Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/876 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar údarú agus tuarascálacha athbhreithniúcháin i ndáil leis na húsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide agus i ndeisiú earraí agus táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

In forceVersion 2021-05-31from 2021-06-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/876@2021-05-31/ga

Contents
  1. Preamble
  2. Airteagal 1
  3. Airteagal 2
  4. 1. a)
  5. 2.
  6. Airteagal 3
  7. ANNEX
  8. IARSCRÍBHINN VI 1. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 2. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 Táillí le haghaidh iarratais ar údarú faoi Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 Táillí caighdeánacha Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Táillí laghdaithe le haghaidh micrifhiontar Táillí caighdeánacha Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Táillí laghdaithe le haghaidh micrifhiontar
  9. IARSCRÍBHINN VII 1. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 2. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 Muirir le haghaidh iarratais ar údarú faoi Airteagal 61 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 Muirir chaighdeánacha Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Muirir chaighdeánacha Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Muirir laghdaithe le haghaidh micrifhiontar

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 74 (1) agus Airteagal 132 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Le hAirteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 leagtar amach ceanglas údaraithe chun substaintí ar údar mór imní iad a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin a chur ar an margadh agus a úsáid. I gcásanna áirithe, is ualach riaracháin sonrach ar ghnóthais atá i gcomhlíonadh an cheanglais sin. D’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht an 18 Meitheamh 2014 dar teideal Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT): Staid na hImeartha agus Ionchas go raibh breithniú á dhéanamh aige próiseas an údaraithe a shimpliú i roinnt cásanna sonracha. I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2018 dar teideal Tuarascáil Ghinearálta ón gCoimisiún maidir le hoibriú REACH agus athbhreithniú ar ghnéithe áirithe, sainaithníodh simpliú na n-iarratas ar úsáid leantach substaintí ar údar mór imní iad i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide mar cheann de na gníomhaíochtaí.

(2) I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal An Ciorcal a shlánú – Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach tugtar tuairisc ar an gcaoi a gcabhraíonn fadú saolré táirgí trí dheisiú le diomailt a sheachaint. I gconclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2016 maidir leis an bplean gníomhaíochta sin iarrtar ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na tionscnaimh a fhéadfaidh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun gur féidir saolré táirgí a fhadú, go háirithe trí infhaighteacht páirteanna spártha a chur chun cinn.

(3) Chun dífheidhmeacht anabaí a sheachaint d’earraí nó do tháirgí casta nach dtáirgfear a thuilleadh tar éis na ndátaí deiridh dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is gá leanúint de pháirteanna spártha chomh maith le substaintí agus meascáin atá riachtanach chun na hearraí nó na táirgí casta sin a dheisiú a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. I gcás ina úsáideadh substaint a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 chun na hearraí nó na táirgí casta sin a tháirgeadh agus, i gcás nach bhféadfar an pháirt spártha a tháirgeadh tar éis an dáta deiridh nó nach bhféadfaí an táirge a dheisiú gan an tsubstaint sin a úsáid, ba cheart na ceanglais maidir le hinneachar an iarratais ar údarú agus inneachar na tuarascála athbhreithniúcháin ar údarú i gcomhair na n-úsáidí sin a shoiléiriú ar mhaithe leis na hiarratais sin ar údarú a shimpliú.

(4) Maidir leis an anailís ar roghanna malartacha dá dtagraítear in Airteagal 62(4)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, lena léirítear nach dtáirgfear an t-earra nó an táirge casta a thuilleadh tar éis an dáta deiridh, nach bhféadfadh sé feidhmiú mar a beartaíodh dó gan an pháirt spártha agus nach bhféadfadh an pháirt spártha sin a tháirgeadh gan an tsubstaint, nó nach bhféadfar an táirge casta a dheisiú ar bhealach ar bith eile seachas tríd an tsubstaint a úsáid, ba cheart a mheas gur leor an méid sin chun tuairim a thabhairt ar an easpa roghanna malartacha oiriúnacha atá ann. Ós rud é go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar úsáid na substainte i dtáirgeadh na bpáirteanna spártha sin nó i ndeisiú na n-earraí nó na dtáirgí casta sin, ó tharla gur le haghaidh táirge nach dtáirgtear a thuilleadh an úsáid a bheartaítear di, agus ós rud é gur dócha go mbeidh na costais ionadaíochta a bhaineann le taighde agus forbairt, tástáil, cáilíocht agus tionsclú na roghanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh na n-úsáidí sin ard i bhfianaise go bhfuiltear ag súil le go dtiocfaidh laghdú ar an treocht, meastar go bhfuil údar leis an bhforáil sin.

