFC) cláraithe. Leis an ainm sa chéad mhír sainaithnítear táirge ó Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.). Leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach an doiciméad aonair comhdhlúite.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Bealtaine 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

(an dara fomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo) —

IARSCRÍBHINN

ROOIBOS/RED BUSH Uimh. AE: : PDO-ZA-2427 -21.8.2018 STFC (X) TGFC ()

1. Ainm nó ainmneacha (STFC nó TGFC) Rooibos/Red Bush

2. Ballstát nó Tríú Tír An Afraic Theas

3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.

3.1. An cineál táirge (a liostaítear in Iarscríbhinn XI) Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)

3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1) Ní féidir an t-ainm Rooibos/Red Bush a úsáid ach amháin chun tagairt a dhéanamh do dhuilleoga agus do ghais thriomaithe arb é atá iontu 100 %Rooibos/Red Bush íon — a fhaightear ó Aspalathus linearis agus é saothraithe nó buainte san fhiántas sa limistéar geografach mar a thuairiscítear san iarratas seo. Is féidir Rooibos/Red Bush dhá fhoirm a bheith aige: a) é ocsaídithe agus b) duilleoga agus gais thriomaithe ghlasa (neamhocsaídithe) Aspalathus linearis. Is trí thástáil bhraite dhaonna, arna déanamh ag tástálaí oilte, a chinntear blastanas agus blas Rooibos” / Red Bush. D’fhéadfadh sé nach ionann blastanas agus blas baisceanna éagsúla de Rooibos/Red Bush ach trí anailís a dhéanamh ar thacar samplach mór, tá sé cruthaithe gurb ann do na blastanais seo a leanas i Rooibos/Red Bush ar leibhéil éagsúla. Blastanas Milis Mil Caramal Torthaíoch Citreas Caor Subh aibreoige Adhmadach Dosach/gasach Toiteach/Dóite Bláthach Fynbos Cumhrán Spíosrach Cainéal An blas agus an bhraistint sa bhéal Bunbhlasanna Milis Searbh Géar An bhraistint sa bhéal Bog mín Searbh

3.2.

(a) I gcás duilleoga agus gais thriomaithe ocsaídithe Aspalathus linearis, tá dath sainiúil ar Rooibos / Red Bush, dath atá idir donn éadrom, buí agus donnrua lonrach. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh roinnt cipíní (píosaí de ghas triomaithe), ar dhath níos éadroime, measctha leis an gcuid eile den táirge. Tá an leibhéal maothais i Rooibos/Red Bush faoi bhun 10 %.

(b) Duilleoga agus gais an phlanda Aspalathus linearis, iad triomaithe ocsaídithe, sin atá i Rooibos/Red Bush glas (neamhocsaídithe). Níl aon chomhartha ar Rooibos/Red Bush glas (neamhocsaídithe) go ndearnadh é a dhonnú ná a ocsaídiú. Glas éadrom an príomhdhath ar Rooibos/Red Bush glas (neamhocsaídithe), agus tá gas scothdhearg caol air agus tá píosaí d’adhmad bán ann. Tá an leibhéal maothais i Rooibos/Red Bush glas (neamhocsaídithe) faoi bhun 5 %.

3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin) Duilleoga agus gais Aspalathus linearis úrbhuainte, sin an t-aon amhábhar atá in Rooibos / Red Bush. Idir 0,02 % agus 1,16 % an cion d’aspalaitin atá ann agus suas go dtí 0,4 % an cion de notafaigin atá ann. Rialófar aspalaitin agus notafaigin ag an áit tionscnaimh de réir thásc geografach na hAfraice Theas.

3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thabhairt sa limistéar geografach sainithe Le linn tháirgeadh Rooibos/Red Bush ní mór na bearta seo a leanas a dhéanamh sa limistéar geografach sainaitheanta:

3.4.

