Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/913 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe do mhiasniteoirí tí arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2022 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017
Grade B
mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.
Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/913@2021-06-03/ga
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le táirge ar cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm ina leith agus ar foilsíodh a uimhreacha tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní mór do na Ballstáit a mheas go gcomhlíonann an táirge sin ceanglais ábhartha uile an bhirt cur chun feidhme is infheidhme lena mbaineann na caighdeáin sin. Leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa le haghaidh miasniteoirí tí.
(2) I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tar éis gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán sin ina socraítear ceanglais shonracha maidir le lipéadú, foilseoidh an Coimisiún tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm le linn measúnú comhréireachta táirge, measfar go bhfuil na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe á gcomhlíonadh ag an múnla. Leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis na ceanglais tomhais agus ríofa le haghaidh miasniteoirí tí.
(3) Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329, chuir an Coimisiún iarraidh isteach chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) chun na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana do mhiasniteoirí tí, do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí a athbhreithniú chun tacú le Rialacháin (AE) 2019/2022 agus (AE) 2019/2023 agus le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2014.
(4) Ar bhonn na hiarrata a leagadh amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329, rinne Cenelec an caighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020 a dhréachtú d’fhonn an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a thabhairt san áireamh. Ghlac Cenelec leasú EN 60436:2020/A11:2020 agus ceartúchán EN 60436:2020/AC:2020-6 ar an gcaighdeán sin chomh maith.
(5) Rinne an Coimisiún in éineacht le Cenelec measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020, arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-6, an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4329.
(6) Comhlíonann an caighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020, arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-6, na ceanglais is aidhm leis a chumhdach, ar ceanglais iad a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2022 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017.
(7) Is gá a shoiléiriú cé na leaganacha de chaighdeáin dá dtagraítear sa chlásal 3 Modhnú ar Chlásal 2 Tagairtí normatacha de chaighdeán EN 60436:2020 atá le cur i bhfeidhm chun críocha na toimhde comhréireachta.
(8) An colún Barúlacha/Nótaí* a ghabhann le Tábla ZZA.1 i gcaighdeán EN 60436:2020 chun críocha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 agus an colún Barúlacha/Nótaí* a ghabhann le Tábla ZZB.1 i gcaighdeán EN 60436:2020 chun críocha Rialachán (AE) 2019/2022, níor cheart iad a fhoilsiú mar gheall ar neamhréireacht na gcolún sin le ceanglais i bpríomhchorp normatach an chaighdeáin agus mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil a eascraíonn as léirmhíniú éifeacht dhlíthiúil na toimhde comhréireachta a áirítear san fhonóta a ghabhann leis na colúin sin.
(9) Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020, arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus ceartaithe le EN 60436:2020/AC:2020-6, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srian.
(10) Cuirtear an caighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020 in ionad an chaighdeáin chomhchuibhithe EN 50242:2016, arna fhoilsiú le teachtaireacht 2016/C 416/05 ón gCoimisiún. Is iomchuí, dá bhrí sin, an Teachtaireacht sin a aisghairm.
(11) Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1 Déantar leis seo an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le lipéadú fuinnimh miasniteoirí tí, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srian. Déantar leis seo an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le héicidhearthóireacht miasniteoirí tí, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2022 agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srian.
Airteagal 2 Aisghairtear Teachtaireacht 2016/C 416/05.
Airteagal 3 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2021. Thar ceann an Choimisiúin An tUachtarán Ursula von der Leyen
ANNEX
EN 60436:2020 Miasniteoirí leictreacha atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas EN 60436:2020/A11:2020 EN 60436:2020/AC:2020-6 Srianta:
IARSCRÍBHINN I Tagairt don chaighdeán comhchuibhithe arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017
grp_1
(a) chun críocha an chlásail 2 Thagairt normatacha, beidh feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin chomhchuibhithe:
(a)
(i) EN 50564:2011;
(ii) EN 50643:2018 arna leasú le EN 50643:2018/A1:2020;
(iii) EN 60704-2-3:2019;
(iv) EN 60704-2-3:2019 arna leasú le EN 60704-2-3:2019/A11:2019;
(v) EN 60705:2015 arna leasú le EN 60705:2015/A2:2018;
(vi) EN 60734:2012;
(vii) ISO 607:1980.
(b) ní chlúdaítear san fhoilseachán seo an colún Barúlacha/Nótaí* a ghabhann le Tábla ZZA.1.
EN 60436:2020 Miasniteoirí leictreacha atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas EN 60436:2020/A11:2020 EN 60436:2020/AC:2020-6 Srianta:
IARSCRÍBHINN II Tagairt don chaighdeán comhchuibhithe arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2022
grp_1
(a) chun críocha an chlásail 2 Thagairt normatacha, beidh feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin chomhchuibhithe:
(a)
(i) EN 50564:2011;
(ii) EN 50643:2018 arna leasú le EN 50643:2018/A1:2020;
(iii) EN 60704-2-3:2019;
(iv) EN 60704-2-3:2019 arna leasú le EN 60704-2-3:2019/A11:2019;
(v) EN 60705:2015 arna leasú le EN 60705:2015/A2:2018;
(vi) EN 60734:2012;
(vii) ISO 607:1980.
(b) ní chlúdaítear san fhoilseachán seo an colún Barúlacha/Nótaí* a ghabhann le Tábla ZZB.1.