(5) Ar an gcaoi chéanna, an réasúnú lena léirítear nach dtáirgfear an t-earra nó an táirge casta a thuilleadh tar éis an dáta deiridh, nach bhféadfaidh sé feidhmiú mar a beartaíodh dó gan an pháirt spártha agus nach bhféadfar an pháirt spártha sin a tháirgeadh gan an tsubstaint, nó nach bhféadfar an t-earra ná an táirge casta a dheisiú ar bhealach ar bith eile seachas tríd an tsubstaint a úsáid, ba cheart a mheas gur leor an méid sin chun na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann leis an tsubstaint a úsáid san anailís shocheacnamaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 62(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a léiriú. I gcás nach mbeadh páirteanna spártha ar fáil nó mura mbeifí in ann earraí nó táirgí casta a dheisiú nach dtáirgtear a thuilleadh gan an tsubstaint sin a bheith ann, bheadh an t-earra sin nó na dtáirgí casta sin as feidhm go hanabaí roimh dheireadh a saolré úsáide agus, dá bhrí sin, dhéanfaí iad a dhiúscairt roimh am, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le costais arda d’oibreoirí, do thomhaltóirí nó don tsochaí. Thairis sin, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar líon na n-úsáidí agus ar chainníochtaí na substainte a úsáidtear le haghaidh na bpáirteanna spártha sin, rud a fhágfaidh go laghdófar an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a bhaineann le nochtadh don tsubstaint a úsáidtear nó le hastú na substainte sin. Dá bhrí sin, is iomchuí go gcuirfidh an t-iarratasóir ábhar na hanailíse socheacnamaíche ar fáil i bhfoirm gonta, ar ábhar é dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 62(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tá an méid sin gan dochar don bhreithniú ar an riosca a bhaineann le húsáid na substainte do shláinte an duine nó don chomhshaol agus don ghá atá leis an iarratasóir a léiriú gur mó na tairbhí shocheacnamaíocha ná an riosca sin.

(6) Maidir le soiléiriú ar inneachar na n-iarratas ar údarú i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha le haghaidh deisithe nó i ndeisiú earraí agus táirgí casta nach dtairgtear a thuilleadh, ba cheart gurbh é an toradh a bheadh air sin laghdú ar ualach oibre na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (an Ghníomhaireacht) agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar údarú sna cásanna sonracha sin. Ba cheart na táillí a thoibheofar ar na hiarratais sin a bheith comhréireach le hualach oibre ionchasach na Gníomhaireachta i gcásanna den sórt sin agus, dá bhrí sin, go laghdófaí iad nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an táille a thoibheofar ar na hiarratais ar úsáidí eile. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart na táillí is infheidhme maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar údaruithe arna ndeonú i gcomhair na n-úsáidí sin a laghdú de réir na cionmhaireachta céanna.

(7) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin.

(8) Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme Airteagal 61(1), Airteagal 62(4)(e) agus Airteagal 62(5)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le hiarratais ar údarú agus ar thuarascálacha athbhreithniúcháin i ndáil le haon cheann de na húsáidí seo a leanas a bhaintear as substaint, léi féin nó i meascán, a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin:

Airteagal 1

(a) páirteanna spártha a tháirgtear mar earraí nó mar tháirgí casta chun earraí nó táirgí casta a dheisiú a bhfuil deireadh tagtha lena dtáirgeadh nó a mbeidh deireadh tagtha lena dtáirgeadh roimh dháta deiridh na substainte sin a shonraítear in Iarscríbhinn XIV, i gcás inar úsáideadh an tsubstaint sin i dtáirgeadh na n-earraí nó na dtáirgí casta agus nach bhféadfadh siad feidhmiú mar a bheartaítear gan an pháirt spártha sin agus nach bhféadfar an pháirt spártha a tháirgeadh gan an tsubstaint sin (táirgeadh páirteanna spártha leagáide);

(b) earraí nó táirgí casta a dheisiú, a bhfuil deireadh tagtha lena dtáirgeadh nó a mbeidh deireadh tagtha lena dtáirgeadh roimh dháta deiridh na substainte sin a shonraítear in Iarscríbhinn XIV, i gcás inar úsáideadh an tsubstaint sin le linn do na hearraí sin nó na táirgí casta sin a tháirgeadh agus nach bhféadfar iad a dheisiú seachas trí úsáid a bhaint as an tsubstaint sin (earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh a dheisiú).

Airteagal 2

1. Maidir le hiarratas ar údarú de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, measfar go gcomhlíonann sé pointe (e) d’Airteagal 62(4) den Rialachán sin nuair a áirítear ann an méid seo a leanas:

1. a)

tuairisc agus anailís ar fheidhm na substainte, agus

b)

réasúnú lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí.

2. Maidir le hiarratas ar údarú de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, measfar go gcomhlíonann sé pointe (a) d’Airteagal 62(5) den Rialachán sin nuair a áirítear ann an méid seo a leanas:

2.