(a) Is iad cnuasaitheoirí áitiúla síolta a bhailíonn síolta an phlanda Aspalathus linearis, ó neadacha seangán go minic. Ansin, cuireann na cnuasaitheoirí na síolta ar fáil d’Fheirmeoirí. Is seantraidisiún é seo atá fós á chleachtadh sa lá atá inniu ann agus is cuid fhíor-riachtanach é de shaothrú Rooibos faoi mar a thugtar air sa lá atá inniu ann

(b) Saothraítear é ar bhonn tráchtála nó fásann sé go nádúrtha san fhiántas.

(c) Buantar é sna goirt a shaothraítear (buantar go meicniúil nó de láimh é) nó ón bhfiántas (de láimh amháin).

(d) Déantar é a phróiseáil agus a thriomú i gclós triomaithe tae. D’fhéadfadh sé go mbeadh an clós triomaithe tae ar an bhfeirm nó lasmuigh den fheirm ach ní mór í a bheith suite sa limistéar ainmnithe.

3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe —

3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe Féadfaidh Rooibos/Red Bush a bheith cumasctha le taenna, insileadh agus táirgí eile, bídís lena gcaitheamh ag an duine nó ná bídis. Ní mór lipéadú na dtáirgí sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le lipéadú táirgí sa chríoch ina margaítear an táirge.

4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach Áirítear na limistéir seo a leanas mar limistéar geografach táirgeachta, triomaithe agus ocsaídithe Rooibos / Red Bush:

4.

(a) I gCúige na Rinne Thiar, bardais áitiúla Bergrivier, Gleann Breede, Cape Agulhas, Cederberg, Cathair Cape Town, Drakenstein, Langeberg, Matzikamma, Overstrand, Saldanha Bay, Stellenbosch, Swartland, Swellendam, Theewaterskloof agus Witzenberg.

(b) I gcúige na Rinne Thuaidh, an bardas áitiúil Hantam.

