Gelex

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

In forceVersion 2021-06-21
Grade B

mapped from publisher markup. A grade says how a document's structure was obtained, not how reliable the law is.

Ask Gelex about this law

Address https://gelex.eu/eli/EU/act/2021/999@2021-06-21/ga

Contents
  1. Preamble
  2. ANNEX

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis, agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis.

(2) An 24 agus an 25 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go láidir tuirlingt éigeantach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021 a chuir an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol, agus coinneáil an iriseora Raman Pratasevich agus Sofia Sapega ag údaráis na Bealarúise. D’iarr sí ar an gComhairle liostuithe breise daoine agus eintiteas a ghlacadh a luaithe ab fhéidir ar bhonn an chreata ábhartha smachtbhannaí.

(3) I bhfianaise thromchúis an teagmhais sin, ba cheart aon eintiteas amháin eile a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(4) Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021. Thar ceann na Comhairle An tUachtarán J. Borrell Fontelles

ANNEX

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1) cuirtear an t-eintiteas seo a leanas leis an tábla B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1): Ainmneacha Traslitriú an litrithe Bealarúisise Traslitriú an litrithe Rúisise Ainmneacha (Litriú Bealarúisise) (Litriú Rúisise) Faisnéis aitheantais Cúiseanna lena liostú Dáta an liostaithe 15. Belaeronavigatsia Fiontar faoi úinéireacht stáit Bealarúiseach: Белаэронавiгация Дзяржаўнае прадпрыемства Seoladh: 19 Korotkevich Str., Minsk, 220039, Republic of Belarus Teil. : Teil.:+375 (17) 215-40-51 Tá BELAERONAVIGATSIA, fiontar faoi úinéireacht stáit, freagrach as rialú aerthráchta na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh dar shiocair pholaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis. 21.6.2021 Rúiseach: Белаэронавигация Государственное предприятие Facs: Teil.:+375 (17) 213-41-63 Suíomh gréasáin: http://www.ban.by/ Rphost: office@ban.by Dáta clárúcháin: 1996 Tá BELAERONAVIGATSIA, fiontar faoi úinéireacht stáit, freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Versions

  1. 2021-06-21