(a) tuairisc gonta ar an tionchar ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol i gcomhréir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sa tuarascáil ar shábháilteacht cheimiceach;

(b) tuairisc ghonta ar na tairbhí shocheacnamaíocha maidir leis an úsáid a ndéantar iarratas ina leith, lena n-áirítear réasúnú lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí;

(c) conclúid bunaithe ar chomparáid idir na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le húsáid na substainte a ndéantar iarratas ina leith, mar a thuairiscítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo.

3. I gcás ina gcuirtear isteach an t-iarratas ar údarú i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, faisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, mar aon le rannchuidiú tríú páirtí maidir le roghanna malartacha a d’fhéadfaí a bheith ann a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 64(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is leor an fhaisnéis sin chun measúnú a dhéanamh ar na tosca socheacnamaíocha agus ar oiriúnacht na roghanna malartacha a bhaineann le húsáid na substainte.

4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le tuarascálacha athbhreithniúcháin a chuirtear isteach de bhun Airteagal 61(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a bhaineann le húdarú arna dheonú i gcomhair substaint a úsáid i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh.

5. Faoin 5 Iúil 2021 cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (an Ghníomhaireacht) ar fáil go poiblí formáidí sonracha chun anailís a dhéanamh ar roghanna malartacha agus an anailís shocheacnamaíoch a úsáidfear in iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh, chomh maith le tuarascálacha athbhreithniúcháin a bhaineann le húdarú arna dheonú i gcomhair na n-úsáidí sin, arna gcur isteach i gcomhréir leis an Rialachán seo, ina léireofar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 3 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 340/2008 mar a leanas:

Airteagal 3

(1) In Airteagal 8(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír: Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille laghdaithe mar a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo ar iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide chun earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh a dheisiú mar a thuairiscítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/876 ón gCoimisiún agus i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh mar a thuairiscítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán sin, a cuireadh isteach i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(2) In Airteagal 9(2), cuirtear an fhomhír a leanas tar éis an cheathrú fomhír deiridh: Toibheoidh an Ghníomhaireacht muirear laghdaithe mar a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo ar iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide chun earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh a dheisiú mar a thuairiscítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/876 agus i ndeisiú earraí nó táirgí casta nach dtáirgtear a thuilleadh mar a thuairiscítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 den Rialachán sin, a cuireadh isteach i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(3) Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní VI agus VII.

Airteagal 4 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Bealtaine 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen

ANNEX

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN VI 1. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 2. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 Táillí le haghaidh iarratais ar údarú faoi Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 Táillí caighdeánacha Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Táillí laghdaithe le haghaidh micrifhiontar Táillí caighdeánacha Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Táillí laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Táillí laghdaithe le haghaidh micrifhiontar

Táillí le haghaidh iarratais ar údarú Buntáille EUR 54100 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 10820 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 48690 Buntáille EUR 40575 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 8115 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 36518 Buntáille EUR 24345 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 4869 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 21911 Buntáille EUR 5410 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 1082 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 4869 Táillí le haghaidh iarratais ar údarú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nach dtáirgtear a thuilleadh nó táirgí casta dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an cúigiú fomhír Buntáille EUR 27050 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 5410 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 24345 Buntáille EUR 20287 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 4057 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 18259 Buntáille EUR 12172 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 2434 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 10955 Buntáille EUR 2705 Táille bhreise in aghaidh na substainte EUR 541 Táille bhreise in aghaidh na húsáide EUR 2434

IARSCRÍBHINN VII 1. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 2. Tábla 1 Tábla 2 Tábla 3 Tábla 4 Muirir le haghaidh iarratais ar údarú faoi Airteagal 61 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 Muirir chaighdeánacha Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Muirir chaighdeánacha Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair mheánmhéide Muirir laghdaithe le haghaidh fiontair bheaga Muirir laghdaithe le haghaidh micrifhiontar

Muirir le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar údarú Bunmhuirear EUR 54100 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 10820 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 48690 Bunmhuirear EUR 40575 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 8115 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 36518 Bunmhuirear EUR 24345 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 4869 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 21911 Bunmhuirear EUR 5410 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 1082 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 4869 Muirir le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar údarú arna dheonú i gcomhair úsáidí a bhaintear as substaintí i dtáirgeadh páirteanna spártha leagáide nó i ndeisiú earraí nach dtáirgtear a thuilleadh nó táirgí casta dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 9(2) Bunmhuirear EUR 27050 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 5410 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 24345 Bunmhuirear EUR 20287 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 4057 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 18259 Bunmhuirear EUR 12172 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 2434 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 10955 Bunmhuirear EUR 2705 Muirear breise in aghaidh na substainte EUR 541 Muirear breise in aghaidh na húsáide EUR 2434

Versions

  1. 2021-05-31