5. Nasc leis an limistéar geografach

5. Limistéar geografach

Baineann blas agus comhdhéanamh sonrach Rooibos/Red Bush go díreach leis an aeráid ina bhfásann sé. Bíonn an aeráid fuar fliuch i rith an gheimhridh, is é an t-earrach agus go luath sa samhradh aimsir an fháis, agus ansin bíonn siad aibí, carntar polaifeanól de réir mar a éiríonn an aimsir níos teo agus níos tirime. Dá réir sin, má fhástar Aspalathus linearis in aon aeráid eile, ní bheidh na saintréithe céanna aige agus a bhíonn ag Rooibos/Red Bush toisc méid níos lú polaifeanól a bheith carntha. Chun tuiscint a fháil ar an ngaolmhaireacht chúise sin, ní mór a thuiscint an chaoi ar cuireadh Aspalathus linearis in oiriúint d’aeráid, ithreacha agus tíreolaíocht uathúil an limistéir sin. An limistéar geografach ina bhfásann Rooibos / Red Bush, tá cáil air mar gheall gur samhradh te tirim agus geimhreadh fuar fliuch a bhíonn ann. Go deimhin, tomhaiseadh teocht 48,3 oC in Vredendal an 27 Deireadh Fómhair 2015; sin an teocht is airde a tomhaiseadh riamh ar domhan i mí Dheireadh Fómhair. Idir 380 agus 635 mm in aghaidh na bliana an méid báistí a bhíonn sa limistéar sin agus bíonn deascadh ann le linn mhíonna an gheimhridh go príomha agus bíonn ceathanna ann ó am go chéile go luath sa samhradh agus go déanach san fhómhar. Bíonn míonna fada an tsamhraidh te agus an-tirim. Is ó Coimpléasc Gaineamhchloch Table Mountain a fhaightear ithir an limistéir, rud a fhágann gur ithir gharbh ghainmheach í, atá gann ar chothaithigh, ag a bhfuil pH idir 4,5 agus 5,5. Gaineamhchloch ghrianchloichíte atá i nGaineamhchloch Table Mountain go príomha, ar gaineamhchloch í a bhí ann idir 510 agus 400 milliún bliain ó shin. Is é an scair is crua agus is frithsheasmhaí in aghaidh an chreimthe i bhForghrúpa na Rinne. Tháinig saintréithe uathúla ar Rooibos/Red Bush (i.e. cruth agus bratú na nduilleog, etc.) chun dul in oiriúint don aeráid chrua. Chomh maith leis an líonra taobhfhréamhacha atá díreach faoi bhun dhromchla na hithreach, arb ithir í is féidir úsáid a bhaint as deascadh éadrom fiú, tá socfhréamh fhada ag an bplanda a théann síos chomh fada le dhá mhéadar agus cuidíonn sé leis an bplanda taise a aimsiú agus uisce a bhaint amach i rith an tsamhraidh thirim. A bhuí leis na taobhfhréamhacha is fearr is féidir leis an bplanda fosfar a fháil ón ithir, atá ar na hithreacha is lú fosfar ar domhan. Ar na cúiseanna is mó a bhfuil Rooibos / “Red Bush oiriúnaithe don aeráid chrua tá an caidreamh siombóiseach idir é agus baictéir chobhsaithe nítrigine ar a chuid fréamhacha. Ós léagúm é, tiontaíonn na baictéir ar fhréamhacha Aspalathus linearis dé-ocsaíd nítrigine go hamóinia atá úsáideach ó thaobh na bithchógaisíochta i bpróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Ionsaíonn an planda an nítrigin agus baineann sé tairbhe aisti mar mhalairt ar bhia a sholáthar do na baictéir. Is gnáthphróiseas é an próiseas sin i gcás léagúm, ach is é an tsaintréith uathúil atá ag an Aspalathus linearis go bhfuil na Bradairisibia dúchasacha frithsheasmhach go nádúrtha in aghaidh aigéadachta agus gur féidir leis an pH risisféir atá aige a mhodhnú chun cur lena shiombóis agus a rochtain ar chothaithigh ag plandaí atá ag fás san ithir aigéadach neamhthorthúil sin. Tuairiscíodh sa litríocht gur beag siombóis atá in ann ithir atá chomh haigéadach sin agus atá chomh gann sin ar chothaithigh a sheasamh agus leibhéal ard nítrigine choimeád san am céanna, faoi mar is féidir le Aspalathus linearis. Baineann táirgeoirí Rooibos/Red Bush leas as an samhradh te tirim chun an t-ábhar buainte a thriomú go nádúrtha. Buantar Rooibos/Red Bush gach bliain le linn an tsamhraidh the agus déantar é a ghriantriomú díreach tar éis a bhuainte. Fágann an ghrian gharg agus éagmais fearthainne gur féidir Rooibos/Red Bush a thriomú go nádúrtha agus is féidir an próiseas ocsaídithe a rialú go hoiriúnach lena linn.

Idirghabháil ón duine

Cé gurb é Réigiún Bláthach na Rinne (a bhfuil cáil air as an bhfásra sainiúil Fynbos atá ann) an Ríocht Bhláthanna is lú de na sé Ríocht Bhláthanna ar domhan, tá sé ar an Ríocht Bhláthach is éagsúla agus tá sé ar cheann de na háiteanna is speisialta ar domhan le haghaidh plandaí i dtaca le héagsúlacht, dlús agus an líon speiceas atá ann. Mar sin féin, tá Aspalathus linearis ar cheann de líon beag plandaí ba bharr san fhiántas agus a ndearnadh de barr a shaothraítear, agus tá sé ar cheann de líon beag plandaí fynbos go dtí seo atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair; toradh na hidirghabhála ón duine. Beagnach 250 bliain ó shin thuairiscigh an nádúraí Carl Thunberg ón tSualainn, le linn dó a bheith ag taisteal san Afraic in 1772, gur casadh bunadh na háite air agus thug sé faoi deara go n-úsáididís Rooibos/Red Bush mar dheoch. Bhailítí duilleoga agus gais Rooibos/Red Bush ar na sléibhte agus cuireadh le chéile go dlúth iad i málaí heiseánacha a d’iompraítí anuas na fánaí géara ar dhroim asal. Is ann a tháinig ann do bhunmhodhanna próiseála Rooibos/Red Bush, modhanna atá fós in úsáid sa lá atá inniu ann (gearrtar agus brúitear duilleoga agus gais Rooibos/Red Bush ar dtús, ansin, taisrítear nó leasaítear an tae i gcairn agus ar deireadh, scaiptear iad lena dtriomú faoin ngrian). Thart ar 1930 chuir Le Fras Nortier spéis sa tae toim fhiáin, ba dhochtúir áitiúil é ó Clanwilliam agus bhí an-dúil aige sa dúlra, agus thosaigh sé ag baint triail as “Rooibos/Red Bush. Bhí sé deacair síolta Rooibos/Red Bush a aimsiú (toisc iad a bheith an-bheag) agus d’iarr Nortier ar mhuintir na háite, arbh othair leis cuid acu, na síolta a lorg sna hithreacha gainimh agus roinnt acu a bhailiú lena aghaidh. Thug bean Khoi bosca cipíní dó a bhí lán le síolta agus chuir sé eolas ina dhiaidh sin ar an gcleas rúnda a bhí aici. Leanadh sí na seangáin a bhí ag tarraingt shíolta Rooibos/Red Bush ar a ndroim chuig a neadacha. D’oscail sí na neadacha ansin chun na síolta a bhailiú, d’fhág sí roinnt acu ann i gcónaí ionas go mairfeadh na seangáin. Tá an modh bailithe síolta sin in úsáid ag roinnt bailitheoirí síolta go fóill. Bhí Nortier ag iarraidh na síolta a iomadú agus fuair sé amach nach bpéacfaidís go dtí go mbrisfí oscailte iad ar dtús – chun aithris a dhéanamh ar éifeacht na falscaí. Shaothraigh Nortier na chéad phlandaí ar fheirm Klein Kliphuis gar do Clanwilliam. D’fhoghlaim sé gur cheart na síolta a chur i mí Eanáir agus gur díreach tar éis báisteach throm agus nuair a bhíonn níos mó báistí le teacht, gurb é sin an t-am is fearr chun na mionsíológa a thrasphlandú. Chomh maith leis sin, spreag Nortier feirmeoirí áitiúla agus ghríosaigh sé iad chun tosú ar Rooibos/Red Bush a shaothrú. Úsáidtear na modhanna bailithe síolta agus na modhanna sciúrtha síolta sin sa lá atá inniu ann fós agus déantar Aspalathus linearis a tháirgeadh faoi dhálaí talún tirime ós rud go bhfuil an planda in oiriúint do shamhraí tirime teo. Bíonn tionchar ag dálaí an chomhshaoil sin ar chomhdhéanamh ceimiceach Rooibos / Red Bush, go háirithe an leibhéal agus an cineál polaifeanóil atá sa táirge deiridh. Rinne táirgeoirí Rooibos/Red Bush an chaoi a mbainistíonn siad an talamh agus a gcleachtais táirgthe a chur in oiriúint do dhálaí géara an réigiúin. Mar shampla, ní féidir dóiteán a úsáid chun limistéir a ghlanadh lena saothrú ós rud é go scriostar ábhar orgánach na hithreach. Thairis sin, tá ról tábhachtach ag an mbarr cumhdaigh le linn céimeanna éagsúla an phróisis saothraithe agus is gnáthchleachtas í an churaíocht laghdaithe nó an churaíocht chaomhnaithe. Déantar an bhuaint i gcaitheamh mhíonna tirime an tsamhraidh ó mhí na Samhna go mí na Bealtaine agus ní mór 20 % d’ábhar an phlanda a fhágáil ar an bplanda féin. Ní mór an t-ábhar úrbhuainte a bheith sa chlós triomaithe tae laistigh de 72 uair an chloig tar éis a bhuainte agus úsáidtear gearrthóir meicniúil chun na gais agus na duilleoga a laghdú ionas go mbeidh siad idir 1 – 10 mm ar fad. Maidir le Rooibos/Red Bush ocsaídithe, fágtar an t-ábhar úrbhuainte faoin ngrian i gcairn, atá ar aon dul le sraitheanna, ar an gcoincréit nó ar dhromchla carraige an chlóis triomaithe tae. Fliuchtar na sraitheanna, brúitear na duilleoga agus iompaítear na sraitheanna go tráthrialta go dtí go mbeidh an dlús ceart ann, agus scaiptear amach go tanaí iad ina dhiaidh sin ar an gclós triomaithe tae lena dtriomú. Maidir le Rooibos/Red Bush neamhocsaídithe (glas), scaiptear amach go tanaí na duilleoga agus na gais ar an gclós triomaithe tae tar éis a ngearrtha i bpíosaí 1 – 10 mm ar fad. Is minic a go ndeirtear i leith phróiseas an chlóis triomaithe tae gur foirm ealaíne atá ann agus go bhfuil sé ar cheann de na codanna is criticiúla i bpróiseas táirgthe Rooibos/Red Bush agus tá saineolas agus oilteacht ag teastáil. Coimeádann an déantóir tae súil ghéar ar dhath, ar uigeacht agus ar mhaothas an tae go dtí go bhfuil an dlús gallúnach ann a theastaíonn. Is gnáthmhodh é dornán tae fhliuch bhrúite a ghlacadh agus é a fháscadh go dtí go ndúntar an dorn agus má tá an leibhéal maothais i gceart, silfidh mionbhraon den sú trí na méara. Déanann sainghradóirí meastóireacht cháilíochta ar Rooibos/Red Bush de réir roinnt tosca, lena n-áirítear dath na nduilleog tirim insilte, déine, dath agus soiléireacht an insilte, chomh maith leis an mblastanas agus an blas. Úsáidtear painéil chéadfa oilte chun an blastanas agus an blas a mheas. Forbraíodh roth céadfaí agus is uirlis luachmhar é chun cumarsáid a éascú i measc tháirgeoirí, shainghrádóirí, mhargóirí, tithe blastanais, allmhaireoirí agus thomhaltóirí Rooibos/Red Bush. Chun cabhrú le léirmhíniú na dtuairisceoirí, forbraíodh réamhfhoclóir céadfaí le haghaidh roinnt de na dtuairisceoirí chomh maith.

Sainiúlacht an táirge

Tuairiscítear thuas saintréithe céadfacha uathúla (nó an blastanas agus an bhraistint sa bhéal) Rooibos/Red Bush. Tá na tuairiscí sin bunaithe ar anailís ar thacar samplach mór agus déantar taifead iontu ar lorg céadfach Rooibos/Red Bush. Ceimic fheanólach choimpléascachAspalathus linearis is cúis leis na saintréithe céadfacha uathúla sin atá in Rooibos/Red Bush. Tá comhdhéanamh flavonóidigh Rooibos/Red Bush uathúil sa mhéid go bhfuil aspalaitin agus aspalalainin ann, chomh maith leis na comhdhúile neamhchoitianta notafaigin agus glúcóisíd aigéid fheinilpiorúvaigh eanólaigh. Cé go bhfuil na flavonóidigh go flúirseach i ríocht na bplandaí, go dtí seo, níor aimsíodh aspalaitin ach in Aspalathus linearis, rud is cúis leis na saintréithe céadfacha uathúla ann. Tugadh le fios sa roinn roimhe seo gur taifeadadh 250 bliain ó shin, den chéad uair riamh, gur úsáideadh duilleoga agus gais thriomaithe Rooibos/Red Bush mar ábhar tae. Is samhail chultúrtha den Afraic Theas ó shin i leith é mar gheall ar a bhlastanas torthaíoch milis, toisc é a bheith saor ó chaiféin agus toisc a laghad tainnine atá ann. Léiríodh i suirbhéanna a rinneadh in 2005 go bhfuil tae Rooibos/Red Bush ar cheann de na deich mbia a chaitear i lonnaíocht neamhfhoirmeálta san Afraic Theas.

Versions

  1. 2021-05-28